Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CC0292

Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Collins arna thabhairt ar an 2024 Deireadh Fómhair 4.


Court reports – general

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2024:856

 TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

COLLINS

arna tabhairt an 4 Deireadh Fómhair 2024 ( 1 ) ( i )

Cás C-292/23

Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

v

I.R.O.,

F.J.L.R.

(Iarraidh ar réamhrialú ón Juzgado Central de Instrucción no 6 de la Audiencia Nacional (Cúirt Lárnach Réamh-Imscrúdaithe Uimh. 6 den Ard-Chúirt Náisiúnta, an Spáinn))

(Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh – Rialachán (AE) 2017/1939 – Airteagal 42(1) – Gníomhartha nós imeachta Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh atá ceaptha chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu ar thríú páirtithe – Toghairm finnéithe – Reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear cosc ar athbhreithniú breithiúnach díreach ag cúirteanna náisiúnta – An dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE – Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – An ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil – Prionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta)

Réamhrá

1.

Chun cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chomhrac, ( 2 ) bunaíodh le Rialachán 2017/1939 Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) mar ‘chomhlacht neamhspleách’ agus ‘dofheicthe de chuid an Aontais a fheidhmíonn mar aon Oifig amháin le struchtúr díláraithe’. ( 3 ) [Aistriúchán neamhoifigiúil] Tá OIPE eagraithe ar dhá leibhéal: Lároifig, a bhfuil a suíomh i Lucsamburg, agus leibhéal díláraithe Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha (‘ITEnna’), atá leabaithe i gcórais dlí na mBallstát. ( 4 ) Is dlúthchuid de OIPE iad ITEnna, agus gníomhaíonn siad thar a cheann, agus iad á gcomhtháthú ina gcórais ionchúisimh náisiúnta faoi seach ar leibhéal oibríochtúil ag an am céanna. ( 5 ) Tá siad freagrach as imscrúduithe a dhéanamh, ( 6 ) cionta a ionchúiseamh agus cásanna a thabhairt chun breithiúnais, ag tabhairt na gcumhachtaí a thugtar dóibh go díreach le Rialachán OIPE agus na cumhachtaí a bhfeidhmíonn siad ina gcáil mar ionchúisitheoirí náisiúnta. ( 7 )

2.

Ní hamháin go ndéanann OIPE a chúram a chomhlíonadh i ndlúthchomhar le húdaráis náisiúnta na mBallstát, ach, tríd an méid sin a dhéanamh, braitheann sé den chuid is mó ar an dlí náisiúnta. Le hAirteagal 5(3) dá chuid, rialaítear le Rialachán OIPE ‘na himscrúduithe agus na hionchúisimh thar ceann OIPE’ [Aistriúchán neamhoifigiúil], agus tá feidhm ag an dlí náisiúnta i gcás nach luaitear aon ní ann. ( 8 ) Foráiltear leis freisin, i bprionsabal, gurb é an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le hITE láimhseála. Tagraíonn go leor forálacha de Rialachán OIPE, go háirithe forálacha de chineál nós imeachta, ( 9 ) don dlí náisiúnta chun na coinníollacha agus na nósanna imeachta faoina bhfuil feidhm acu a shainaithint.

3.

Leis an iarraidh seo ar réamhrialú ón Juzgado Central de Instrucción no 6 de la Audiencia Nacional (an Chúirt Lárnach Réamh-Imscrúdaithe Uimh. 6 den Ard-Chúirt Náisiúnta, an Spáinn), ag gníomhú di mar ‘Juez de Garantías’ (breitheamh ráthaíochtaí), ( 10 ) iarrtar ar an gCúirt Bhreithiúnais Airteagal 42(1) de Rialachán OIPE a léirmhíniú den chéad uair. Leis an bhforáil sin, tugtar dlínse chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht ghníomhartha nós imeachta OIPE atá ceaptha chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu ar thríú páirtithe ar chúirteanna náisiúnta. ( 11 ) Go háirithe, fiafraíonn sí an bhfuil reachtaíocht náisiúnta lena n-eisiatar ó athbhreithniú breithiúnach díreach toghairmeacha finné arna n-eisiúint ag ITE comhoiriúnach leis an bhforáil sin agus le prionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta i ndlí an Aontais.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh – Rialachán OIPE

4.

A mhéid is cosúil go bhfuil sé ábhartha d’imthosca an tarchuir seo, luaitear an méid seo a leanas in aithrisí 86 go 89 de Rialachán OIPE:

‘(86)

Le hAirteagal 86(3) CFAE, ceadaítear do reachtóir an Aontais na rialacha is infheidhme maidir leis an athbhreithniú breithiúnach ar bhearta nós imeachta arna ndéanamh ag OIPE i gcomhlíonadh a fheidhmeanna a chinneadh. Leis an inniúlacht sin a dheonaítear do reachtóir an Aontais, léirítear cineál sonrach chúraimí agus struchtúr OIPE, atá éagsúil ó chúraimí agus struchtúr chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí eile uile an Aontais agus lena gceanglaítear rialacha speisialta maidir le hathbhreithniú breithiúnach.

(87)

De réir Airteagal 86(2) CFAE, feidhmíonn OIPE a fheidhmeanna ionchúisitheora os comhair chúirteanna inniúla na mBallstát. Tá dlúthbhaint ag gníomhartha arna ndéanamh ag OIPE le linn a chuid imscrúduithe leis an ionchúiseamh a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh air, agus dá bhrí sin tá éifeachtaí acu i ndlíchóras na mBallstát. In a lán cásanna, is iad na húdaráis náisiúnta um fhorfheidhmiú an dlí a dhéanfaidh na gníomhartha agus iad ag gníomhú faoi threoracha OIPE, tar éis dóibh údarú a fháil ó chúirt náisiúnta i gcásanna áirithe.

Is iomchuí, dá bhrí sin, a mheas gur cheart gníomhartha nós imeachta OIPE atá ceaptha chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu ar thríú páirtithe a bheith faoi réir athbhreithniú ag na cúirteanna náisiúnta inniúla i gcomhréir leis na ceanglais agus na nósanna imeachta a leagtar síos leis an dlí náisiúnta. Ba cheart go n-áiritheofaí leis sin go mbeidh gníomhartha nós imeachta OIPE a ghlactar roimh an díotáil agus a mbeartaítear éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu ar thríú páirtithe (catagóir lena n-áirítear an duine atá faoi dhrochamhras, an t-íospartach, agus daoine leasmhara eile a bhféadfadh gníomhartha den sórt sin dochar a dhéanamh dá gcearta) faoi réir athbhreithniú breithiúnach ag cúirteanna náisiúnta....

Is éard atá i gceist le caingne os comhair cúirteanna náisiúnta inniúla maidir le mainneachtain OIPE gníomhú ná na caingne úd a bhaineann le gníomhartha nós imeachta a bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ar OIPE iad a ghlacadh agus a bhfuil sé beartaithe go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla acu ar thríú páirtithe. I gcás ina ndéantar foráil sa dlí náisiúnta d’athbhreithniú breithiúnach maidir le gníomhartha nós imeachta nach bhfuil ceaptha chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu ar thríú páirtithe nó do chaingne dlí a bhaineann le mainneachtain eile gníomhú, níor cheart an Rialachán seo a léirmhíniú mar rialachán a dhéanann difear d’fhorálacha dlí den sórt sin. Ina theannta sin, níor cheart a cheangal ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le hathbhreithniú breithiúnach ag na cúirteanna náisiúnta inniúla ar ghníomhartha nós imeachta nach bhfuil ceaptha chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu ar thríú páirtithe, amhail saineolaithe a cheapadh nó costais finnéithe a aisíoc.

Ar deireadh, ní dhéanann an Rialachán seo difear do chumhachtaí na gcúirteanna náisiúnta trialach.

(88)

Ba cheart dlíthiúlacht ghníomhartha nós imeachta OIPE atá beartaithe chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu ar thríú páirtithe a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach os comhair cúirteanna náisiúnta. I ndáil leis sin, ba cheart leigheasanna éifeachtacha a áirithiú i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE. Thairis sin, mar a chuirtear i bhfios go láidir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, ní fhéadfaidh na rialacha náisiúnta nós imeachta lena rialaítear caingne chun cearta aonair a chosaint a dheonaítear le dlí an Aontais a bheith chomh fabhrach céanna leis na rialacha lena rialaítear caingne náisiúnta comhchosúla (prionsabal na coibhéise) agus ní fhéadfaidh siad feidhmiú na gceart a thugtar le dlí an Aontais a dhéanamh beagnach dodhéanta nó ródheacair (prionsabal na héifeachtachta).

Nuair a dhéanann cúirteanna náisiúnta athbhreithniú ar dhlíthiúlacht gníomhartha den sórt sin, féadfaidh siad é sin a dhéanamh ar bhonn dhlí an Aontais, lena n-áirítear an Rialachán seo, agus ar bhonn an dlí náisiúnta freisin, a bhfuil feidhm aige sa mhéid nach ndéileáiltear le hábhar leis an Rialachán seo. Mar a cuireadh i dtábhacht i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais, ba cheart do chúirteanna náisiúnta réamhcheisteanna a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais i gcónaí nuair a bhíonn amhras orthu faoi bhailíocht na ngníomhartha sin i leith dhlí an Aontais.

...

(89)

Ní athraítear le foráil an Rialacháin seo maidir le hathbhreithniú breithiúnach cumhachtaí na Cúirte Breithiúnais chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí riaracháin OIPE, a bhfuil sé beartaithe éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu ar thríú páirtithe, eadhon cinntí nach ndéantar i gcomhlíonadh a fheidhmeanna maidir le himscrúdú, ionchúiseamh nó breithiúnas a thabhairt. Tá an Rialachán seo gan dochar freisin don fhéidearthacht atá ag Ballstát den Aontas Eorpach, ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún [Eorpach] caingne le haghaidh neamhniú a thionscnamh i gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 263 CFAE agus leis an gcéad mhír d’Airteagal 265 CFAE, agus d’imeachtaí um shárú faoi Airteagail 258 agus 259 CFAE.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil]

5.

Faoi Airteagal 30 de Rialachán OIPE, dar teideal ‘Bearta imscrúdaithe agus bearta eile’:

‘1.   Ar a laghad i gcásanna ina bhfuil an cion atá faoi réir an imscrúdaithe inphionóis le pionós uasta 4 bliana príosúnachta ar a laghad, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh [ITEnna] i dteideal na bearta imscrúdaithe seo a leanas a ordú nó a iarraidh:

(a)

cuardach a dhéanamh in aon áitreabh, talamh, modh iompair, teach príobháideach, éadaí agus aon mhaoin phearsanta nó córas ríomhaireachta eile...;

(b)

táirgeadh aon ní nó doiciméid ábhartha a fháil...;

(c)

táirgeadh sonraí ríomhaireachta stóráilte a fháil, criptithe nó díchriptithe...;

(d)

ionstraimeachtaí na coireachta nó fáltais ón gcoireacht a chalcadh...;

(e)

cumarsáid leictreonach a thascradh...;

(f)

rud a rianú agus a lorg trí mhodhanna teicniúla...

...

4.   Beidh [ITEnna] i dteideal aon bheart eile ina mBallstát atá ar fáil d’ionchúisitheoirí faoin dlí náisiúnta i gcásanna náisiúnta comhchosúla a iarraidh nó a ordú, sa bhreis ar na bearta dá dtagraítear i mír 1.

5.   Ní fhéadfaidh [ITEnna] na bearta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 4 a ordú ach amháin i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann lena chreidiúint go bhféadfadh an beart sonrach atá i gceist faisnéis nó fianaise a sholáthar atá úsáideach don imscrúdú, agus i gcás nach bhfuil aon bheart níos neamhchurónaí ar fáil a d’fhéadfadh an cuspóir céanna a bhaint amach. Déanfar na nósanna imeachta agus na rialacha mionsonraithe maidir leis na bearta a dhéanamh a rialú leis an dlí náisiúnta is infheidhme.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil]

6.

Foráiltear le hAirteagal 41 de Rialachán OIPE, dar teideal ‘Raon feidhme chearta na ndaoine atá faoi dhrochamhras agus na ndaoine atá cúisithe’:

‘1.   Déanfar gníomhaíochtaí OIPE i gcomhréir iomlán le cearta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine cúisithe a chumhdaítear sa Chairt [um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’)], lena n-áirítear an ceart chun triail chóir a fháil agus na cearta chun cosanta.

2.   Beidh na cearta nós imeachta dá bhforáiltear i ndlí an Aontais, ar a laghad, ag aon duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe in imeachtaí coiriúla OIPE, lena n-áirítear treoracha maidir le cearta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe i nósanna imeachta coiriúla, arna gcur chun feidhme leis an dlí náisiúnta, amhail:

(a)

an ceart chun ateangaireachta agus aistriúcháin, dá bhforáiltear i dTreoir 2010/64/AE;

(b)

an ceart chun faisnéise agus rochtana ar na cásábhair, dá bhforáiltear i dTreoir 2013/13/AE;

(c)

an ceart chun rochtain a fháil ar dhlíodóir agus an ceart chun cumarsáid a dhéanamh le tríú daoine agus iad a chur ar an eolas i gcás coinneála, dá bhforáiltear i dTreoir 2013/48/AE;

(d)

an ceart bheith i do thost agus an ceart do thoimhdeacht na neamhchiontachta dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2016/343;

(e)

an ceart chun cúnaimh dhlíthiúil dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2016/1919.

3.   Gan dochar do na cearta dá dtagraítear sa Chaibidil seo, beidh na cearta nós imeachta uile ar fáil do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus do dhaoine cúisithe chomh maith le daoine eile a bhfuil baint acu le himeachtaí OIPE faoin dlí náisiúnta is infheidhme, lena n-áirítear an fhéidearthacht fianaise a chur i láthair, a iarraidh go gceapfar saineolaithe nó go ndéanfar scrúdú saineolach ar fhinnéithe agus go dtabharfar éisteacht shaineolach d’fhinnéithe, agus a iarraidh ar OIPE na bearta sin a fháil thar ceann na cosanta.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil]

7.

Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 42 de Rialachán OIPE, dar teideal ‘Athbhreithniú breithiúnach’:

‘1.   Beidh gníomhartha nós imeachta OIPE atá ceaptha éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu ar thríú páirtithe faoi réir athbhreithniú ag na cúirteanna náisiúnta inniúla i gcomhréir leis na ceanglais agus na nósanna imeachta a leagtar síos leis an dlí náisiúnta. Is amhlaidh atá i gcás ina mainníonn OIPE gníomhartha nós imeachta a ghlacadh atá ceaptha chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu ar thríú páirtithe agus a raibh ceangal dlíthiúil air iad a ghlacadh faoin Rialachán seo.

2.   Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais, i gcomhréir le hAirteagal 267 CFAE, chun réamhrialuithe a thabhairt maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

bailíocht ghníomhartha nós imeachta OIPE, a mhéid a thugtar ceist bhailíochta den sórt sin ar aird os comhair aon chúirte nó binse de chuid Ballstáit go díreach ar bhonn dhlí an Aontais;

(b)

léiriú nó bailíocht forálacha de dhlí an Aontais, lena n-áirítear an Rialachán seo;

...

3.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, beidh cinntí OIPE cás a dhíbhe, a mhéid a dhéantar iad a chonspóid go díreach ar bhonn dhlí an Aontais, faoi réir athbhreithniú os comhair na Cúirte Breithiúnais i gcomhréir leis an gceathrú mír d’Airteagal 263 CFAE.

...

8.   Tá an tAirteagal seo gan dochar d’athbhreithniú breithiúnach ag an gCúirt Bhreithiúnais i gcomhréir leis an gceathrú mír d’Airteagal 263 CFAE ar chinntí OIPE a dhéanann difear do chearta na n-ábhar sonraí faoi Chaibidil VIII agus ar chinntí OIPE nach gníomhartha nós imeachta iad, amhail cinntí OIPE a bhaineann leis an gceart chun rochtain phoiblí a fháil ar dhoiciméid, nó cinntí lena ndíbhtear [ITEnna] arna nglacadh de bhun Airteagal 17(3) den Rialachán seo, nó aon chinntí riaracháin eile.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil]

Dlí na Spáinne

8.

Foráiltear le hAirteagal 42(1) agus (3) de Ley Orgánica 9/2021 de aplicación del Reglamento (UE) 2017/1939 del Consejo, de 12 de octubre de 2017, por el que se establece una cooperación reforzada para la creación de la Fiscalía Europea [(Bundlí 9/2021 lena gcuirtear chun feidhme (Rialachán OIPE), an 1 Iúil 2021] ( 12 ) (‘Dlí 9/2021’), foráil dar teideal ‘Cumhachtaí imscrúdaithe [ITE]’:

‘1.   Déanfaidh [ITEnna], i gcomhréir le forálacha [Dhlí 9/2021], Rialachán [OIPE] agus leis na rialacha a leagtar síos ina rialacha nós imeachta, an t-imscrúdú lena n-ordaítear cur i gcrích gach céime den imscrúdú agus lena ndéantar na bearta cosanta eatramhacha a leagtar amach in Ley de Enjuiciamiento Criminal [(Cód um Nós Imeachta Coiriúil)], seachas na bearta sin a fhorchoimeádtar do na cúirteanna leis an mBunreacht agus le forálacha dlíthiúla eile, nach mór a bheith údaraithe ag an mbreitheamh ráthaíochtaí;

...

3.   Déanfar an t-imscrúdú i gcomhréir le forálacha an Chóid um Nós Imeachta Coiriúil, ach amháin i gcásanna áirithe dá bhforáiltear go sainráite i [nDlí 9/2021].’ [Aistriúchán neamhoifigiúil]

9.

Tá Airteagal 43 de Dhlí 9/2021, dar teideal ‘Ráitis ó fhinnéithe’, sna téarmaí seo a leanas:

‘1.   Féadfaidh [ITE] finnéithe a thoghairm agus ráitis a ghlacadh ó aon duine a bhfuil eolas aige nó aici ar fhíorais agus ar imthosca a bhaineann le cion agus an duine atá freagrach as a chinneadh nó a d’fhéadfadh faisnéis úsáideach a sholáthar chun na críche sin.

Cé is moite de dhaoine atá díolmhaithe ón oibleagáid teacht i láthair agus fianaise finné a sholáthar sa chuid ó bhéal d’imeachtaí cúirte, ceanglaítear ar aon duine arna thoghairm ag [ITE] teacht i láthair mar fhinné agus fianaise a thabhairt maidir le gach a bhfuil ar eolas aige nó aici maidir leis na ceisteanna a chuirtear air nó uirthi.

2.   Glacfar an ráiteas finné san fhoirm a leagtar síos sa Chód um Nós Imeachta Coiriúil.

Féadfaidh na páirtithe sna himeachtaí, trína ndlíodóirí, freastal le linn don fhinné a bheith i mbun ráitis, agus sa chás sin, ag deireadh an ráitis, tabharfar an deis dóibh iarraidh ar an bhfinné aon soiléiriú a mheasann siad is gá a dhéanamh.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil]

10.

Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 90 de Dhlí 9/2021, dar teideal ‘Cásanna’:

‘Ní fhéadfar agóid a dhéanamh i gcoinne na gcinntí arna ndéanamh ag [ITE] le linn an nós imeachta imscrúdaithe ach amháin os comhair bhreitheamh na ráthaíochtaí sna cásanna dá bhforáiltear go sainráite i [nDlí 9/2021].’ [Aistriúchán neamhoifigiúil]

11.

Faoi Dhlí 9/2021, féadfaidh an chosaint agóid a dhéanamh i gcoinne na gcinntí seo a leanas ó ITEnna:

an cinneadh lena dtionscnaítear na himeachtaí;

an cinneadh lena ndiúltaítear ráiteas nua a ghlacadh ón duine atá faoi imscrúdú, a d’iarr amhlaidh;

an cinneadh lena ndiúltaítear na bearta imscrúdaithe atá á lorg a dhéanamh os comhair ITE;

an cinneadh lenar diúltaíodh doiciméid agus tuarascálacha a cuireadh isteach a áireamh sa cháschomhad;

an cinneadh lena ndiúltaítear idirghabháil an tsaineolaí arna cheapadh ag an gcosaint sa réimse saineolais ar aontaigh sé nó sí aghaidh a thabhairt air;

an cinneadh lena ndiúltaítear saineolaí a scaoileadh ó chás;

an cinneadh maidir le bearta cosanta eatramhacha;

an cinneadh lena n-ordaítear duine a chur faoi choimeád; agus

an cinneadh an t-imscrúdú a athoscailt.

12.

Tugtar tuairisc in Airteagal 91 de Dhlí 9/2021 ar na céimeanna nós imeachta atá le glacadh maidir le hiarratais chun agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí den sórt sin.

13.

Faoi mhíreanna 1 agus 2 d’Airteagal 311 den Chód um Nós Imeachta Coiriúil:

‘Déanfaidh an breitheamh imscrúdaithe gach beart imscrúdaithe a mholann Oifig an Ionchúisimh Phoiblí nó aon pháirtí sna himeachtaí, mura rud é go measann sé nó sí iad a bheith neamhriachtanach nó dochrach.

Féadfaidh cinneadh lena ndiúltaítear na bearta imscrúdaithe a iarradh a dhéanamh a bheith ina ábhar achomhairc, a ligfear isteach agus a chuirfear ar aghaidh láithreach, gan éifeacht fionraíochta, os comhair na cúirte inniúla.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil]

Fíricí, díospóid, ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú agus nós imeachta os comhair na Cúirte

14.

Bhí I.R.O. agus F.J.L.R. ina stiúrthóirí ar fhondúireacht, a bunaíodh faoi dhlí na Spáinne, a fuair fóirdheontas chun tionscadal arna mhaoiniú ag cistí an Aontais a chur chun feidhme. Chuir an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) in iúl do Fiscalía de área de Getafe-Leganés (Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí, Getafe-Leganés, an Spáinn) nach raibh údar leordhóthanach leis na costais foirne dhíreacha a d’éiligh an fhondúireacht sin i leith beirt taighdeoirí a d’fhostaigh sí chun an tionscadal a chur i gcrích, eadhon Y.C. agus I.M.B. Rinne an Fiscalía de área de Getafe-Leganés (Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí, Getafe-Leganés) gearán leis an Juzgado de Primera Instancia e Instrucción no 1 de Getafe (Cúirt Chéadchéime agus Réamh-Imscrúduithe Uimh. 1, Getafe, an Spáinn) inar líomhnaíodh go ndearnadh cion calaoise fóirdheontais. ( 13 ) An 20 Aibreán 2021, thionscain an chúirt sin imscrúdú coiriúil i gcoinne I.R.O.

15.

I gcomhthéacs an imscrúdaithe sin, an 21 Bealtaine 2021, cheistigh an Juzgado de Primera Instancia e Instrucción no 1 de Getafe (Cúirt Chéadchéime agus Réamh-Imscrúduithe Uimh. 1, Getafe) I.R.O. mar ‘imscrúdú’ (duine atá faoi imscrúdú). D’fheidhmigh I.R.O. a cheart chun bheith ina thost. An 2 Iúil 2021, scrúdaigh an chúirt sin Y.C. mar fhinné.

16.

An 12 Lúnasa 2021, dhiúltaigh an Juzgado de Primera Instancia e Instrucción no 1 de Getafe (Cúirt Chéadchéime agus Réamh-Imscrúduithe Uimh. 1, Getafe) dlínse i bhfabhar OIPE. An 21 Meán Fómhair 2021, tharchuir OIPE an cás chuig na húdaráis náisiúnta inniúla. Chuir sí an Juzgado de Primera Instancia e Instrucción no 1 de Getafe (Cúirt Chéadchéime agus Réamh-Imscrúduithe Uimh. 1, Getafe) ar an eolas faoina cinneadh gan easghairm ar an gcás a iarraidh.

17.

Le hordú an 9 Meitheamh 2022, ( 14 ) mar fhreagairt ar shaincheist dhlínsiúil a d’ardaigh an Juzgado de Primera Instancia e Instrucción no 1 de Getafe (Cúirt Chéadchéime agus Réamh-Imscrúduithe Uimh. 1, Getafe), chinn an Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach, an Spáinn) dlínse a shannadh don imscrúdú do OIPE. Le cinneadh an 26 Iúil 2022, d’fheidhmigh ITEnna láimhseála sa Spáinn a gceart chun easghairme agus thionscain siad an t-imscrúdú as a n-eascraíonn an tarchur chun réamhrialú seo.

18.

Le hordú an 27 Iúil 2022, thionscain an chúirt a rinne an tarchur, an Juzgado Central de Instrucción no 6 de la Audiencia National (an Chúirt Lárnach Réamh-Imscrúdaithe Uimh. 6 den Ard-Chúirt Náisiúnta), ag gníomhú di ina cáil mar bhreitheamh ráthaíochtaí, an nós imeachta um ráthaíochtaí.

19.

Le cinntí an 22 Lúnasa agus an 25 Deireadh Fómhair 2022, ghairm ITEnna láimhseála faoi seach I.R.O. agus F.J.L.R. le bheith ag an ‘Primera comparecencia para el traslado de cargos’ (an chéad éisteacht chun fíorais agus cruthúnais a chur in iúl) dá bhforáiltear in Airteagal 27 de Dhlí 9/2021 chun a chur in iúl do gach duine acu go raibh siad faoi imscrúdú i leith cionta calaoise fóirdheontais agus brionnaithe doiciméad. ( 15 ) Reáchtáladh éisteacht I.R.O. an 5 Deireadh Fómhair 2022. Tionóladh éisteacht F.J.L.R. an 15 Nollaig 2022.

20.

Le cinneadh an 2 Feabhra 2023, arna dhéanamh faoi Airteagal 43 de Dhlí 9/2021, chuir ITEnna láimhseála toghairm ar Y.C. agus I.M.B. teacht os a gcomhair mar fhinnéithe. Ag brath ar Airteagal 90 de Dhlí 9/2021, an 7 Feabhra 2023, thaisc dlíodóirí a ionadaíonn do I.R.O. agus F.J.L.R. achomharc i gcoinne an chinnidh sin le OIPE a mhéid a chuir sé toghairm ar Y.C. chun teacht i láthair mar fhinné. ( 16 ) D’áitigh siad nach raibh an beart imscrúdaithe sin ábhartha, riachtanach ná úsáideach, ós rud é gur chuala an Juzgado de Primera Instancia e Instrucción no 1 de Getafe (Cúirt Chéadchéime agus Réamh-Imscrúduithe Uimh. 1, Getafe) Y.C. cheana féin sa cháil sin. An 8 Feabhra 2023, tugadh fógra faoin achomharc sin don chúirt a rinne an tarchur. An 23 Feabhra 2023, chuir ITEnna láimhseála barúlacha i scríbhinn isteach san achomharc sin. Chuir ITEnna agus na dlíodóirí a ionadaíonn do I.R.O. agus F.J.L.R. barúlacha i scríbhinn isteach an 22 agus an 23 Márta 2023, faoi seach, maidir leis an bhféidearthacht go ndéanfadh an chúirt a rinne an tarchur tarchur chun réamhrialú.

21.

Iarrann an chúirt a rinne an tarchur ar an gCúirt treoir a thabhairt di maidir le léirmhíniú dhlí an Aontais chun a chur ar a cumas measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí Rialachán OIPE ar Dhlí 9/2021 maidir le cumhachtaí an bhreithimh ráthaíochtaí athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhartha nós imeachta áirithe ITE atá beartaithe chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu ar thríú páirtithe. Tugann sí faoi deara, de bhun Airteagail 42 agus 43 de Dhlí 9/2021, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 90 de, nach mór athbhreithniú breithiúnach ar chatagóir de ghníomhartha nós imeachta ITEnna a údarú go sainráite. Ós rud é nach bhfuil toghairmeacha finnéithe i measc na catagóire sin, níl aon achomharc chuig an mbreitheamh ráthaíochtaí i gcoinne chinneadh an 2 Feabhra 2023.

22.

Cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl nach mór, le hAirteagal 42 de Rialachán OIPE, gníomhartha nós imeachta OIPE atá ceaptha chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu ar thríú páirtithe a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach. Tá an chúirt a rinne an tarchur den tuairim gur gníomh nós imeachta den sórt sin é cinneadh an 2 Feabhra 2023. Áitíonn sí ar dtús go bhfuil tionchar díreach ag an gcinneadh sin ar chearta Y.C. agus I.M.B. chun saorghluaiseachta agus chun saoirse, a ráthaítear le hAirteagal 6 den Chairt, ós rud é go mbeidh oibleagáid dhlíthiúil orthu a bheith in áit ar leith ar an am agus ar an dáta a léirítear sa toghairm. ( 17 ) D’fhéadfadh an cinneadh dochar a dhéanamh freisin do chearta cosanta Y.C. agus I.M.B., contrártha le hAirteagal 48 den Chairt, a mhéid a bheidh sé d’oibleagáid orthu gach a bhfuil ar eolas acu a rá agus an fhírinne a insint, ( 18 ) in imthosca nach bhforáiltear le dlí nós imeachta na Spáinne go bhfaighidh finnéithe cúnamh ó dhlíodóir nuair a thabharfaidh siad fianaise. Sa chás seo, is tromchúisí fós an sárú ar chearta cosanta ós rud é go bhfuil ‘féidearthacht réasúnta’ ann go bhféadfadh a ráitis fianaise a nochtadh maidir lena rannpháirtíocht sna cionta atá faoi imscrúdú. Is pléadáil eisceachtúil í an fhéidearthacht, dá dtagraíonn ITEnna láimhseála ina mbarúlacha an 22 Márta 2023, go bhféadfaidh daoine atá faoi imscrúdú faoi Airteagal 29 de Dhlí 9/2021 iarratas a thionscnamh ag triail go ndearbhófaí gníomh nós imeachta a bheith ar neamhní go huathrialach mar gheall ar mhoill ar an gcéad éisteacht chun fíorais agus cruthúnais a chur in iúl. Ar fhorais, inter alia, deimhneacht dhlíthiúil, níl sé inmhianaithe go mbeadh sé de cheangal ar dhuine brath ar phléadáil den sórt sin ag céim dhéanach in imeachtaí coiriúla. Léiríonn an chúirt a rinne an tarchur freisin go bhfuil éifeachtaí ag na toghairmeacha finné ar staideanna dlíthiúla I.R.O. agus F.J.L.R.. Trí thoghairm Y.C. chun teacht i láthair mar fhinné a atheisiúint, sáraítear an ceart go n-éistfí a gcás laistigh de thréimhse réasúnach ama. D’fhéadfadh ráitis finnéithe Y.C. agus I.M.B. a chur ar chumas ITEnna fianaise inchoiritheach a bhailiú lena húsáid sna himeachtaí coiriúla i gcoinne I.R.O. agus F.J.L.R.

23.

I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, measann an chúirt a rinne an tarchur go bhféadfadh easpa achomhairc i gcoinne chinneadh an 2 Feabhra 2023 srian a chur ar theachtadh cirt aonair a dhíorthaítear ó dhlí an Aontais, srian nach bhfuil údar leis faoi threoir phrionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta.

24.

Maidir le prionsabal na coibhéise, tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara go leanfadh Juez de Instrucción (breitheamh imscrúdaithe), ITE ‘coibhéiseach’, a bhfuil sé de chúram air imscrúdú a dhéanamh ar na líomhaintí is ábhar d’imeachtaí OIPE, an nós imeachta ‘Diligencias Previas’ (réamh-imscrúdú) ós rud é go bhféadfar téarma príosúnachta 5 bliana ar a mhéid a fhorchur ar chiontú sna cionta ábhartha. Faoi Airteagal 766 den Chód um Nós Imeachta Coiriúil, ( 19 ) féadfar bearta lena ndéantar imscrúdú ar ordú breithiúna i gcomhthéacs réamh-imscrúdaithe a achomharc chuig an mbreitheamh a rinne an cinneadh agus, ina dhiaidh sin, chuig cúirt níos airde.

25.

Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, ina barúlacha an 22 Márta 2023, go n-áitíonn ITEnna láimhseála, faoin ‘Nós imeachta Sumario Ordinario’ (nós imeachta maidir le cionta is inphionóis le téarma príosúnachta níos mó ná 5 bliana), go bhforáiltear le hAirteagal 311 den Chód um Nós Imeachta Coiriúil nach bhfuil cinntí chun bearta imscrúdaithe arna lorg ag páirtithe a ghlacadh faoi réir achomhairc. Sa chomhthéacs sin, braitheann ITEnna ar líne chásdlí lena leathnaítear cur i bhfeidhm na forála sin chuig an nós imeachta réamh-imscrúdaithe. Tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara nár dheimhnigh an Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach) an cásdlí sin, nach bhfuarthas d’aon toil é agus nach raibh sé faoi réir athrú reachtach.

26.

Tá imní ar an gcúirt a rinne an tarchur maidir le prionsabal na coibhéise a chur i bhfeidhm, ós rud é nach gceadaítear le Dlí 9/2021 athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar thoghairmeacha finné arna n-eisiúint ag ITE, cé nach gcuireann an Cód um Nós Imeachta Coiriúil teorainn le catagóirí na gcinntí arna nglacadh ag breithiúna imscrúdaithe chun bearta imscrúdaithe atá faoi réir achomhairc a ordú nó a dhiúltú.

27.

Maidir le prionsabal na héifeachtachta, tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara gur ó Airteagal 42 de Rialachán OIPE go díreach a dhíorthaítear an ceart chun caingean a thionscnamh i gcoinne ghníomhartha nós imeachta OIPE atá beartaithe chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu ar thríú páirtithe. Is léiriú í an fhéidearthacht sin ar an gceart bunúsach chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil agus urraim do chearta na cosanta, a chosnaítear le hAirteagail 47 agus 48 den Chairt. Dá bhrí sin, is bacainn ar fheidhmiú na gceart bunúsach a thugtar do shaoránaigh le Rialachán OIPE é léirmhíniú sriantach ar chumhachtaí athbhreithnithe an bhreithimh ráthaíochtaí faoi Airteagal 90 de Dhlí 9/2021.

28.

Sna himthosca sin, chinn an Juzgado Central de Instrucción no 6 den Audiencia Nacional (an Chúirt Lárnach um Réamhscrúdú Uimh. 6 den Ard-Chúirt Náisiúnta) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘(1)

An gcaithfear Airteagal 42(1) de Rialachán [OIPE].... a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar fhoráil náisiúnta amhail Airteagal 90 de [Dhlí] 9/2021...., lena n-eisiatar ó athbhreithniú breithiúnach gníomh nós imeachta ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh [OIPE] a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aige ar thríú páirtithe (sa chaoi a chuirtear in iúl) amhail an cinneadh ón Ionchúisitheoir Tarmligthe Eorpach [ITE] chun finnéithe a thoghairm [i gcinneadh] an 2 Feabhra 2023?

(2)

An gcaithfear Airteagail 6 agus 48 den [Chairt] agus Airteagal 7 de Threoir (AE) 2016/343 [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le neartú ar ghnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta agus den cheart chun bheith i láthair le linn na trialach in imeachtaí coiriúla (IO 2016 L 65, lch. 1)] a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar fhoráil náisiúnta amhail Airteagal 90 i gcomhar le hAirteagail 42(1) agus (3) agus [Airteagal] 43 de [Dhlí] 9/2021 [...] lena n-eisiatar ó athbhreithniú breithiúnach gníomh nós imeachta ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh [OIPE] amhail an cinneadh ón Ionchúisitheoir Tarmligthe Eorpach [ITE] chun tríú páirtí, ar measadh go réasúnta go raibh sé páirteach sna cionta atá faoi imscrúdú, a thoghairm mar fhinné?

(3)

An gcaithfear an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus Airteagal 86(3) CFAE a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar chóras athbhreithnithe bhreithiúnaigh amhail an córas dá bhforáiltear in Airteagail 90 agus 91 de [Dhlí] 9/2021 a bhaineann le gníomhartha ó na hIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha arna dtabhairt faoi Airteagail 4(1) agus [Airteagail] 43 de [Dhlí] 9/2021, lena n-eisiatar ó athbhreithniú breithiúnach beart arna dhéanamh ag an Ionchúisitheoir Tarmligthe Eorpach [ITE] agus a chumhacht fiosrúcháin á feidhmiú aige, agus nach bhfuil aon choibhéis aige leis na rialacha nós imeachta náisiúnta lena rialaítear agóid a dhéanamh in aghaidh cinntí arna n-eisiúint ag na Breithiúna fiosrúcháin agus a gcumhacht fiosrúcháin á feidhmiú acu?

(4)

An gcaithfear Airteagal 2 CAE[,] lena ndearbhaítear na luachanna is bonn leis an smacht reachta ar a bhfuil an tAontas bunaithe, i gcomhar leis an gceart chun leighis éifeachtaigh agus an ceart chun trialach leis na ráthaíochtaí uile atá in Airteagal 47 den [Chairt], agus prionsabal na héifeachtachta dá bhforáiltear sa dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar chóras athbhreithnithe bhreithiúnaigh ar ghníomhartha ó na hIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha [ITEnna] lena dteorannaítear na cásanna inar féidir agóid a dhéanamh go méid áirithe cásanna amhail an méid dá bhforáiltear i reachtaíocht na Spáinne in Airteagail 90 agus 91 de [Dhlí] 9/2021?’

29.

Chuir I.R.O. agus F.J.L.R., OIPE, Rialtais na Fraince, na hIodáile, na hÍsiltíre agus na Spáinne agus an Coimisiún barúlacha i scríbhinn isteach. Ag éisteacht an 10 Meán Fómhair 2024, chuir na páirtithe céanna, seachas Rialtas na hIodáile, argóint ó bhéal i láthair agus d’fhreagair siad ceisteanna ón gCúirt.

Measúnú

Inghlacthacht an dara ceist

30.

Áitíonn OIPE, Rialtais na Fraince, na hÍsiltíre agus na Spáinne agus an Coimisiún go bhfuil an dara ceist do-ghlactha ar an bhforas gur ceist hipitéiseach amháin í agus nach bhféadfadh aon tionchar a bheith ag aon fhreagra uirthi ar thoradh na díospóide sna príomhimeachtaí. Is amhlaidh atá toisc go mbaineann na príomhimeachtaí le hagóidí na ndaoine atá faoi imscrúdú i gcoinne chinneadh ITEnna tríú páirtithe a thoghairm mar fhinnéithe, cé go mbaineann an dara ceist leis an bhféidearthacht go ndéanfadh na finnéithe féin agóid i gcoinne an chinnidh sin.

31.

De réir cásdlí socair, is faoin gcúirt náisiúnta ar tugadh an díospóid os a comhair, agus nach mór di freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach ina dhiaidh sin, agus fúithi sin amháin, atá sé a chinneadh, i bhfianaise imthosca sonracha an cháis, an gá atá le réamhrialú chun go mbeidh sí in ann breithiúnas a thabhairt agus ábharthacht na gceisteanna a chuireann sí isteach. Dá bhrí sin, i gcás ina mbaineann na ceisteanna a tharchuirtear le léiriú dhlí an Aontais, tá sé de cheangal ar an gCúirt, i bprionsabal, rialú a thabhairt. Dá bhrí sin, tá toimhde ábharthachta ann maidir le ceisteanna a bhaineann le dlí an Aontais. Ní fhéadfaidh an Chúirt diúltú ceist arna tarchur ag cúirt náisiúnta le haghaidh réamhrialú a fhreagairt ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag an léiriú arna iarraidh ar dhlí an Aontais Eorpaigh le fíricí iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, más fadhb de chineál hipitéiseach í nó mura bhfuil an t-ábhar fíorasach nó dlíthiúil is gá ag an gCúirt Bhreithiúnais chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi. ( 20 )

32.

Is léir ó théacs an dara ceist, ó fhorálacha dhlí an Aontais dá dtagraíonn sí agus ó na mínithe san ordú tarchuir ( 21 ) go bhféachann an chúirt a rinne an tarchur lena fháil amach an féidir le daoine a gcuirtear toghairm orthu le cinneadh ITE fianaise a thabhairt mar fhinnéithe an cinneadh sin a chonspóid in imeachtaí dlíthiúla. Ní dhéanann na finnéithe a cuireadh toghairm orthu, eadhon Y.C. agus I.M.B., agóid i gcoinne bhailíocht chinneadh an 2 Feabhra 2023. Is éard atá sna príomhimeachtaí ná agóid ó na daoine atá faoi imscrúdú, eadhon I.R.O. agus F.J.L.R., i gcoinne an chinnidh sin. Sna himthosca sin, is léir, i mo thuairimse, nach bhfuil aon tionchar ag aon fhreagra ar an dara ceist ar thoradh na bpríomhimeachtaí agus gur de chineál hipitéiseach é. Agus an cásdlí dá dtagraítear i mír 31 den Tuairim seo á chur i bhfeidhm agam, molaim don Chúirt a dhearbhú go bhfuil an cheist sin do-ghlactha.

An chéad cheist, an tríú ceist agus an ceathrú ceist a bhreithniú agus a athfhoirmliú go comhpháirteach

33.

Molann an Coimisiún go scrúdódh an Chúirt an chéad cheist, an tríú ceist agus an ceathrú ceist le chéile. Glacaim leis an togra sin ós rud é go gcasann freagra na gceisteanna sin ar léirmhíniú Airteagal 42(1) de Rialachán OIPE.

34.

Ina theannta sin, táim den tuairim gur cheart na trí cheist sin a athfhoirmliú ( 22 ) chun a iarraidh an gcaithfear Airteagal 42(1) de Rialachán OIPE, arna léamh i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt, an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus phrionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta, a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta ar dá réir nach bhféadfaidh daoine atá faoi imscrúdú agóid dhíreach a dhéanamh os comhair cúirt náisiúnta inniúil i gcoinne cinneadh lena gcuireann ITE láimhseála toghairm ar thríú páirtithe chun teacht i láthair mar fhinnéithe, i gcomhthéacs an imscrúdaithe choiriúil i gcoinne na ndaoine sin. ( 23 )

35.

Cuireann na cúiseanna seo a leanas ina luí orm an t-athfhoirmliú sin a mholadh. Mar a thugaim faoi deara i mír 32 den Tuairim seo, eascraíonn an díospóid sna príomhimeachtaí as caingean arna tionscnamh ag daoine atá faoi imscrúdú i gcoinne cinneadh lenar thoghairm ITEnna láimhseála tríú páirtithe chun teacht os a gcomhair mar fhinnéithe. Féadfar na forálacha dá dtagraítear sa cheathrú ceist, eadhon Airteagal 2 CAE, an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus Airteagal 47 den Chairt, a mheas i gcomhthéacs na ceiste athfhoirmlithe ós rud é go bhféachtar le hAirteagal 42(1) de Rialachán OIPE iad a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs ghníomhartha nós imeachta OIPE. ( 24 ) I bhfianaise na tagartha don dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus d’Airteagal 47 den Chairt araon, féadfaidh an Chúirt a chinneadh breithniú ar Airteagal 2 CAE a ligean thar ceal. Is léir ó fhorais an ordaithe tarchuir go n-ardaíonn an tríú ceist saincheist phrionsabal na coibhéise mar theorainn ar neamhspleáchas nós imeachta na mBallstát, rud atá san áireamh dá bhrí sin san athfhoirmliú atá beartaithe. Mar a leagtar amach ar bhealach níos mionsonraithe i mír 55 den Tuairim seo, is cosúil go nglactar leis san ordú tarchuir go gceanglaítear le hAirteagal 42(1) de Rialachán OIPE nach mór a bheith in ann agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh nós imeachta, amhail cinneadh an 2 Feabhra 2023, trí chaingean dhíreach os comhair cúirt náisiúnta inniúil.

Substaint

36.

Mar is léir ó Airteagal 1 de, déantar Rialachán OIPE a chomhtháthú i ndlíchóras na Spáinne le Dlí 9/2021. Leis an dlí sin, tugadh isteach córas nua nós imeachta trína ndéanann ITEnna cionta a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus trína ndéanann údarás breithiúnach náisiúnta, a bhfuil stádas tríú páirtí neamhchlaonta aige, cearta bunúsacha na ndaoine atá faoi imscrúdú a choimirciú. ( 25 ) Is é an breitheamh ráthaíochtaí ( 26 ) an t-údarás atá le bunú sa chúirt inniúil mar ‘chomhlacht nach bhfuil baint aige le seoladh an nós imeachta, ach atá freagrach, mar sin féin, as na cúraimí athbhreithnithe bhreithiúnaigh dá bhforáiltear go sainráite le [Dlí 9/2021]’. ( 27 ) [Aistriúchán neamhoifigiúil]

37.

I mo thuairimse, is léir go gcuireann Airteagal 42(1) de Rialachán OIPE d’oibleagáid ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le hathbhreithniú breithiúnach éifeachtach ar ghníomhartha nós imeachta OIPE atá ceaptha chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu ar thríú páirtithe. ( 28 ) Sa bhreis ar théarmaí aithris 88 de Rialachán OIPE a leagtar amach i mír 4 den Tuairim seo, is prionsabal ginearálta de dhlí an Aontais é cosaint bhreithiúnach éifeachtach ceart daoine aonair a eascraíonn as na traidisiúin bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit a chumhdaítear in Airteagail 6 agus 13 den Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, a síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950. Athdhearbhaíonn Airteagal 47 den Chairt an prionsabal sin ionas go gcuirfear san áireamh é, i gcomhthéacs amhail an comhthéacs a thagann chun cinn anseo, agus an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE á léiriú. ( 29 ) Ba cheart a mheabhrú freisin nach mór do na Ballstáit, agus dlí an Aontais á chur chun feidhme acu (mar atá sa chás seo), an ceart chun leighis éifeachtaigh a chumhdaítear sa chéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt a áirithiú. ( 30 )

38.

Gné lárnach den chás seo is ea an cheist an ionann cinneadh, lena gcuireann ITE toghairm ar thríú páirtí teacht i láthair os a chomhair mar fhinné, agus gníomh nós imeachta OIPE atá ceaptha éifeachtaí dlíthiúla a bheith aige ar na ndaoine atá faoi imscrúdú chun críocha Airteagal 42(1) de Rialachán OIPE. Más gníomh den sórt sin é an cinneadh sin, ceanglaítear leis an bhforáil sin go bhféadfadh sé a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach ag cúirt náisiúnta inniúil.

39.

Is é an chéad saincheist atá le cinneadh sa chomhthéacs sin an coincheap uathrialach de dhlí an Aontais é an téarma ‘gníomhartha nós imeachta OIPE atá ceaptha chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu ar thríú páirtithe’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] lena gceanglaítear é a léirmhíniú ar bhealach aonfhoirmeach ar fud an Aontais Eorpaigh. Chun an cheist sin a chinneadh, ní mór téacs na forála ina bhfuil an téarma sin a chur san áireamh, an comhthéacs ina bhfuil an fhoráil sin agus na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha ar cuid díobh í. ( 31 )

40.

Ní shainítear an coincheap sin i Rialachán OIPE agus níl an tagairt don dlí náisiúnta in Airteagal 42(1) cinntitheach maidir lena bhrí ná lena raon feidhme.

41.

Is léir ó théacs Airteagal 42(1) de Rialachán OIPE, arna léamh i bhfianaise scéim ghinearálta agus chuspóir ginearálta an Airteagail sin, go bhfuil sé d’aidhm aige dlínse a thabhairt do chúirteanna náisiúnta ( 32 ) athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar ghníomhartha a thiocfadh faoi dhlínse eisiach Chúirteanna an Aontais murach sin, ós rud é gur comhlacht de chuid an Aontais é OIPE ( 33 ). ( 34 ) Leanann sé ó Airteagal 42(2) go (8) de Rialachán OIPE go bhfuil Cúirteanna an Aontais inniúil chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht ghníomhartha OIPE, lasmuigh den dlínse a fhorchoimeádann mír 1 den Airteagal sin do chúirteanna náisiúnta. ( 35 ) Is amhlaidh atá, go háirithe, maidir le ‘cinntí riaracháin’ OIPE, dá dtagraítear i mír 8 agus a thagann faoi réim Airteagal 263(4) CFAE, i gcodarsnacht le ‘gníomhartha nós imeachta’ OIPE, dá dtagraítear i mír 1, atá, i bprionsabal, ( 36 ) faoi réir ‘athbhreithniú ag na cúirteanna náisiúnta inniúla’. [Aistriúchán neamhoifigiúil]

42.

Trí dhul ar iontaoibh an natha ‘beartaithe chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu ar thríú páirtithe’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] in Airteagal 42(1) de Rialachán OIPE, deimhnítear sa bhreis air sin go bhfuil sé beartaithe leis an bhforáil dlínse a thabhairt do chúirteanna náisiúnta a mbeadh glactha ag Cúirteanna an Aontais murach sin. Ina mbarúlacha i scríbhinn, cuireann OIPE, Rialtais na Fraince agus na Spáinne agus an Coimisiún in iúl go n-athchruthaíonn an abairt sin focal ar fhocal téacs na chéad mhíre d’Airteagal 263 CFAE ( 37 ), ina sainítear gníomhartha institiúidí, chomhlachtaí, oifigí nó ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh a bhfuil dlínse ag Cúirteanna an Aontais Eorpaigh athbhreithniú a dhéanamh orthu. ( 38 )

43.

Cúis eile a thacaíonn le léirmhíniú uathrialach agus aonfhoirmeach ar ‘ghníomhartha nós imeachta OIPE atá beartaithe éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu ar thríú páirtithe’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] is ea an gá atá le deighilt chomhsheasmhach dlínse a áirithiú idir cúirteanna náisiúnta agus Cúirteanna an Aontais i bhfeidhmiú rialaithe bhreithiúnaigh ar ghníomhartha OIPE. Dá bhrí sin, aontaím le tuairim OIPE ‘gur coincheap uathrialach de dhlí an Aontais iad gníomhartha nós imeachta OIPE atá beartaithe chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu ar thríú páirtithe’. ( 39 ) [Aistriúchán neamhoifigiúil]

44.

Maidir le hábhar an choincheapa sin, is léir ón gcéad mhír d’aithris 87 de Rialachán OIPE go n-áirítear go háirithe leis an nath ‘gníomhartha nós imeachta’ na ‘gníomhartha sin a ghlac OIPE le linn a chuid imscrúduithe’. [Aistriúchán neamhoifigiúil] Áirithítear leis an dara mír den aithris sin go bhfuil ‘gníomhartha nós imeachta OIPE a ghlactar roimh an díotáil’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] faoi réir athbhreithniú breithiúnach ag cúirteanna náisiúnta freisin. Áirítear leis an nath ‘gníomhartha nós imeachta’‘bearta imscrúdaithe’ de réir bhrí Airteagal 30 de Rialachán OIPE, ach níl sé teoranta dóibhsean amháin. ( 40 ) Dá bhrí sin, mar a chuireann I.R.O. agus F.J.L.R. agus OIPE isteach, is gníomh nós imeachta chun críocha Airteagal 42(1) de Rialachán OIPE é cinneadh lena gcuireann ITE toghairm ar dhuine chun teacht i láthair mar fhinné, dar liom. Is fíor nach n-áirítear in Airteagal 30(1) den Rialachán sin an cinneadh sin i measc na ‘[m]beart imscrúdaithe’ nach mór a bheith ar fáil do ITEnna sna Ballstáit ‘[a] laghad i gcásanna ina bhfuil an cion atá faoi réir an imscrúdaithe inphionóis le pionós uasta 4 bliana príosúnachta ar a laghad’. [Aistriúchán neamhoifigiúil] Foráiltear le hAirteagal 30(4) de Rialachán OIPE, áfach, ‘[go mbeidh ITEnna] i dteideal aon bheart eile a iarraidh nó a ordú ina mBallstát atá ar fáil d’ionchúisitheoirí faoin dlí náisiúnta i gcásanna náisiúnta comhchosúla, sa bhreis ar na bearta dá dtagraítear i mír 1’. Foráiltear go sainráite in Airteagal 43(1) de Dhlí 9/2021 go bhféadfaidh ITEnna daoine a thoghairm chun teacht i láthair mar fhinnéithe.

45.

Maidir leis an nath ‘atá ceaptha éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu ar thríú páirtithe’, [Aistriúchán neamhoifigiúil] is féidir a thuiscint ó úsáid na dtéarmaí comhionanna in Airteagal 263(1) CFAE ( 41 ) go raibh sé ar intinn ag an reachtóir, agus Airteagal 42(1) de Rialachán OIPE á achtú aige, a áirithiú, i gcóras athbhreithnithe bhreithiúnaigh arna oiriúnú do chineál sonrach OIPE, go bhféadfadh gníomhartha an chomhlachta sin ar cheart iad a bheith faoi réir athbhreithniú ag Cúirteanna an Aontais Eorpaigh de ghnáth trí bhíthin caingean dhíreach a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach os comhair cúirteanna náisiúnta, agus ar an gcaoi sin comhlíonadh an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus Airteagal 47 den Chairt a áirithiú.

46.

Dá bhrí sin, i mo thuairimse, mar a áitíonn OIPE, Rialtas na Fraince agus an Coimisiún go sainráite, tá feidhm ag cásdlí socair na Cúirte maidir leis an gcoincheap ‘gníomhartha atá ceaptha chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu ar thríú páirtithe’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] chun críocha Airteagal 263 CFAE maidir le léirmhíniú Airteagal 42(1) de Rialachán OIPE. Faoin gceathrú mír d’Airteagal 263 CFAE, arna léamh i gcomhar lena chéad mhír, tá caingean le haghaidh neamhniú in aghaidh gach beart nó gníomhartha a ghlacann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, is cuma cén fhoirm ina bhfuil siad, atá ceaptha chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu atá ceangailteach ar dhuine nádúrtha nó ar dhuine dlítheanach agus a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leasanna duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh trí athrú ar leith a dhéanamh ar a seasamh dlíthiúil. Chun a fháil amach an bhfuil éifeachtaí den sórt sin ag gníomh agus, dá réir sin, an bhféadfadh sé a bheith ina ábhar ag gníomh den sórt sin, is gá substaint an ghnímh sin a scrúdú agus a éifeachtaí a mheasúnú i bhfianaise critéar oibiachtúil, amhail a ábhar, agus an comhthéacs ina ndearnadh é agus cumhachtaí na hinstitiúide, an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta a ghlac é á gcur san áireamh, de réir mar is iomchuí. ( 42 )

47.

Ón méid sin roimhe seo, is féidir teacht ar an gconclúid nach raibh sé i gceist ag reachtas an Aontais an t-athbhreithniú breithiúnach éigeantach ar ghníomhartha nós imeachta OIPE dá bhforáiltear in Airteagal 42(1) de Rialachán OIPE a theorannú do chatagóirí sonracha. Agus é arna léamh i bhfianaise chásdlí na Cúirte a luaitear sa phointe roimhe seo, mar thoradh ar an bhforáil sin, ní mór go mbeadh aon ghníomh nós imeachta a ghlacann ITE le linn a imscrúduithe atá beartaithe chun éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha a chruthú a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leasanna tríú páirtithe trí athrú ar leith a dhéanamh ar a seasamh dlíthiúil in ann a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach ag cúirt náisiúnta inniúil. Ba cheart dom a rá freisin gur léir ó aithris 87 de Rialachán OIPE go bhfuil an nath ‘tríú páirtithe’, dá dtagraítear in Airteagal 42(1) de, le tuiscint sa chiall is leithne go n-áirítear leo ‘an duine atá faoi dhrochamhras’ ( 43 ), ‘an t-íospartach’ agus gach ‘duine leasmhar eile a bhféadfadh na gníomhartha sin dochar a dhéanamh dá gcearta’. ( 44 )

48.

Dearbhaíonn an chúirt a rinne an tarchur agus I.R.O. agus F.J.L.R. gur gníomh nós imeachta OIPE é cinneadh an 2 Feabhra 2023 a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aige orthu, mar dhaoine atá faoi imscrúdú, ós rud é (a) go sáraíonn sé a gceart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama agus (b) go bhféadfadh ráiteas finné breise ó Y.C. fianaise inchoiritheach a nochtadh a d’fhéadfadh ITEnna láimhseála a úsáid in imeachtaí coiriúla ina gcoinne. Os a choinne sin, áitíonn OIPE, Rialtais na Fraince agus na Spáinne agus an Coimisiún, ar bhonn argóintí éagsúla, ( 45 ) nach beart é cinneadh ó ITE láimhseála tríú páirtí a thoghairm chun fianaise a thabhairt mar fhinné a bhfuil a éifeachtaí dlíthiúla ceangailteach ar dhaoine atá faoi imscrúdú, agus a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leasanna na ndaoine sin, trí athrú ar leith a dhéanamh ar a seasamh dlíthiúil.

49.

San achoimre, nílim cinnte faoi na hargóintí a cuireadh chun cinn thar ceann I.R.O. agus F.J.L.R. arna nglacadh ag an gcúirt a rinne an tarchur. Mar a thugann Rialtais na Fraince agus na Spáinne agus an Coimisiún faoi deara, d’fhéadfadh fianaise de chineál inchoiritheach agus saorthach a bheith i gceist le scrúdú finné. Tá sé ábhartha a chur in iúl, sa chomhthéacs sin, go bhforáiltear le hAirteagal 5(4) de Rialachán OIPE, ‘go ndéanfaidh OIPE a chuid imscrúduithe ar bhealach neamhchlaonta agus go lorgóidh sé gach fianaise ábhartha, bíodh sí inchoiritheach nó saorthach’. ( 46 ) Deir Rialtas na Fraince freisin go bhféadfadh sé gurb é an t-aon chuspóir amháin a bheadh ag scrúdú den sórt sin fíricí áirithe a shoiléiriú, faisnéis chúlra a sholáthar, sásra casta a mhíniú don imscrúdaitheoir nó léargas a thabhairt ar phearsantacht na ndaoine lena mbaineann. Aontaím, cé go bhféadfadh toghairm agus éisteacht finné fad a chur le fad nós imeachta, go bhféadfadh bearta den sórt sin seoladh imscrúdaithe a éascú agus, ar aon chuma, rannchuidiú le himscrúdú críochnúil ar líomhaintí.

50.

D’ainneoin na mbarúlacha sin, táim den tuairim nach féidir measúnú a dhéanamh ar an gceist i dtaobh an gníomh nós imeachta é cinneadh ag ITE tríú páirtí a thoghairm chun teacht i láthair mar fhinné a bhfuil sé mar aidhm leis éifeachtaí dlíthiúla a bheith aige ar dhuine atá faoi imscrúdú agus nach féidir é a fhreagairt ar bhealach ginearálta agus teibí.

51.

Ní oibríonn OIPE in aon réimse dlí amháin agus ní rialaítear nósanna imeachta OIPE ach i bpáirt le Rialachán OIPE. ( 47 ) Mar a dúirt an tAbhcóide Ginearálta Ćapeta, ‘go deimhin, is comhlacht aonair doroinnte é OIPE, ach feidhmíonn sé gan dlí coiriúil substainteach coiteann ná dlí coiriúil nós imeachta coiteann’, agus ‘braitheann na saincheisteanna sin den chuid is mó ar dhlíthe na mBallstát, agus d’fhéadfadh éagsúlachtaí a bheith idir na Ballstáit ó thaobh na réiteach a ghlacann siad’. ( 48 ) Seachas cearta nós imeachta dhlí an Aontais nach mór, de bhun Airteagal 41(2) de Rialachán OIPE, a ráthú ‘ar a laghad’ do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus do dhaoine cúisithe in imeachtaí coiriúla, mar thoradh ar spleáchas Rialachán OIPE ar an dlí náisiúnta, tá cearta na ndaoine lena mbaineann na nósanna imeachta sin éagsúil ag brath ar an mBallstát ina ndéanann OIPE cionta a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Ar an gcaoi chéanna, ós rud é go bhforáiltear le hAirteagal 30(5) de Rialachán OIPE go bhfuil na ‘nósanna imeachta agus na módúlachtaí chun na bearta a dhéanamh’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] dá dtagraítear i míreanna 1 agus 4 den Airteagal sin faoi rialú ag an ‘dlí náisiúnta is infheidhme’ [Aistriúchán neamhoifigiúil], d’fhéadfadh sé a bheith mar thoradh ar ghníomh nós imeachta, amhail toghairm finné, arna ghlacadh ag ITE láimhseála i mBallstát amháin nach mbeadh éifeachtaí dlíthiúla aige ar staid na ndaoine a mbaineann an gníomh sin leo, cé go mbeadh na héifeachtaí sin ag an ngníomh nós imeachta céanna arna ghlacadh i mBallstát eile. Mar a thug Rialtais na Fraince agus na hÍsiltíre faoi deara ag an éisteacht, is dócha, dá bhrí sin, go mbeidh raon feidhme ghníomhartha nós imeachta OIPE atá faoi réir athbhreithniú os comhair cúirteanna náisiúnta éagsúil ag brath ar an dlí náisiúnta is infheidhme. Eascraíonn an ceanglas maidir le measúnú in concreto a dhéanamh ar an tsaincheist seo freisin as an gcásdlí dá dtagraím i mír 46 den Tuairim seo, as a leanann sé gur gá na critéir oibiachtúla dá dtagraítear inti a chur san áireamh.

52.

Mar gheall ar an méid sin roimhe seo, molaim go mbeadh sé míchuí don Chúirt seasamh ginearálta a ghlacadh maidir leis an gceist an dtagann cinneadh lena gcuireann ITE láimhseála toghairm ar thríú páirtí chun teacht os a comhair mar fhinné faoi raon feidhme Airteagal 42(1) de Rialachán OIPE. Ar deireadh thiar, is faoi na cúirteanna náisiúnta atá sé an tsaincheist sin a chinneadh, trína fháil amach an gníomh é an cinneadh sin atá ceaptha chun éifeachtaí dlíthiúla a chruthú atá ceangailteach ar an tríú páirtí lena mbaineann, agus a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leasanna an tríú páirtí sin, trí athrú ar leith a dhéanamh ar a sheasamh dlíthiúil. Chuige sin, ní mór do chúirteanna náisiúnta substaint an chinnidh a scrúdú agus measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí sin i bhfianaise critéir oibiachtúla, amhail a ábhar, agus an comhthéacs sonrach nós imeachta ina ndearnadh é agus cumhachtaí an chomhlachta a ghlac é á gcur san áireamh, de réir mar is iomchuí. Más rud é, tar éis an scrúdú sin a chur i gcrích, go gcinnfidh cúirt náisiúnta nach bhfuil sé beartaithe go mbeadh éifeachtaí dlíthiúla ag an gcinneadh, lena gcuireann ITE láimhseála toghairm ar thríú páirtí teacht os a comhair mar fhinné, ar dhaoine atá faoi imscrúdú, bheadh reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear cosc ar athbhreithniú breithiúnach ar an gcinneadh sin comhoiriúnach le hAirteagal 42(1) de Rialachán OIPE, arna léamh i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt agus an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, agus phrionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta.

53.

Ina Thuairim in Asociaţia ‘Forumul Judecătorilor din România’ agus páirtithe eile, cuireann an tAbhcóide Ginearálta Bobek in iúl nach mór do dhuine aonair gur mian leis tairbhe a bhaint as Airteagal 47 den Chairt chun bunús a thabhairt le ceart nós imeachta a ráthaítear leis an bhforáil sin, ‘ceart nó saoirse’ a bheith aige faoi dhlí an Aontais a bhfuil sé ag iarraidh é a fhorfheidhmiú os comhair cúirte. ( 49 ) Aontaím leis an gCoimisiún, mura bhfuil cinneadh tríú páirtí a thoghairm mar fhinné ceaptha éifeachtaí dlíthiúla a bheith aige ar dhaoine atá faoi imscrúdú, nach ndéantar difear do sheasaimh dhlíthiúla na ndaoine sin agus nach féidir leo brath ar cheart a dhíorthaítear ó dhlí an Aontais, rud a fhágann go bhfuil cur i bhfeidhm Airteagal 47 den Chairt gan éifeacht. In éagmais aon éifeachtaí dlíthiúla, ar an gcaoi chéanna ní thagann fáil ar leigheas éifeachtach i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE chun cinn. Ar deireadh, mura dtugann aon fhoráil de Rialachán OIPE ná d’aon ghníomh eile de chuid an Aontais ceart do dhaoine atá faoi imscrúdú agóid a dhéanamh os comhair cúirteanna náisiúnta i gcoinne ghníomhartha nós imeachta OIPE nach bhfuil ceaptha chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu ar thríú páirtithe, ní dhéantar aon sárú ar phrionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta.

54.

Dá gcinnfeadh cúirt náisiúnta gur gníomh é cinneadh, amhail cinneadh an 2 Feabhra 2023, a thagann faoi raon feidhme Airteagal 42(1) de Rialachán OIPE, ceanglaítear leis an bhforáil sin go mbeadh cinneadh den sórt sin ‘faoi réir athbhreithniú ag na cúirteanna náisiúnta inniúla’. Cad é comhdhéanamh an athbhreithnithe bhreithiúnaigh sin? I gcomhthéacs an tarchuir seo le haghaidh réamhrialú, an gceanglaítear léi go mbeadh gníomhaíocht dhíreach ar fáil chun agóid a dhéanamh i gcoinne bhailíocht an chinnidh sin?

55.

Sa chás seo, tá comhthuiscint ann, faoi dhlí na Spáinne, nach féidir le cinneadh lena gcuireann ITE láimhseála toghairm ar thríú páirtí teacht os a comhair mar fhinné a bheith ina ábhar ag caingean dhíreach ag daoine atá faoi imscrúdú os comhair cúirt náisiúnta. Is léir ón ordú tarchuir go mbraitheann an chúirt a rinne an tarchur ar an mbonn go raibh sé beartaithe ag reachtas an Aontais Eorpaigh nach mór do ghníomhartha a thagann faoi raon feidhme Airteagal 42(1) de Rialachán OIPE a bheith in ann agóid a dhéanamh ina gcoinne trí bhíthin caingean dhíreach. Dealraíonn sé, dá bhrí sin, nach raibh sé d’aidhm ag reachtas an Aontais na rialacha mionsonraithe a shainiú faoina bhféadfaí athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar ghníomhartha den sórt sin, agus mar thoradh air sin go bhféadfaí athbhreithniú den sórt sin a sheoladh go hindíreach. ( 50 ) Os a choinne sin, ina bharúlacha i scríbhinn, áitíonn Rialtas na hIodáile nach gceanglaítear le hathbhreithniú breithiúnach ar ghníomhartha nós imeachta OIPE atá ceaptha chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu ar thríú páirtithe go mbeadh caingean ar fáil chun iad a neamhniú. Léiríonn sé, murab ionann agus an seasamh sa Spáinn, gur chuir Cód Nós Imeachta Coiriúil na hIodáile deireadh leis an mbreitheamh imscrúdaithe, agus deireadh á chur aige ag an am céanna le haon rialú ex ante ar ghníomh nós imeachta OIPE chun tríú páirtí a thoghairm chun fianaise a thabhairt. Ina ionad sin, tá dlínse ag cúirt na trialach rialú ar dhlíthiúlacht na fianaise go léir a thugtar ar aird os a comhair agus, i gcás inarb iomchuí, neamhaird a thabhairt uirthi. ( 51 ) Ag an éisteacht, mar fhreagra ar cheist i scríbhinn ón gCúirt, d’áitigh OIPE agus Rialtais na Fraince, na hÍsiltíre agus na Spáinne ar fad go gcomhlíonann rialú breithiúnach teagmhasach ar bhailíocht ghníomhartha nós imeachta OIPE ceanglais Airteagal 42(1) de Rialachán OIPE. Ghlac OIPE leis nach raibh aon leigheas dlí díreach ann i gcoinne chinntí ITEnna bearta imscrúdaithe a ghlacadh. Mhaígh sí gur cuireadh roinnt leigheasanna teagmhasacha ar fáil le dlí na Spáinne chun athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar na bearta sin le linn chéim an imscrúdaithe agus, tar éis é a dhúnadh, ag céim ó bhéal trialach coiriúla, agus ar an gcaoi sin ráthaítear an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach agus urraim do chearta na cosanta. Bhí Rialtas na Fraince, Rialtas na hÍsiltíre agus Rialtas na Spáinne den tuairim chéanna.

56.

Le hAirteagal 42(1) de Rialachán OIPE, tugtar corrlach lánroghnach do na Ballstáit, i gcomhthéacs a neamhspleáchais ó thaobh nósanna imeachta de, ina luaitear ann go ndéanfar an t-athbhreithniú breithiúnach atá beartaithe faoi ‘i gcomhréir leis na ceanglais agus na nósanna imeachta a leagtar síos leis an dlí náisiúnta’. [Aistriúchán neamhoifigiúil] ( 52 ) Ní chinntear leis an bhforáil sin cineál an ‘athbhreithnithe’ sin ná an cineál cinnidh a fhéadfaidh cúirt náisiúnta a dhéanamh agus í á feidhmiú.

57.

Ceanglaítear le hAithris 88 de Rialachán OIPE, san athbhreithniú os comhair cúirteanna náisiúnta ar dhlíthiúlacht ghníomhartha nós imeachta OIPE atá ceaptha chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu ar thríú páirtithe, ‘ba cheart leigheasanna éifeachtacha a áirithiú i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE’. [Aistriúchán neamhoifigiúil] Leis an bhforáil sin den Chonradh, forchuirtear oibleagáid ar na Ballstáit leigheas éifeachtach a chur ar fáil do gach duine a ndéantar a chearta agus a shaoirsí a ráthaítear le dlí an Aontais a shárú, i gcomhréir leis an méid a leagtar síos sa chéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt. Áirítear leis ceart chun agóid a dhéanamh os comhair cúirte i gcoinne aon ghnímh a dhéanann dochar do dhuine a d’fhéadfadh na cearta agus na saoirsí sin a shárú, ach ní cheanglaítear leis leigheas díreach a bheith ar fáil arb é is príomhchuspóir dó amhras a chaitheamh ar bhailíocht birt ar leith a iomardú. Is leor, dá bhrí sin, leigheas dlí amháin nó níos mó a bheith ar fáil os comhair na gcúirteanna náisiúnta inniúla chun é a chur ar a chumas do shealbhóir cirt athbhreithniú indíreach a fháil ar dhlíthiúlacht birt chun a áirithiú go n-áirithítear na cearta agus na saoirsí a ráthaítear don duine sin le dlí an Aontais. ( 53 ) Sna himeachtaí seo atá faoi chaibidil, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a chinneadh an bhféadfadh daoine atá faoi imscrúdú agóid a dhéanamh go hindíreach i gcoinne dlíthiúlacht cinnidh lenar chuir ITE láimhseála toghairm ar thríú páirtí chun teacht i láthair mar fhinné.

58.

Gan beann ar an bhféidearthacht sin a bheith ann, chun freagra iomlán a thabhairt ar na ceisteanna a chuir an chúirt a rinne an tarchur, ní mór don Chúirt a léiriú freisin an gcomhlíonann na nósanna imeachta a thuairiscítear san ordú tarchuir prionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta, dá dtagraítear go sainráite sa chéad mhír d’aithris 88 de Rialachán OIPE.

59.

De réir cásdlí socair, in éagmais rialacha AE maidir leis an ábhar, is faoi dhlíchóras gach Ballstáit atá sé rialacha nós imeachta a bhunú le haghaidh caingne atá beartaithe chun cearta daoine aonair a choimirciú, i gcomhréir le prionsabal an neamhspleáchais ó thaobh nósanna imeachta de. Tá an ceanglas sin faoi réir an choinníll nach bhfuil na rialacha sin, i gcásanna a chumhdaítear le dlí an Aontais, níos mífhabhraí ná na rialacha lena rialaítear cásanna náisiúnta comhchosúla (prionsabal na coibhéise) agus nach bhfágann siad go bhfuil sé ródheacair nó dodhéanta sa chleachtas na cearta a thugtar le dlí an Aontais a fheidhmiú (prionsabal na héifeachtachta). ( 54 )

60.

Maidir le prionsabal na héifeachtachta, ní cheanglaítear le dlí an Aontais ar na Ballstáit leigheasanna a bhunú seachas na leigheasanna sin atá ann faoin dlí náisiúnta, ach amháin más léir ó scéim fhoriomlán an chórais dlí atá i gceist nach bhfuil aon leigheas ann a d’fhágfadh go bhféadfaí a áirithiú, fiú go hindíreach, go n-urramófaí na cearta a eascraíonn as dlí an Aontais do dhaoine aonair, nó gurb é an t-aon bhealach éifeachtach chun rochtain a fháil ar chúirt ná go mbrisfeadh daoine aonair an dlí. ( 55 ) Dá gcinnfeadh an chúirt a rinne an tarchur go bhféadfaí bailíocht na mbeart iomardaithe a bhreithniú go héifeachtach trí mhodhanna indíreacha, is cosúil nach bhfuil aon fhorais ann lena chinneadh go sáraíonn na nósanna imeachta a thuairiscítear san ordú tarchuir prionsabal na héifeachtachta.

61.

Maidir le prionsabal na coibhéise, léirítear san fhaisnéis arna soláthar ag an gcúirt a rinne an tarchur, cé go gcuirtear cosc leis na rialacha nós imeachta náisiúnta is infheidhme maidir le OIPE ar an bhféidearthacht athbhreithniú breithiúnach díreach a dhéanamh ar chinneadh lena gcuirtear toghairm ar thríú páirtí teacht i láthair mar fhinné, go bhféadfadh cinneadh coibhéiseach arna ghlacadh faoin gCód um Nós Imeachta Coiriúil a bheith ina ábhar achomhairc chuig an mbreitheamh imscrúdaithe nó chuig cúirt níos airde. Dá bhrí sin, is cosúil go bhfuil daoine atá faoi imscrúdú i staid dhifriúil agus mhíbhuntáisteach nuair a dhearbhaíonn siad cearta a eascraíonn go díreach ó dhlí an Aontais i gcomparáid leis an uair a dhearbhaíonn siad cearta faoin gCód um Nós Imeachta Coiriúil. Sna himthosca sin, is cosúil, mar a áitíonn an chúirt a rinne an tarchur agus I.R.O. agus F.J.L.R. araon, go sáraíonn na nósanna imeachta a thuairiscítear san ordú tarchuir prionsabal na coibhéise.

62.

D’admhaigh OIPE agus Rialtas na Spáinne go gcuireann siad i gcoinne léirmhíniú na cúirte a rinne an tarchur ar an dlí náisiúnta, ag áitiú, go bunúsach, de réir cásdlí náisiúnta áirithe, go bhféadfadh feidhm a bheith ag Airteagal 311 den Chód um Nós Imeachta Coiriúil, lena bhforáiltear go bhféadfadh sé nach mbeadh cinntí chun bearta imscrúdaithe arna lorg ag na páirtithe a ghlacadh ina n-ábhar achomhairc. Mar fhreagra air sin, is leor a mheabhrú, de réir cásdlí socair, nach faoin gCúirt atá sé, i gcomhthéacs tarchur chun réamhrialú, rialú a thabhairt ar léirmhíniú ar an dlí náisiúnta nó cinneadh a dhéanamh an bhfuil léiriú na cúirte a rinne an tarchur ar a forálacha ceart, a dtagann an t-ábhar sin faoi dhlínse eisiach na gcúirteanna náisiúnta. ( 56 )

Conclúid

63.

Dá bhrí sin, molaim don Chúirt Bhreithiúnais freagra a thabhairt ar na ceisteanna arna dtarchur ag an Juzgado Central de Instrucción no 6 de la Audiencia Nacional (Cúirt Lárnach Réamh-Imscrúdaithe Uimh. 6 den Ard-Chúirt Náisiúnta, an Spáinn) le haghaidh réamhrialú mar seo a leanas:

Caithfear Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, arna léamh i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus phrionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta,

a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta ar dá bun nach bhféadfaidh daoine atá faoi réir imscrúdú ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agóid dhíreach a dhéanamh os comhair cúirt náisiúnta inniúil i gcoinne cinneadh lena ndéanann an tIonchúisitheoir Tarmligthe Eorpach atá ag láimhseáil an cháis, i gcomhthéacs an imscrúdaithe sin, tríú páirtithe a thoghairm chun teacht i láthair mar fhinnéithe i gcás ina bhfuil sé beartaithe go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag an gcinneadh sin ar na daoine sin. Is faoin gcúirt náisiúnta atá sé an tsaincheist sin a chinneadh trína fháil amach an gníomh é cinneadh den sórt sin atá ceaptha chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith aige atá ceangailteach ar leasanna na ndaoine sin agus a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dóibh trí athrú ar leith a dhéanamh ar a sheasamh dlíthiúil. Chuige sin, ní mór don chúirt náisiúnta substaint an chinnidh a scrúdú agus measúnú a dhéanamh ar a éifeachtaí i bhfianaise critéir oibiachtúla, amhail a ábhar, agus an comhthéacs ina ndearnadh é agus cumhachtaí an chomhlachta a ghlac é á gcur san áireamh, de réir mar is iomchuí.


( 1 ) Bunteanga: an Béarla.

( i ) Rinneadh leasuithe teanga (agus formáidithe) ar fhonóta 32 tar éis dó a bheith foilsithe ar líne den chéad uair.

( 2 ) Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú [OIPE] (IO 2017 L 283, lch. 1) (‘Rialachán OIPE’). Glacadh Rialachán OIPE trí chomhar feabhsaithe faoi Airteagal 86 CFAE. Nuair a úsáidtear sa rialachán é, is do na Ballstáit rannpháirteacha a thagraíonn an téarma ‘Ballstát’ de ghnáth (Airteagal 2(1) de Rialachán OIPE).

( 3 ) Airteagal 3(1), Airteagal 6(1) agus Airteagal 8(1) de Rialachán OIPE.

( 4 ) Airteagal 8(2) go (4) de Rialachán OIPE.

( 5 ) Airteagal 13(1) de Rialachán OIPE.

( 6 ) Faoi Airteagal 13(1) agus Airteagal 28(1) de Rialachán OIPE, féadfaidh ITE atá freagrach as imscrúduithe agus ionchúisimh a thionscain sé nó sí, iad siúd a leithdháiltear air nó uirthi nó iad siúd a ghlac sé nó sí ar láimh trí úsáid a bhaint as an gceart easghairme (‘ITE láimhseála’), i gcomhréir leis an Rialachán sin agus le dlí an Bhallstáit ábhartha, imscrúdú agus bearta eile a dhéanamh nó treoir a thabhairt do na húdaráis inniúla sa Bhallstát ábhartha é sin a dhéanamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2023, G. K. agus páirtithe eile (Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh), C-281/22, EU:C:2023:1018, mír 43).

( 7 ) Airteagal 13(1) agus (3) agus aithris 43 de Rialachán OIPE.

( 8 ) Dá dtagraítear freisin sa dara mír d’aithris 88 de Rialachán OIPE.

( 9 ) Airteagail 26 go 42 de Rialachán OIPE.

( 10 ) Le reachtaíocht na Spáinne, cruthaíodh oifig an bhreithimh ráthaíochtaí chun rialú breithiúnach a fheidhmiú ar ghníomhaíochtaí OIPE mar imscrúdaitheoir (féach mír 36 den Tuairim seo).

( 11 ) Le hAirteagal 42(1) de Rialachán OIPE tugtar dlínse freisin do chúirteanna náisiúnta athbhreithniú a dhéanamh ar mhainneachtain OIPE gníomh nós imeachta a ghlacadh a cheanglaítear air a dhéanamh faoin rialachán sin agus a bhfuil sé beartaithe éifeachtaí den sórt sin a bheith aige. Ní bhaineann an cás seo le feidhmiú na dlínse sin.

( 12 ) BOE Uimh. 157, 2 Iúil 2021, lch. 78523.

( 13 ) Cion dá dtagraítear in Airteagal 308 nó, i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 306 de Ley Orgánica 10/1995 del Código Penal (Cód Coiriúil) an 23 Samhain 1995 (BOE Uimh. 281 an 24 Samhain 1995, lch. 33987).

( 14 ) Luaitear an 9 Meitheamh 2021 san ordú tarchuir. Ó bharúlacha Rialtas na Spáinne agus OIPE, is cosúil gurb é an 9 Meitheamh 2022 dáta an ordaithe.

( 15 ) Ar bhonn Airteagal 308 nó, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 306 den Chód Coiriúil faoi seach agus Airteagail 390 agus 392 den Chód sin.

( 16 ) Ní dhearna Y.C. ná I.M.B. agóid i gcoinne chinneadh an 2 Feabhra 2023.

( 17 ) Braitheann an chúirt a rinne an tarchur ar Airteagal 410 den Chód um Nós Imeachta Coiriúil, lena bhforáiltear ‘go bhfuil sé d’oibleagáid ar dhaoine a chónaíonn ar chríoch na Spáinne, cibé acu náisiúnaigh [Spáinneacha] nó náisiúnaigh eachtracha, nach gcuirtear cosc orthu é sin a dhéanamh, teacht i láthair, mar fhreagra ar thoghairm bhreithiúnach a chomhlíonann na foirmiúlachtaí a leagtar síos leis an dlí, chun gach a bhfuil ar eolas acu maidir leis na ceisteanna a chuirtear orthu a chur in iúl.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] Cuireann sí in iúl freisin, faoi Airteagal 420 den Chód sin, má mhainníonn an duine a thoghairtear mar fhinné teacht i láthair, go bhféadfar fíneáil a chur air nó uirthi nó é nó í a choinneáil mar gheall ar chion bac a chur ar cheartas.

( 18 ) Tagraíonn an chúirt a rinne an tarchur d’Airteagal 433 den Chód um Nós Imeachta Coiriúil, lena bhforáiltear i mír 2 ‘déanfaidh finnéithe a bhfuil lán-aois bainte amach acu mionn a mhionnú nó geallúint shollúnta a thabhairt gach a bhfuil ar eolas acu a shonrú mar fhreagra ar na ceisteanna a chuirtear agus ceanglaítear ar an mbreitheamh a chur in iúl dóibh, i bhfriotal soiléir agus intuigthe, go bhfuil sé d’oibleagáid orthu labhairt go fírinneach agus gur féidir leo cion i mionn éithigh a dhéanamh in imeachtaí coiriúla’. [Aistriúchán neamhoifigiúil]

( 19 ) Foráiltear le hAirteagal 766(1) den Chód um Nós Imeachta Coiriúil go ‘bhféadfaidh cinntí an bhreithimh imscrúdaithe agus an bhreithimh choiriúil, nach bhfuil díolmhaithe ó achomharc, a bheith faoi réir caingean chun an cinneadh nó achomharc a athrú...’. [Aistriúchán neamhoifigiúil]

( 20 ) Breithiúnas an 13 Deireadh Fómhair 2022, Baltijas Starptautiskā Akadēmija agus Scoil Eacnamaíochta Stócólm i Ríge (C-164/21 agus C-318/21, EU:C:2022:785, míreanna 32 agus 33 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 21 ) Féach mír 22 den Tuairim seo.

( 22 ) De réir cásdlí socair, i nós imeachta Airteagal 267 CFAE, is faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé freagra a thabhairt do chúirt náisiúnta a bheidh úsáideach di agus a chuirfidh ar a cumas cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcás atá os a comhair. Chuige sin, ba cheart don Chúirt Bhreithiúnais, i gcás inar gá, na ceisteanna a tharchuirtear a athfhoirmliú (breithiúnas (C-118/22, EU:C:2024:97, mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear)).

( 23 ) Molann Rialtas na Spáinne na ceisteanna a athfhoirmliú tríd an gcéad dá cheist a fhreagairt mar cheist amháin agus an dá cheist dheireanacha a fhreagairt le chéile. I bhfianaise mo chomhairle maidir le hinghlacthacht an dara ceist, is cosúil go bhfuil an cur chuige sin dochosanta.

( 24 ) Féach mír 37 den Tuairim seo.

( 25 ) Roinn II de bhrollach Dhlí 9/2021.

( 26 ) Sa chás seo, an Audiencia Nacional (an Ard-Chúirt Náisiúnta).

( 27 ) Roinn IV den bhrollach a ghabhann le Dlí 9/2021. Foráiltear le hAirteagal 8 de Dhlí 9/2021 ‘faoi chuimsiú an nós imeachta a rialaítear le [Dlí 9/2021]’ go bhfuil dlínse ag breitheamh na ráthaíochtaí chun ‘rialú a thabhairt maidir le hachomhairc i gcoinne chinntí [ITE]’. [Aistriúchán Neamhoifigiúil]

( 28 ) Tugann Herrnfeld, H.-H., Brodowski, D. agus Burchard, C. faoi deara ‘gur cheart mír 1 d’Airteagal 42 de Rialachán OIPE a léirmhíniú sa chaoi go mbronntar leis ní hamháin inniúlacht ar an mBallstát athbhreithniú breithiúnach a fheidhmiú “i gcomhréir leis na ceanglais agus na nósanna imeachta a leagtar síos leis an dlí náisiúnta”, ach arna léirmhíniú freisin i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt agus Airteagal 19(1) CAE, lena gceanglaítear ar na Ballstáit leibhéal cosanta a áirithiú atá (ar a laghad) coibhéiseach leis an gcosaint bhreithiúnach a chuirfeadh an [Chúirt] ar fáil faoi Airteagal 263 CFAE mura mbeadh an fhreagracht sin “aistrithe” ag Rialachán OIPE chuig na cúirteanna náisiúnta ina ionad sin’ (Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, Tráchtaireacht de réir Airteagail, Nomos, Baden-Baden, 2021, lch. 420). [Aistriúchán neamhoifigiúil]

( 29 ) Breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż. (Dlísheomra um Rialú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí – Ceapachán) (C-487/19, EU:C:2021:798, mír 102 agus an cásdlí dá dtagraítear), agus an 29 Márta 2022, Getin Noble Bank (C-132/20, EU:C:2022:235, mír 89).

( 30 ) Breithiúnas an 19 Nollaig 2019, Deutsche Umwelthilfe, (C-752/18, EU:C:2019:1114, mír 34 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 31 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2023, AUTOTECHNICA FLEET SERVICES (C-278/22, EU:C:2023:1026, mír 39 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 32 ) Féach, áfach, fonóta 36 den Tuairim seo.

( 33 ) Féach mír 1 den Tuairim seo.

( 34 ) I gcomhréir le hAirteagail 263 agus 265 CFAE. Foráiltear le hAirteagal 86(3) CFAE gur cheart do rialacháin ón gComhairle chun OIPE a bhunú, inter alia, ‘na rialacha is infheidhme maidir le hathbhreithniú breithiúnach ar bhearta nós imeachta arna ndéanamh ag [OIPE] i gcomhlíonadh a fheidhmeanna’ a chinneadh. Luaitear in aithris 86 de Rialachán OIPE, ina dtagraítear don fhoráil sin, go léiríonn an inniúlacht a thugtar do reachtas an Aontais ‘cineál sonrach chúraimí agus struchtúr OIPE, atá éagsúil ó chúraimí agus struchtúr chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí eile uile an Aontais agus a éilíonn rialacha speisialta maidir le hathbhreithniú breithiúnach’. [Aistriúchán neamhoifigiúil] Le hAirteagal 42(1) de Rialachán OIPE, mheas an Chomhairle gurbh iomchuí dlínse a thabhairt do chúirteanna náisiúnta athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar ghníomhartha nós imeachta OIPE i bhfianaise chineál hibrideach an chomhlachta sin agus toisc go n-oibríonn sé den chuid is mó ar bhonn an dlí náisiúnta nuair a dhéanann sé imscrúduithe agus nuair a dhéanann sé bearta eile (féach, maidir leis an bpointe deireanach sin, Airteagail 30 agus 31, agus an chéad mhír agus an dara mír d’aithris 87 de Rialachán OIPE). Mar a chuir barúlacha i scríbhinn an Choimisiúin isteach, mheas reachtas an Aontais ‘go raibh an córas sin níos comhleanúnaí agus gur oibrigh sé níos fearr, ós rud é, de bhun Airteagal 86(2) CFAE, go dtionscnaíonn [OIPE] imeachtaí coiriúla os comhair chúirteanna inniúla na mBallstát’. [Aistriúchán neamhoifigiúil] Tá sé de bhuntáiste breise aige go seachnaítear ‘rialú breithiúnach a roinnt idir Cúirteanna an Aontais le linn an imscrúdaithe agus na cúirteanna náisiúnta le linn na trialach, agus é á chur san áireamh go bhfeidhmítear an rialú sin i gcomhréir le Rialachán 2017/1939 agus le dlí an Aontais, arna fhorlíonadh, den chuid is mó, le rialacha nós imeachta náisiúnta’. [Aistriúchán neamhoifigiúil]

( 35 ) Lena n-áirítear, trí bhíthin dlínse, réamhrialuithe a thabhairt faoi Airteagal 267 CFAE (féach Airteagal 42(2) de Rialachán OIPE).

( 36 ) Le hAirteagal 42(3) de Rialachán OIPE, díolmhaítear ó mhír 1 cinntí OIPE cás a dhíbhe i gcomhréir le hAirteagal 39. Maidir leis an bhféidearthacht d’iarratasóirí faoi phribhléid agóid a dhéanamh i gcoinne ghníomhartha nós imeachta OIPE os comhair na Cúirte, féach aithris 89 de Rialachán OIPE. Féach freisin Airteagal 42(2)(a) de Rialachán OIPE, lena dtugtar dlínse don Chúirt réamhrialuithe a thabhairt faoi Airteagal 267 CFAE maidir le bailíocht ghníomhartha nós imeachta OIPE, a mhéid a ardaítear ceist den sórt sin os comhair cúirt náisiúnta ar bhonn dhlí an Aontais.

( 37 ) Féach freisin na tagairtí d’Airteagal 263(4) CFAE in Airteagal 42(3) agus (8) de Rialachán OIPE.

( 38 ) Fágann an abairt sin freisin gur féidir idirdhealú a dhéanamh idir gníomhartha nós imeachta OIPE a thagann faoi raon feidhme Airteagal 42(1) de Rialachán OIPE, agus, dá bhrí sin, ar féidir leis na cúirteanna náisiúnta athbhreithniú a dhéanamh orthu, agus gníomhartha OIPE nach bhfuil ceaptha éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu ar thríú páirtithe. Soiléirítear sa tríú mír d’aithris 87 de Rialachán OIPE go bhfuil cúirteanna náisiúnta i dteideal, ach nach bhfuil sé d’oibleagáid orthu, rialú breithiúnach a fheidhmiú ar ghníomhartha OIPE nach bhfuil ceaptha éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu ar thríú páirtithe i gcomhréir leis an dlí náisiúnta a bhaineann leo.

( 39 ) Is cosúil go bhfuil an tuairim sin ag an litríocht dhlíthiúil: mar shampla, féach Herrnfeld, H.-H., Brodowski, D. agus Burchard, C., op. cit., lgh. 409 go 410, agus Luchtman, M., Forum Choice and Judicial Review Under the EPPO’s Legislative Framework, in Geelhoed, W., Erkelens, L. agus Meij, A. (eagarthóirí), Shifting Perspectives on the European Public Prosecutor’s Office, Asser Press, an Háig, 2018, lch. 165.

( 40 ) Féach, go háirithe, an dara mír d’aithris 87 de Rialachán OIPE, ina dtagraítear do ‘ghníomhartha nós imeachta a bhaineann le rogha an Bhallstáit a mbeidh a chúirteanna inniúil an t-ionchúiseamh a éisteacht’, agus Airteagal 42(3) de, ina dtagraítear do ‘chinntí OIPE cás a dhíbhe’. [Aistriúchán neamhoifigiúil]

( 41 ) Féach mír 42 den Tuairim seo.

( 42 ) Breithiúnas an 18 Meitheamh 2024, anCoimisiún v SRB (C-551/22 P, EU:C:2024:520, mír 65 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 43 ) I mo thuairimse, tá an coincheap ‘investigado’ (duine atá faoi imscrúdú) i ndlí na Spáinne coibhéiseach leis an gcoincheap ‘duine atá faoi dhrochamhras’.

( 44 ) Mar a thugann OIPE agus Rialtas na Fraince le fios ina mbarúlacha, de réir chásdlí na Cúirte, i gcás ina dtionscnaíonn iarratasóir nach bhfuil faoi phribhléid caingean le haghaidh neamhniú i gcoinne beart nár díríodh air, tá forluí idir an ceanglas go bhféadfadh aon éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha a bheadh ag an mbeart sin difear a dhéanamh do leasanna an iarratasóra trí athrú ar leith a dhéanamh ar a staid dhlíthiúil agus an coinníoll sa cheathrú mír d’Airteagal 263 CFAE nach mór don ghníomh sin a bheith ina ábhar imní díreach agus aonair don duine sin (breithiúnas an 13 Deireadh Fómhair 2011, Deutsche Post agus an Ghearmáin v an Coimisiún, C-463/10 P agus C-475/10 P, EU:C:2011:656, mír 38). I mo thuairimse, tá feidhm ag an gcur chuige céanna maidir le hAirteagal 42(1) de Rialachán OIPE.

( 45 ) Áitíonn OIPE nach raibh ráiteas finné Y.C. mar bhonn leis na cionta líomhnaithe a chur i leith I.R.O. agus F.J.L.R. Dá mba rud é go raibh ITEnna láimhseála chun fianaise inchoiritheach nua ina n-aghaidh a bhailiú ó ráiteas finné eile ó Y.C., ní bheadh aon athrú ar a seasamh dlíthiúil mar dhaoine atá faoi imscrúdú. Áitíonn an Coimisiún gur gníomh ullmhúcháin amháin atá i dtoghairm fhinné. Is éard atá i ráiteas finné fíorais líomhnaithe nach dócha go mbeadh éifeacht cheangailteach acu a d’athródh seasamh dlíthiúil duine atá faoi dhrochamhras. Cruthaítear éifeacht dhlíthiúil cheangailteach ag céim níos déanaí sna himeachtaí nuair a athraíonn stádas an duine, tar éis díotála, ón stádas mar dhuine atá faoi dhrochamhras go dtí duine cúisithe; agus, i ndeireadh na dála, ar chiontú nó ar éigiontú an duine sin.

( 46 ) Féach freisin na cearta nós imeachta a ráthaítear le hAirteagal 41 de Rialachán OIPE do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus do dhaoine atá cúisithe.

( 47 ) Féach míreanna 1 agus 2 den Tuairim seo.

( 48 ) Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Ćapeta in G. K. agus páirtithe eile (Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh) (C-281/22, EU:C:2023:510, mír 20).

( 49 ) Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Bobek in Asociaţia ‘Forumul Judecătorilor din România’ agus páirtithe eile (C-83/19, C-127/19, C-195/19, C-291/19 agus C-355/19, EU:C:2020:746, mír 197).

( 50 ) Diúltaíonn an chúirt a rinne an tarchur d’argóint ITEnna bunaithe ar Airteagal 29 de Dhlí 9/2021, a bhaineann, in aon chás, le cás nach bhfuil aon tionchar aige ar an tarchur seo, eadhon cás na ndaoine atá faoi imscrúdú a gcuirtear toghairm dhéanach orthu teacht i láthair ag an gcéad éisteacht chun fíorais agus cruthúnais a chur in iúl. Ní dhéanann na barúlacha i scríbhinn a chomhdaigh OIPE, Rialtais na Fraince agus na Spáinne agus an Coimisiún agóid i gcoinne réamhleagan na cúirte a rinne an tarchur.

( 51 ) Ar an gcaoi chéanna, luaitear i mbarúlacha i scríbhinn Rialtas na Spáinne nach gceanglaítear le hAirteagal 42(1) de Rialachán OIPE nach mór athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar ghníomhartha nós imeachta OIPE díreach tar éis a nglactha agus/nó sula gcuirfear chun feidhme iad.

( 52 ) Le haithris 12 de Rialachán OIPE: ‘... Ós rud é gurbh fhearr mar a bhainfí cuspóirí an Rialacháin seo amach ar leibhéal an Aontais eadhon feabhas a chur ar an gcomhrac i gcoinne cionta a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais trí OIPE a chur ar bun,... féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach agus áirithíonn sé gurb é an tionchar is lú cunórtas a bheidh aige ar dhlíchórais agus ar struchtúir institiúideacha na mBallstát’. [Aistriúchán neamhoifigiuil]

( 53 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, État luxembourgeois (An ceart chun caingean a thionscnamh i gcoinne iarraidh ar fhaisnéis i gcúrsaí cánach) (C-245/19 agus C-246/19, EU:C:2020:795, míreanna 47, 55, 57 go 59, 64, 67 agus 79 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 54 ) Breithiúnas an 20 Meitheamh 2024, Artemis security (C-367/23, EU:C:2024:529, mír 25 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 55 ) Breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Randstad Italia (C-497/20, EU:C:2021:1037, mír 62 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 56 ) Breithiúnas an 3 Iúil 2019, UniCredit Leasing (C-242/18, EU:C:2019:558, mír 47 agus an cásdlí dá dtagraítear).

Top