EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CJ0011

Breithiúnas na Cúirte (An Tríú Dlísheomra) 2024 Feabhra 29.
Eventmedia Soluciones SL v Air Europa Líneas Aéreas SAU.
Tarchur chun réamhrialú – Aeriompar – Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 – Airteagal 5(1) agus (3) – Airteagal 7(1) – Cúiteamh d’aerphaisinéirí i gcás ina gcuirfear eitilt ar ceal – Cineál agus bonn an chirt chun cúitimh – Éileamh na bpaisinéirí i gcoinne an aeriompróra a aistriú chuig cuideachta – Clásal conarthach lena gcuirtear cosc ar aistriú den sórt sin – Airteagal 15 – Tarscaoileadh a eisiamh.
Cás C-11/23.

Court reports – general – 'Information on unpublished decisions' section

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2024:194

Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Tríú Dlísheomra)

29 Feabhra 2024 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – Aeriompar – Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 – Airteagal 5(1) agus (3) – Airteagal 7(1) – Cúiteamh d’aerphaisinéirí i gcás ina gcuirfear eitilt ar ceal – Cineál agus bonn an chirt chun cúitimh – Éileamh na bpaisinéirí i gcoinne an aeriompróra a aistriú chuig cuideachta – Clásal conarthach lena gcuirtear cosc ar aistriú den sórt sin – Airteagal 15 – Tarscaoileadh a eisiamh)

I gCás C‑11/23,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Juzgado de lo Mercantil n.º 1 de Palma de Mallorca (Cúirt Tráchtála Uimh. 1, de Palma de Mallorca, an Spáinn), trí bhreith an 31 Deireadh Fómhair 2022, a fuarthas ag an gCúirt an 12 Eanáir 2023, sna himeachtaí

Eventmedia Soluciones SL

v

Air Europa Líneas Aéreas SAU,

tugann AN CHÚIRT (an Tríú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Jürimäe (Rapóirtéir), Uachtarán Dlísheomra, K. Lenaerts, Uachtarán na Cúirte Breithiúnais, ag gníomhú mar Bhreitheamh den Triú Dlísheomra, N. Piçarra, N. Jääskinen agus M. Gavalec, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Szpunar,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        Eventmedia Soluciones SL, ag R. M. Jiménez Varela, procuradora, agus A. M. Martínez Cuadros, abogada,

–        Air Europa Líneas Aéreas SAU, ag N. de Dorremochea Guiot, procurador, agus E. Olea Ballesteros, abogado,

–        Rialtas na Spáinne, ag L. Aguilera Ruiz, i gcáil Gníomhaire,

–        Rialtas na Liotuáine, ag S. Grigonis agus V. Kazlauskaitė-Švenčionienė, i gcáil Gníomhairí,

–        an Coimisiún Eorpach, ag J.L. Buendía Sierra, N. Ruiz García agus G. Wilms, i gcáil Gníomhairí,

tar éis cinneadh a dhéanamh, i ndiaidh an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breith a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagal 5(1)(c) agus (3), Airteagal 7(1) agus Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO 2004 L 46, lch. 1), agus Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO 1993 L 95, lch. 29).

2        Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir Eventmedia Soluciones SL (‘Eventmedia’), aistriú an éilimh do sheisear aerphaisinéirí, agus Air Europa Líneas Aéreas SAU (‘Air Europa’) maidir le cúiteamh as eitilt a cuireadh ar ceal.

 Dlí an Aontais Eorpaigh

 Rialachán (CE) Uimh. 44/2001

3        Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle an 22 Nollaig 2000 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO 2001 L 12, lch. 1), foráiltear mar a leanas in Airteagal 5(1)(a):

‘Duine a bhfuil sainchónaí air i mBallstát amháin, féadfar an dlí a agairt air i mBallstát eile:

1.      (a)      in ábhair a bhaineann le conradh, sna cúirteanna don áit i gcomhair chomhlíonadh na hoibleagáide áirithe […]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Rialachán Uimh. 261/2004

4        Foráiltear le haithrisí 1, 7 agus 20 de Rialachán Uimh. 261/2004 mar a leanas:

‘(1)      Ba cheart, go háirithe, go mbeadh sé mar aidhm ag gníomhaíocht an Chomhphobail i réimse an aeriompair ardleibhéal cosanta do phaisinéirí a áirithiú. Thairis sin, ba cheart go dtabharfaí aird iomlán ar na riachtanais atá ann maidir le cosaint tomhaltóirí i gcoitinne.

[...]

(7)      Chun forghníomhú éifeachtach an Rialachán seo a áirithiú, ba cheart go dtitfeadh na hoibleagáidí a eascraíonn as sin ar an aeriompróir oibríochta a fheidhmíonn nó a bhfuil sé ar intinn aige eitilt a fheidhmiú, is cuma an leis an aerárthach é nó an bhfuil an t‑aerárthach ina ábhar de chomhaontú léasa thirim (dry lease) nó trí chomhaontú léasa fhliuch (wet lease), nó a thagann faoi réimeas ar bith eile.

[...]

(20)      Ba cheart go gcuirfí paisinéirí ar an eolas go hiomlán maidir lena gcearta i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, chun na cearta sin a fheidhmiú go héifeachtach.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5        Seo a leanas foclaíocht Airteagal 1(1)(b) den Rialachán sin:

‘Bunaítear leis an Rialachán seo, faoi na coinníollacha a leagtar síos ann, cearta íosta do phaisinéirí sna cásanna seo a leanas:

[...]

(b)      i gcás ina gcuirfear a n‑eitilt ar ceal [...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6        Sainmhínítear ‘aeriompróir oibríochta’ le hAirteagal 2(b) den Rialachán sin mar ‘aeriompróir a fheidhmíonn nó a bhfuil sé ar intinn aige eitilt a fheidhmiú faoi chonradh le paisinéir nó ar son duine eile, bíodh sé dlítheanach nó nádúrtha, a bhfuil conradh ag an aeriompróir oibríochta leis an bpaisinéir sin’.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7        Foráiltear in Airteagal 3(5) den Rialachán sin, dar teideal ‘Raon feidhme’, an méid seo a leanas:

‘Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon aeriompróir oibríochta a chuirfidh iompar ar fáil do phaisinéirí a chumhdaítear le míreanna 1 agus 2. I gcás ina gcomhlíonfaidh aeriompróir oibríochta, nach bhfuil aon chonradh aige leis an bpaisinéir, oibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo, measfar go mbeidh sé á gcomhlíonadh thar ceann an duine a bhfuil conradh aige leis an bpaisinéir sin.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8        Faoi théarmaí Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 261/2004, dar teideal ‘Cealuithe’:

‘1.      I gcás ina gcuirfear eitilt ar ceal, beidh na paisinéirí lena mbaineann:

[...]

(c)      i dteideal cúiteamh ón aeriompróir oibríochta i gcomhréir le hAirteagal 7, mura [gcuirtear ar an eolas iad faoi chealú na heitilte].

[...]

(3)      Ní bheidh sé d’oibleagáid ar aeriompróir oibríochta cúiteamh a íoc i gcomhréir le hAirteagal 7 más féidir leis a chruthú gur cuireadh an eitilt ar ceal mar gheall ar imthosca urghnácha agus nárbh fhéidir an cealú sin a sheachaint fiú dá ndéanfaí gach beart réasúnta.

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

9        Foráiltear leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 7(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘An ceart chun cúitimh’, an méid seo a leanas:

‘I gcás ina ndéantar tagairt don Airteagal seo, gheobhaidh paisinéirí cúiteamh de:

(a)      EUR 250 do gach eitilt 1 500 ciliméadar nó níos lú;

(b)      EUR 400 do gach eitilt laistigh den Chomhphobal níos mó ná 1 500 ciliméadar agus do gach eitilt eile idir 1 500 agus 3 500 ciliméadar;

(c)      EUR 600 do gach eitilt nach dtagann faoi mhíreanna (a) nó (b).’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

10      Foráiltear le hAirteagal 15 den Rialachán sin, dar teideal ‘Tarscaoileadh a eisiamh’:

‘1.      Ní dhéanfar na hoibleagáidí i leith paisinéirí de bhun an Rialacháin seo a theorannú ná a tharscaoileadh, go háirithe trí mhaolú nó trí chlásal sriantach sa chonradh iompair.

2.      Más rud é, áfach, go gcuirtear maolú nó clásal sriantach den sórt sin i bhfeidhm maidir le paisinéir, nó mura gcuirtear paisinéir ar an eolas go cuí faoina chearta agus dá bhrí sin go nglacann sé le cúiteamh atá níos ísle ná an méid dá bhforáiltear sa Rialachán seo, beidh an paisinéir i dteideal na himeachtaí is gá a thabhairt os comhair na cúirteanna nó na comhlachtaí inniúla chun cúiteamh breise a fháil’.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Treoir 93/13

11      Faoi Airteagal 6(1) de Threoir 93/13:

‘Déanfaidh na Ballstáit foráil nach mbeidh téarmaí éagóracha a úsáidtear i gconradh arna chur i gcrích le tomhaltóir ag díoltóir nó ag soláthróir ina gceangal ar an tomhaltóir, amhail dá bhforáiltear faoina ndlí náisiúnta, agus go leanfaidh an conradh de bheith ina cheangal ar na páirtithe de réir na dtéarmaí sin más féidir leis leanúint de bheith ann gan na téarmaí éagóracha’.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

12      Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 7(1) den Treoir sin:

‘Áiritheoidh na Ballstáit, ar mhaithe le leas na dtomhaltóirí agus n‑iomaitheoirí, gurb ann do mhodhanna leordhóthanacha agus éifeachtacha chun cosc a chur ar úsáid leanúnach a bhaint as téarmaí éagóracha i gconarthaí arna dtabhairt i gcrích le tomhaltóirí ag díoltóirí nó ag soláthróirí’.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

13      D’aistrigh seisear aerphaisinéirí lena mbaineann an eitilt a cuireadh ar ceal ó aerfort Viru Viru, Santa Cruz (an Bholaiv) go Maidrid (an Spáinn), a sceidealaíodh don 24 Márta 2022, a n‑éilimh ar chúiteamh i gcoinne Air Europa go Eventmedia, cuideachta tráchtála.

14      Ina dhiaidh sin, thug Eventmedia imeachtaí i gcoinne Aer Europa os comhair an Juzgado de lo Mercantil n.º 1 de Palma de Mallorca (Cúirt Tráchtála Uimh. 1, Palma de Mallorca, an Spáinn), arb í an chúirt a rinne an tarchur, chun cúiteamh EUR 600 a fháil do gach ceann de na paisinéirí sin, de bhun Rialachán Uimh. 261/2004.

15      Os comhair na cúirte sin, déanann Air Europa agóid i gcoinne seasamh chun imeachtaí a thionscnamh de chuid Eventmedia. Dar le Air Europa, ní raibh an t‑aistriú éilimh bailí ó thaobh an dlí de ós rud é gur sháraigh sé an toirmeasc ar chearta paisinéirí a aistriú dá bhforáiltear i gClásal 15.1 dá choinníollacha ginearálta iompair (‘an clásal atá i gceist’). Faoi théarmaí an chlásail seo, ‘cinntear dliteanas Aer Europa agus aon iompróra, i gcomhréir le hAirteagal 1, le coinníollacha iompair an iompróra a eiseoidh an ticéad, mura sonraítear sa mhalairt. Gabhann cearta an phaisinéara lena phearsa agus ní cheadaítear a n‑aistriú’.

16      Míníonn an chúirt a rinne an tarchur, faoi dhlí na Spáinne, go bhféadfadh aerphaisinéir a cheart nó a ceart chun cúitimh a agairt in imeachtaí dlíthiúla i gcoinne an aeriompróra oibríochta, dá bhforáiltear le Rialachán Uimh. 261/2004, faoi chuimsiú nós imeachta ‘simplithe’, gan dlíodóir a bheith ina ionadaí nó ina hionadaí. Go praiticiúil, is annamh a bhainfeadh aerphaisinéirí leas as an bhféidearthacht sin mar gheall ar an gcosaint a chuireann formhór na n‑aeriompróirí ina choinne nó ina coinne agus castacht na rialacha nós imeachta. Thairis sin, d’fhéadfadh aerphaisinéir mandáid ad litem a dheonú do dhlíodóir láithriú os comhair na cúirte ina ainm nó ina hainm agus thar a cheann nó thar a ceann.

17      Ar deireadh, i gcomhréir le dlí na Spáinne, d’fhéadfadh aerphaisinéir a cheart éilimh i gcoinne an aeriompróra a aistriú, go háirithe d’eintiteas a bhfuil saineolas aige maidir le hiarratais a cuireadh isteach faoi Rialachán Uimh. 261/2004. I gcás den sórt sin, cuirfear an t‑eintiteas seo sa nós imeachta ina ainm féin agus thar a cheann féin, ag cosaint a leasa mar an t‑eintiteas ar aistríodh an t‑éileamh chuige.

18      Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire go gcuirtear srian leis an gclásal atá i gceist ar an bhféidearthacht sin, i gcás aerphaisinéirí, chun a gcearta a aistriú. Ceistíonn sí dá bhrí sin comhoiriúnacht clásail den sórt sin le dlí an Aontais.

19      Ar an gcéad dul síos, measann an chúirt sin gur gá a chinneadh an ionann clásal atá i gcoinníollacha ginearálta an chonartha iompair agus lena dtoirmisctear aistriú cearta a bhaineann leis an aerphaisinéir agus na hoibleagáidí i leith aerphaisinéirí a thagann faoi Airteagal 15 de Rialachán Uimh. 261/2004 a theorannú. Dá mba rud é gurbh amhlaidh an cás, chuirfí an clásal atá i gceist ar neamhní go huathoibríoch toisc go bhfuil sé ag teacht salach ar riail éigeantach nó toirmeascach de réir bhrí dhlí na Spáinne.

20      Ina dhiaidh sin, measann an chúirt sin, i gcomhthéacs cineálacha cur chuige éagsúla arna nglacadh ag cúirteanna na Spáinne, go bhfuil sé fíor-riachtanach cineál an chirt chun cúitimh dá bhforáiltear in Airteagal 5 agus in Airteagal 7(1) de Rialachán Uimh. 261/2004 a chinneadh. Chuige sin, d’fhéadfadh breithiúnais an 7 Márta 2018, flightright agus páirtithe eile (C‑274/16, C‑447/16 agus C‑448/16, EU:C:2018:160, mír 63), agus an 26 Márta 2020, Primera Air Scandinavia (C‑215/18, EU:C:2020:235, mír 49), a thabhairt le tuiscint gur ceart de chineál conarthach é sin. A mhalairt air sin, toisc go bhfuil Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 261/2004, arna léamh i bhfianaise aithris 7 agus Airteagal 2(b) den Rialachán sin, a dhéanann an t‑aeriompróir oibríochta freagrach fiú mura bhfuil conradh tugtha i gcrích aige leis an aerphaisinéir, tugtar le fios go bhfaigheann an t‑aerphaisinéir an ceart chun cúitimh go díreach ón Rialachán sin.

21      De rogha air sin, i gcás nach gcuirtear cosc le hAirteagal 15 de Rialachán Uimh. 261/2004 ar chlásal lena dtoirmisctear aistriú cearta aerphaisinéara nó i gcás ina bhfuil bonn conarthach ag an gceart chun cúitimh dá bhforáiltear leis an Rialachán sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, ar deireadh, maidir le léiriú ar Threoir 93/13. Fiafraíonn sí, i ndáil leis sin, agus i gcás inarb iomchuí, faoi cén coinníollacha, an bhféadfadh sí, i ndíospóid idir beirt díoltóirí nó soláthróirí, a shuíomh ex officio, de bhrí go bhfuil, dar léi, clásal atá i gconradh arna thabhairt i gcrích idir duine de na díoltóirí nó na soláthróirí sin agus tomhaltóir a d’aistrigh a chearta chuig an díoltóir nó an soláthróir eile de chineál éagórach.

22      Sna himthosca sin, chinn an Juzgado de lo Mercantil n.º 1 de Palma de Mallorca (Cúirt Tráchtála Uimh. 1, Palma de Mallorca) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú:

‘(1)      An féidir cur san áireamh clásail, i gconradh aeriompair, amhail an [clásal atá i gceist], a mheas mar mhaolú neamh-inghlactha mar a luaitear in Airteagal 15 de [Rialachán Uimh. 261/2004], ar an bhforas go dteorannaítear leis oibleagáidí an iompróra trí shrian a chur leis an bhféidearthacht do na paisinéirí go gcomhlíonfar an ceart chun cúitimh mar gheall ar eitilt a cuireadh ar ceal tríd an éileamh a aistriú?

(2)      An féidir forálacha comhcheangailte Airteagal 7(1), [Airteagal] 5(1)(c) agus (3) de [Rialachán Uimh. 261/2004] a léiriú sa chaoi gurb ionann cúiteamh a íoc, mar gheall ar eitilt a cuireadh ar ceal, arna dhéanamh ag an aeriompróir oibríochta agus oibleagáid a fhorchuirtear leis an Rialachán sin d’ainneoin gurb ann do chonradh iompair arna thabhairt i gcrích leis an bpaisinéir agus neamhchomhlíonadh éagórach oibleagáidí conarthacha an aeriompróra?

[...]

(3)      An bhfuil Airteagal 6(1) agus [Airteagal] 7(1) de Threoir [93/13] ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 le léiriú sa chaoi nach mór don chúirt náisiúnta, ar tugadh caingean os a comhair maidir leis an gceart chun cúitimh mar gheall ar eitilt a cuireadh ar ceal dá bhforáiltear in Airteagal 7(1) de [Rialachán Uimh. 261/2004], rialú ex officio a dhéanamh ar an gcineál éagórach a d’fhéadfadh a bheith ar an gclásal a cuireadh isteach sa chonradh iompair nach gceadaíonn don phaisinéir a chearta nó a cearta a aistriú, nuair is é an t‑aistrí a thugann an t‑éileamh, aistrí nach bhfuil, murab ionann agus an t‑aistreoir, ina thomhaltóir nó úsáideoir?

(4)      I gcás go bhfuil sé oiriúnach an rialú ex officio a dhéanamh, an féidir an dualgas maidir le fógra a thabhairt don tomhaltóir agus a shuí an agraíonn sé cineál éagórach an chlásail nó an nglacann sé nó sí leis a fhágaint ar lár i bhfianaise an ghnímh chríochnaithigh dá éileamh nó dá héileamh a aistriú de shárú ar an téarma a d’fhéadfadh a bheith éagórach nach gceadaíonn aistriú an éilimh?’

 Breithniú ar na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

 An dara ceist

23      Maidir leis an dara ceist, ar cheart í a scrúdú ar dtús, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear forálacha comhcheangailte Airteagal 5(1)(c) agus (3), chomh maith le hAirteagal 7(1) de Rialachán Uimh. 261/2004 a léiriú amhail, i gcás ina gcuirfear eitilt ar ceal, go n‑eascraíonn ceart na n‑aerphaisinéirí an cúiteamh dá dtagraítear sna forálacha sin a fháil ón aeriompróir oibríochta agus an oibleagáid chomhfhreagrach atá ar an aeriompróir sin é a íoc as an Rialachán sin, nó amhail go bhfuil bunús leis an gceart agus leis an oibleagáid sin i gconradh a bheadh, i gcás inarb iomchuí, tugtha i gcrích idir an t‑iompróir sin agus an t‑aerphaisinéir lena mbaineann, nó fiú i gcás neamhchomhlíonadh éagórach conartha den sórt sin ag an iompróir sin.

24      De réir chásdlí socair na Cúirte, agus foráil de dhlí an Aontais á léiriú, ba cheart ní hamháin foclaíocht na forála a mheas, ach a comhthéacs freisin mar aon leis na cuspóirí atá á saothrú leis na rialacha ar páirt díobh í an fhoráil sin (breithiúnais an 11 Bealtaine 2017, Krijgsman, C‑302/16, EU:C:2017:359, mír 24 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 29 Meán Fómhair 2022, LOT (Cúiteamh arna fhorchur ag an údarás riaracháin),  C‑597/20, EU:C:2022:735, mír 21).

25      Sonraítear in Airteagal 5(1)(c) de Rialachán Uimh. 261/2004, i gcás ina gcuirfear eitilt ar ceal, go bhfuil na paisinéirí lena mbaineann ‘i dteideal cúiteamh ón aeriompróir oibríochta’ i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán sin, mura gcuirtear ar an eolas iad maidir le heitilt a cuireadh ar ceal faoi na coinníollacha dá bhforáiltear sa chéad fhoráil sin (breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Airhelp, C‑263/20, EU:C:2021:1039, mír 49). Le mír 3 den Airteagal sin leagtar síos na coinníollacha ar dá réir nach bhfuil dualgas ar an aeriompróir oibríochta an cúiteamh sin a íoc, i gcás inar cuireadh an eitilt ar ceal mar gheall ar imthosca urghnácha (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Nollaig 2008, WallentinHermann, C‑549/07, EU:C:2008:771, mír 20).

26      Socraítear le hAirteagal 7(1) den Rialachán sin, méid an chúitimh a bhfuil aerphaisinéir i dteideal de réir ráta socruithe, nuair a dhéantar tagairt don fhoráil sin sa Rialachán sin.

27      Ag féachaint d’fhoclaíocht na bhforálacha sin, agus i gcomhréir le cásdlí na Cúirte, tá an ceart chun cúitimh caighdeánaithe agus ríofa de réir ráta socruithe is iníoctha ag an aeriompróir oibríochta ar cheann de na cearta riachtanacha a thugtar d’aerphaisinéirí le Rialachán Uimh. 261/2004 (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Márta 2020, Primera Air Scandinavia, C‑215/18, EU:C:2020:235, mír 37).

28      Dá bhrí sin, i gcás ina gcuirfear eitilt ar ceal, eascraíonn an ceart chun cúitimh d’aerphaisinéirí dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(c) de Rialachán Uimh. 261/2004 agus an oibleagáid chomhfhreagrach atá ar an aeriompróir oibríochta an cúiteamh sin a íoc dá bhforáiltear in Airteagal 7(1) den Rialachán sin go díreach as an Rialachán sin. Ní féidir a mheas, dá bhrí sin, go n‑aimsíonn an ceart sin agus an oibleagáid sin a mbonn i gconradh a bheadh, i gcás inarb iomchuí, tugtha i gcrích idir an t‑aerphaisinéir agus an t‑aeriompróir oibríochta lena mbaineann ná, a fortiori, i neamhchomhlíonadh éagórach conartha den sórt sin ag an iompróir sin.

29      Tacaítear leis an léiriú sin le comhthéacs Airteagal 5(1)(c) agus (3), chomh maith le hAirteagal 7(1) de Rialachán Uimh. 261/2004, mar an gcéanna le cuspóir an Rialacháin sin.

30      Maidir leis an gcomhthéacs sin, ar an gcéad dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar thaobh amháin, go bhfuil, i gcomhréir le hAirteagal 1(1)(b) de Rialachán Uimh. 261/2004 ‘bunaítear’, sna coinníollacha a leagtar amach leis, cearta íosta d’aerphaisinéirí i gcás ina gcuirfear a n‑eitilt ar ceal.

31      Ar an taobh eile, is léir ó léamh comhcheangailte ar fhorálacha Airteagal 2(b) agus Airteagal 3(5) de Rialachán Uimh. 261/2004 gur féidir le paisinéir d’eitilt a cuireadh ar ceal nó a cuireadh moill leis brath ar an Rialachán sin i gcoinne an aeriompróra oibríochta, fiú mura bhfuil conradh tugtha i gcrích idir an paisinéir agus an iompróir (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Márta 2020, Primera Air Scandinavia, C‑215/18, EU:C:2020:235, míreanna 27 go 29).

32      Comhthacaíonn na forálacha sin leis an léiriú ar dá réir a eascraíonn ceart chun cúitimh d’aerphaisinéirí, i gcás ina gcuirfear a n‑eitilt ar ceal, dá dtagraítear in Airteagail 5 agus 7 de Rialachán Uimh. 261/2004 go díreach ón Rialachán sin.

33      Ar an dara dul síos, maidir le cuspóir Rialachán Uimh. 261/2004, mar is léir ó aithris 1 de, baineann sé le hardleibhéal cosanta a áirithiú d’aerphaisinéirí, sa chaoi nach mór na cearta arna mbunú dóibh siúd a bheith faoi réir léiriú leathan (féach, chuige sin, breithiúnais an 4 Deireadh Fómhair 2012, Rodríguez Cachafeiro agus Martínez-Reboredo Varela-Villamor, C‑321/11, EU:C:2012:609, mír 25, agus an 30 Aibreán 2020, Blue Air Airline Management Solutions, C‑584/18, EU:C:2020:324, mír 93).

34      Tá forálacha comhcheangailte Airteagal 5(1)(c) agus Airteagal 7(1) de Rialachán Uimh. 261/2004 a leagtar amach i mír 28 den bhreithiúnas seo i gcomhréir leis an gcuspóir sin, ós rud é go n‑áirítear ceart chun cúitimh do na haerphaisinéirí ar fad lena mbaineann eitilt a cuireadh ar ceal,faoi na coinníollacha dá bhforáiltear leis na forálacha sin, is cuma an bhfuil nó nach bhfuil conradh iompair tugtha i gcrích aige leis an aeriompróir oibríochta.

35      Níl an léiriú sin ag teacht ar chaoi ar bith le cásdlí na Cúirte ar dá réir a thagann na caingne a bhaineann leis an gceart chun cúitimh faoi Rialachán Uimh. 261/2004 faoi ‘ábhair chonarthacha’, de réir bhrí Airteagal 5(1) de Rialachán Uimh. 44/2001 (féach, chuige sin, breithiúnais an 7 Márta 2018, flightright agus páirtithe eile, C‑274/16, C‑447/16 agus C‑448/16, EU:C:2018:160, míreanna 63 go 65, agus an 26 Márta 2020, Primera Air Scandinavia, C‑215/18, EU:C:2020:235, mír 49). Leis an gcásdlí sin, a bhaineann le dlínse breithiúnach in ábhair shibhialta agus tráchtála, bhí sé i gceist ag an gCúirt a chinntiú go gcuirfí i bhfeidhm go haonfhoirmeach an coincheap ‘ábhair chonarthacha’, de réir bhrí na forála sin, agus í ag cinneadh, chun go dtiocfadh sé laistigh den choincheap sin, go bhfuil sé neamhábhartha gur thug t‑aerphaisinéir an conradh i gcrích, ní go díreach leis an aeriompróir oibríochta lena mbaineann, ach le soláthraí seirbhíse eile, amhail gníomhaireachta taistil. Mar a d’áitigh Rialtas na Spáinne agus an Coimisiún, níl sé i gceist ag an gcásdlí sin réamhbhreith a dhéanamh ar bhunús an chirt chun cúitimh dá bhforáiltear le Rialachán Uimh. 261/2004.

36      Chuige sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfadh sé go mbeadh sé d’aidhm ag caingean arb é is cúis chonarthach é éileamh a bhfuil a bhunús bunaithe ar choinníollacha an chonartha atá i gceist mar sin nó ar rialacha dlí is infheidhme mar gheall ar an gconradh sin a dhearbhú (féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Samhain 2020, Wikingerhof, C‑59/19, EU:C:2020:950, mír 32 agus an cásdlí dá dtagraítear). I gcás amhail an cás sna príomhimeachtaí, cé go n‑aimsítear gurbh ann do chúis na caingne cúitimh arna thabhairt ag aerphaisinéir nó cuideachta ar aistríodh éileamh ar chúiteamh an phaisinéara sin chuici in aghaidh an aeriompróra oibríochta mar is gá, i gconradh, cibé acu leis an aeriompróir sin nó le soláthraí seirbhíse eile (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Márta 2020, Primera Air Scandinavia, C‑215/18, EU:C:2020:235, míreanna 50 go 52), eascraíonn an ceart chun cúitimh lena bhféadfaí an paisinéir nó an chuideachta is aistrí sin a agairt i gcomhthéacs na caingne sin, go háirithe i gcás ina gcuirfear eitilt ar ceal, go díreach ó fhorálacha comhcheangailte Airteagal 5(1)(c) agus Airteagal 7(1) de Rialachán Uimh. 261/2004, mar is léir ó mhíreanna 28 agus 32 den bhreithiúnas seo.

37      I bhfianaise na gcúiseanna thuasluaite go léir, is é an freagra ar an dara ceist ná nach mór forálacha comhcheangailte Airteagal 5(1)(c) agus (3), chomh maith le hAirteagal 7(1) de Rialachán Uimh. 261/2004 a léiriú sa chaoi, i gcás ina gcuirfear eitilt ar ceal, go dtagann ceart aerphaisinéirí chun an cúiteamh dá bhforáiltear sna forálacha sin a fháil ón iompróir oibríochta agus oibleagáid chomhfhreagrach an aeriompróra oibríochta sin an cúiteamh sin a íoc go díreach as an Rialachán sin.

 An chéad cheist

38      Maidir leis an gcéad cheist, ar ceart í a scrúdú sa dara háit, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 15 de Rialachán Uimh. 261/2004 le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar chlásál a áireamh, i gconradh iompair, lena dtoirmisctear aistriú na gceart atá ag an aerphaisinéir maidir leis an aeriompróir oibríochta faoi fhorálacha an Rialacháin sin.

39      Foráiltear le hAirteagal 15 de Rialachán Uimh. 261/2004, dar teideal ‘Tarscaoileadh a eisiamh’, dá dtagraítear i mír 1 de, nach féidir na hoibleagáidí atá ar aeriompróirí i leith paisinéirí a leagtar amach sa Rialachán sin a theorannú nó a tharscaoileadh, go háirithe trí mhaolú nó trí chlásal sriantach atá sa chonradh iompair.

40      I gcomhréir leis an bhforáil sin agus ag cur san áireamh an freagra ar an dara ceist, ní féidir an oibleagáid atá ar an aeriompróir oibríochta an cúiteamh a íoc, dá bhforáiltear in Airteagal 7(1) den Rialachán sin, i gcás ina gcuirfear eitilt ar ceal a theorannú nó a tharscaoileadh de réir conartha.

41      I dtaca leis sin, ba cheart a chur leis, ag féachaint don chuspóir atá le hardleibhéal cosanta d’aerphaisinéirí, atá mar bhun, go háirithe, d’Airteagal 15 de Rialachán Uimh. 261/2004, agus léiriú leathan gurb iomchuí, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 33 den bhreithiúnas seo, cearta a thabhairt do na paisinéirí sin, ní mór don fhoráil sin, a mhéid a chinntear léi neamh-inghlacthacht maoluithe ó na cearta sin, a bheith ina hábhar do léiriú leathan freisin (féach, chuige sin, breithiúnas an 30 Aibreán 2020,  Blue Air Airline Management Solutions, C‑584/18, EU:C:2020:324, mír 102).

42      Dá réir sin, ag cur san áireamh úsáid, san fhoráil sin, as an dobhriathar ‘go háirithe’ agus ag féachaint don chuspóir sin, ní mór ní hamháin na maoluithe atá i gconradh iompair, gníomh de chineál déthaobhach a bhfuil suibscríofa ag an aerphaisinéir, ach freisin, agus a fortiori, na maoluithea bheadh i ndoiciméid eile arna mbunú go haontaobhach ag an aeriompróir oibríochta agus a mbeadh sé ar intinn ag an aeriompróir brath orthu maidir leis na haerphaisinéirí lena mbaineann a mheas a léiriú mar mhaoluithe neamh-inghlactha (féach, chuige sin, breithiúnas an 30 Aibreán 2020, Blue Air Airline Management Solutions, C‑584/18, EU:C:2020:324, mír 102). D’fhéadfadh feidhm a bheith ag an bhforáil chéanna, dá bhrí sin, maidir le maoluithe atá sna coinníollacha ginearálta iompair.

43      Thairis sin, ag féachaint don chuspóir sin agus chun éifeachtacht an chirt chun cúitimh d’aerphaisinéirí, ní mór, de réir bhrí Airteagal 15 de Rialachán Uimh. 261/2004, ní hamháin na maoluithe nó na teorainneacha a bhaineann go díreach leis an gceart sin, ach freisin na iad siúd sin lena gcuirtear srian, chun aimhleas na bpaisinéirí sin, ar na rialacha mionsonraithe a bhaineann le feidhmiú an chirt sin i ndáil leis na forálacha dlí is infheidhme, a mheas mar mhaoluithe nó teorainneacha neamh-inghlactha.

44      Ina theannta sin, chun ardleibhéal cosanta do aerphaisinéirí a áirithiú agus chun a chumasú dóibh a gcearta a fheidhmiú go héifeachtach i gcomhréir leis an gcuspóir a leagtar amach in aithris 20 de Rialachán Uimh. 261/2004, ní mór an tsaoirse a ráthú do phaisinéir lena mbaineann eitilt a cuireadh ar ceal an bealach is éifeachtaí chun a cheart a chosaint a roghnú, go háirithe trína cheadú dó nó di a chinneadh dul i dteagmháil go díreach leis an aeriompróir oibríochta, an cás a tharchur chuig na cúirteanna inniúla nó, nuair a fhoráiltear dó sin sa dlí náisiúnta ábhartha, a éileamh nó a héileamh a aistriú chuig tríú páirtí chun deacrachtaí agus costais a sheachaint a d’fhéadfadh a chur i gcoinne caingean phearsanta a dhéanamh i gcoinne an iompróra sin mar gheall ar shaincheist airgeadais theoranta.

45      Leanann sé as sin gurb ionann clásal atá i gcoinníollacha ginearálta an chonartha iompair agus lena gcuirtear cosc ar aistriú cearta aerphaisinéirí i gcoinne an aeriompróra oibríochta agus ‘maolú neamh-inghlactha’, de réir bhrí Airteagal 15 de Rialachán Uimh. 261/2004.

46      I bhfianaise na gcúiseanna thuasluaite go léir, is é an freagra ar an gcéad cheist ná nach mór Airteagal 15 de Rialachán Uimh. 261/2004 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar chlásal a áireamh lena gcuirfí bac ar chearta aerphaisinéirí maidir leis an aeriompróir oibríochta i bhfianaise fhorálacha an Rialacháin sin.

 An tríú agus an ceathrú ceist

47      I bhfianaise na bhfreagraí a tugadh ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist, ní gá an tríú agus an ceathrú ceist a fhreagairt.

 Costais

48      Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Tríú Dlísheomra) mar seo a leanas:

1.      Maidir le forálacha comhcheangailte Airteagal 5(1)(c) agus (3), chomh maith le hAirteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás ina gcuirfear eitilt ar ceal, eascraíonn ceart aerphaisinéirí chun an cúiteamh dá bhforáiltear sna forálacha sin a fháil ón aeriompróir oibríochta agus oibleagáid chomhfhreagrach an aeriompróra sin an cúiteamh sin a íoc go díreach as an Rialachán sin.

2.      Maidir le hAirteagal 15 de Rialachán Uimh. 261/2004,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuirtear cosc leis ar chlásal a áireamh, i gconradh iompair, lena dtoirmisctear aistriú na gceart atá ag an aerphaisineir maidir leis an aeriompróir oibríochta faoi fhorálacha an Rialacháin sin.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Spáinnis.

Top