EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CN0035

Cás C-35/23, Greislzel: Iarraidh ar réamhrialú ó Oberlandesgericht Frankfurt am Main (an Ghearmáin) a taisceadh an 25 Eanáir 2023 – Athair v Máthair

IO C 112, 27.3.2023, p. 27–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/27


Iarraidh ar réamhrialú ó Oberlandesgericht Frankfurt am Main (an Ghearmáin) a taisceadh an 25 Eanáir 2023 – Athair v Máthair

(Cás C-35/23, Greislzel (1))

(2023/C 112/35)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Oberlandesgericht Frankfurt am Main

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir is achomharcóir: Athair

Cosantóir is freagróir: Máthair

Páirtithe sna himeachtaí: Leanbh L, Dlíodóir (Caomhnóir ad litem)

Na ceisteanna a tharchuirtear

Cé mhéad is atá an tsásra rialála dá bhforáiltear in Airteagal 10 agus Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 (2) (“Rialachán IIa na Bruiséile”) teoranta d’imeachtaí i dtaobh chaidreamh Bhallstáit AE lena chéile?

Go sonrach:

1.

An bhfuil feidhm ag Airteagal 10 de Rialachán IIa na Bruiséile, agus an toradh air sin go bhfuil dlínse leanúnach ag na cúirteanna sa Stát iarchónaithe, i gcás ina raibh a ghnátháit chónaithe ag an leanbh i mBallstát AE (an Ghearmáin) sular aistríodh é agus sular seoladh na himeachtaí um thabhairt ar ais faoi Choinbhinsiún na Háige maidir le fuadach idirnáisiúnta leanaí idir Ballstát (an Pholainn) agus tríú Stát (an Eilvéis) agus inar diúltaíodh, sna himeachtaí sin, an leanbh a thabhairt ar ais?

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1:

2.

Cad iad na ceanglais nach mór a fhorchur i gcomhthéacs Airteagal 10(b)(i) de Rialachán IIa na Bruiséile chun a chruthú go bhfuil dlínse leanúnach ann?

3.

An bhfuil feidhm ag Airteagal 11(6) go (8) de Rialachán IIa na Bruiséile freisin maidir le himeachtaí um thabhairt ar ais arna seoladh faoi Choinbhinsiún na Háige maidir le fuadach idirnáisiúnta leanaí i dtaobh an chaidrimh idir tríú Stát agus Ballstát den Aontas mar Stát tearmainn a mhéid is go raibh a ghnátháit chónaithe ag an leanbh i mBallstát eile sula aistríodh é?


(1)  Is le hainm bréige a thagraítear don chás seo, nach gcomhfhreagraíonn le fíorainm aon pháirtí sna príomhimeachtaí.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle an 27 Samhain 2003 maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000 (IO 2003 L 338, lch. 1).


Top