EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CC0107

Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Campos Sánchez-Bordona arna thabhairt ar an 2023 Meitheamh 29.


Court reports – general – 'Information on unpublished decisions' section

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2023:532

 TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

CAMPOS SÁNCHEZ-BORDONA

arna tabhairt an 29 Meitheamh 2023 ( 1 )

Cás C‑107/23 PPU [Lin] ( i )

C. I.,

C. O.,

K. A.,

L. N.,

S. P.

v

Statul român

[iarraidh ar réamhrialú ó Curtea de Apel Braşov (Cúirt Achomhairc Braşov, An Rómáin)]

(Tarchur chun réamhrialú — Cosaint ar leasanna airgeadais an Aontais — Calaois CBL — Airteagal 325(1) CFAE — Coinbhinsiún CLA — Treoir (AE) 2017/1317 — Oibleagáid calaois ar leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac trí bhearta atá mar chosc agus éifeachtach — Cinneadh Uimh. 2006/928/CE — Sásra um chomhar agus um fhíorú ar dhul chun cinn sa Rómáin chun aghaidh a thabhairt ar thagarmharcanna sonracha i réimsí an athchóirithe bhreithiúnaigh agus an chomhraic i gcoinne an éillithe — Tréimhse theorann in ábhair choiriúla — Breithiúnas lena ndearbhaítear gur míbhunreachtúil na rialacha náisiúnta maidir le briseadh na teorann coiriúla — Baol córasach go mbeifí saor ó phionós — Cosaint ar chearta bunúsacha — Abairt dheireanach d’Airteagal 49(1) den Chairt — Prionsabal chur i bhfeidhm cúlghabhálach an dlí choiriúil is trócairí (lex mitior) — Caighdeán náisiúnta na cosanta ar chearta bunúsacha — Oibleagáid ar chúirteanna náisiúnta lán‑éifeacht a thabhairt do bhreithiúnais an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) — Dliteanas araíonachta na gcúirteanna i gcás nach bhfuiltear ag luí leis na cinntí sin — An chumhacht gan cinntí an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) a chur as feidhm, ar cinntí iad nach bhfuil i gcomhréir le dlí an Aontais — Prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais Eorpaigh)

1.

San iarraidh seo ar réamhrialú, iarrann an chúirt a rinne an tarchur ar an gCúirt Bhreithiúnais léiriú a dhéanamh ar roinnt forálacha de dhlí an Aontais le cinneadh an nglactar le caingne nó an ndiúltaítear leis an dlí sin do chaingne urghnácha le haghaidh neamhniú arna dtabhairt ag daoine faoi phianbhreith téarmaí príosúnachta mar gheall ar iompar a thugtar calaois fhioscach nó bunú grúpa choiriúil eagraithe air.

2.

An t‑údar conspóide ná comhréireacht rialacha náisiúnta maidir le tréimhsí teorann le haghaidh dliteanas coiriúil le dlí an Aontais, ar reacht tréimhsí é, i ndiaidh idirghabháil an Curtea Constitutională (an Chúirt Bhunreachtúil, an Rómáin), nach gcuirtear inbhristeacht na dtréimhsí teorann san áireamh leis ar feadh tréimhse ama áirithe. De réir na cúirte a rinne an tarchur, d’fhéadfaí a dhéanamh leis na rialacha sin go mbeifí saor ó phionós as roinnt cineálacha iompair choiriúil chun dochar leasanna airgeadais an Aontais.

3.

Éileofar ar an gCúirt Bhreithiúnais, chun teacht ar fhreagra na gceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú go dtógfadh an Chúirt Bhreithiúnais ar a cásdlí maidir le cúlghabhálacht an dlí choiriúil is trócairí (lex mitior), atá fós ina thús, dá gcumhdaítear/gcosnaítear le hAirteagal 49(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha (“an Chairt”).

I. An dlí lena mbaineann

A.   Dlí an Aontas Eorpaigh

1. Coinbhinsiún CLA ( 2 )

4.

Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 1(1) de Choinbhinsiún CLA:

“Chun críocha an Choinbhinsiúin seo, is éard é calaois a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach:

[…]

(b)

maidir le hioncam, aon ghníomh nó neamhghníomh intinneach a bhaineann:

le húsáid nó tíolacadh ráiteas nó doiciméad atá bréagach, neamhbheacht nó neamhiomlán, arb é a n‑éifeacht acmhainní bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach nó buiséad arna riaradh ag na Comhphobail Eorpacha nó thar a gceann a laghdú go neamhdhlíthiúil;

[…]”.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5.

Leagtar amach an méid seo a leanas le hAirteagal 2:

“1.   Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an t‑iompar dá dtagraítear in Airteagal 1, maille le rannpháirteachas san iompar dá dtagraítear in Airteagal 1(1), gríosú chuige nó iarracht air, inphionóis le pionóis atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach lena n‑áirítear, ar a laghad i gcásanna tromchúiseacha calaoise, pionóis lena mbaineann cailleadh saoirse a bhféadfaidh eiseachadadh teacht astu, ar an mbun tuisceana nach foláir a mheas mar chalaois thromchúiseach gach calaois a bhaineann le híosmhéid a shocrófar i ngach Ballstát. Ní fhéadfar an t‑íosmhéid a shocrú ag méid is mó ná [EUR] 50000.

[…]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

2. Cinneadh Uimh. 2006/928/CE ( 3 )

6.

Luaitear an méid seo a leanas le hAirteagal 1:

“Roimh an 31 Márta gach bliain, agus den chéad uair roimh an 31 Márta 2007, cuirfidh an Rómáin an dul chun cinn arna dhéanamh i ndáil le comhlíonadh na dtagarmharcanna dá dtagraítear san Iarscríbhinn in iúl don Choimisiún.

[…]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7.

Is é seo a leanas atá san Iarscríbhinn:

“Tagarmharcanna atá le comhlíonadh ag an Rómáin, dá dtagraítear in Airteagal 1:

(1)

Próisis bhreithiúnacha níos trédhearcaí agus níos éifeachtúla a áirithiú, go háirithe trí chur le cumas agus freagracht Ard-Chomhairle na mBreithiúna. Tuarascálacha a thíolacadh agus faireachán a dhéanamh ar iarmhairtí na gcód nua um nósanna imeachta sibhialta agus coiriúla.

(2)

Gníomhaireacht Caighdeáin a bhunú, amhail mar a fhoráiltear dó, a bheidh freagrach as dearbhuithe sócmhainní, neamhréireacht agus coimhlintí leasa féideartha a fhíorú agus as cinntí éigeantacha a eisiúint ar faoina mbun a bhféadfaí pionóis athchomhairleacha a ghearradh.

(3)

Cur leis an dul chun cinn arna dhéanamh cheana féin, leanúint ar aghaidh le himscrúduithe proifisiúnta neamh-chlaonpháirteacha ar líomhaintí maidir le mór-éilliú.

(4)

Tuilleadh bearta a ghlacadh chun an t-éilliú a chosc agus a chomhrac, go háirithe laistigh den rialtas áitiúil.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

3. Treoir (AE) 2017/1371 ( 4 )

8.

Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 2(2):

“Maidir le hioncam a eascraíonn as acmhainní dílse CBL, ní bheidh feidhm ag an Treoir seo ach amháin i gcásanna cionta tromchúiseacha i gcoinne an chomhchórais [cánach breisluacha,“CBL”]. Chun críocha na Treorach seo, measfar go mbeidh cionta i gcoinne chomhchóras CBL tromchúiseach i gcás ina bhfuil baint ag na gníomhartha nó na neamhghníomhartha a dhéantar go hintinniúil agus a shainmhínítear i bpointe (d) d’Airteagal 3(2) le críoch dhá Bhallstát nó níos mó den Aontas agus i gcás ina mbaineann damáiste iomlán ar a laghad EUR 10000000 leo.”

9.

De bhun Airteagal 16:

“Leis seo, le haghaidh na mBallstát sin atá faoina ceangal, cuirtear an Treoir seo in ionad an Choinbhinsiúin maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint an 26 Iúil 1995, lena n‑áirítear Prótacal an 27 Meán Fómhair 1996, Prótacal an 29 Samhain 1996 agus Prótacal an 19 Meitheamh 1997 a ghabhann leis, le héifeacht amhail ón 6 Iúil 2019.

Le haghaidh na mBallstát a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, déanfar tagairtí don Choinbhinsiún a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo.”

10.

Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 17(1):

“Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 6 Iúil 2019. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach. Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 6 Iúil 2019.

[…]”.

B.   Dlí na Rómáine

1. Bunreacht na Rómáine

11.

Leagtar amach a leanas in Airteagal 15(2): “Beidh feidhm ag an dlí as seo amach amháin, seachas i gcás an dlí choiriúil nó riaracháin is trócairí”.

12.

Áirítear an méid seo a leanas in Airteagal 147:

“1.   Ní bheidh éifeachtaí dlí ag forálacha na ndlíthe agus na bhforaitheanta atá i bhfeidhm, cosúil le forálacha na Rialachán, a mheastar atá míbhunreachtúil, 45 lá i ndiaidh fhoilsiú bhreithiúnas na Cúirte Bunreachtúla, ach amháin, le linn na tréimhse sin, go gcuireann an Pharlaimint nó an Rialtas, de réir mar a bheidh, na forálacha míbhunreachtúla ar chomhréir le forálacha an Bhunreachta. Le linn na tréimhse sin, fanfaidh na forálacha a mheastar a bheith míbhunreachtúil de bheith ar fionraí go huathfheidhmeach.

[…]

4.   Foilseofar in Monitorul Oficial al României (Iris Oifigiúil na Rómáine) cinntí na Cúirte Bunreachtúla. Beidh siad ceangailteach go ginearálta ó dháta a bhfógartha agus ní bheidh acu ach éifeachtaí ex nunc.”

2. Dlí coiriúil de chuid na Rómáine

(a) Cód Coiriúil 1969, arna leasú in 1996 ( 5 )

13.

De réir an chéad fhomhír d’Airteagal 123, “déanfar an tréimhse theorann [...] a bhriseadh trí bheart a dhéanamh atá, i gcomhréir leis an méid arna leagan amach leis an dlí, le cur in iúl don duine atá faoi imscrúdú nó don chúisí le linn na n‑imeachtaí coiriúla”.

(b) Cód Coiriúil 2009 ( 6 )

14.

Dearbhaítear le hAirteagal 5(1) “i gcás ina dtagann dlí coiriúil amháin nó roinnt dlíthe coiriúla i bhfeidhm idir déanamh ciona agus an breithiúnas críochnaitheach, cuirfear an dlí is trócairí i bhfeidhm.”

15.

De réir Airteagal 5(2), beidh feidhm ag an bhfomhír roimhe seo chomh maith i gcás ina bhfuil forálacha coiriúla níos trócairí sna dlíthe nó i gcuid dá bhforálacha arna ndearbhú a bheith míbhunreachtúil.

16.

I gcomhréir le hAirteagal 6(1), “[i] gcás inar tháinig dlí lena bhforáiltear do phionós níos éadroime i bhfeidhm i ndiaidh theacht chun críochnaitheachta don chinneadh agus roimh fhorghníomhú iomlán an téarma príosúnachta nó na fíneála, laghdófar an pionós arna fhorchur, más mó é ná an t‑uasmhéid speisialta dá bhforáiltear leis an dlí nua le haghaidh an chiona arna dhéanamh, go dtí an t‑uasmhéid sin.”

17.

In Airteagal 154, mír 1, foráiltear don mhéid seo a leanas:

“Seo a leanas na tréimhsí teorann le haghaidh dliteanas coiriúil:

(a)

15 bliana, i gcás ina bhforáiltear do phianbhreith saoil nó príosúnacht de thréimhse ar mó í ná 20 bliain don chion arna dhéanamh;

(b)

10 mbliana, i gcás ina bhforáiltear do phianbhreith phríosúnachta de thréimhse ar mó í ná 10 mbliana ach nach mó í ná 20 bliain don chion arna dhéanamh;

(c)

8 mbliana, i gcás ina bhforáiltear do phianbhreith phríosúnachta de thréimhse ar mó í ná 5 bliana ach nach mó í ná 10 mbliana don chion arna dhéanamh;

(d)

5 bliana, i gcás ina bhforáiltear do phianbhreith phríosúnachta de thréimhse ar mó í ná bliain amháin ach nach mó í ná 5 bliana don chion arna dhéanamh;

(e)

3 bliana, i gcás ina bhforáiltear do phianbhreith phríosúnachta de thréimhse ar mó í ná bliain amháin nó fíneáil.”

18.

Sonraítear le hAirteagal 155:

“(1)   Déanfar an tréimhse theorann le haghaidh dliteanas coiriúil a bhriseadh trí bheart nós imeachta ar bith a dhéanamh mar chuid d’imeachtaí.

(2)   Beidh gach briseadh ina chúis leis an tréimhse a aththionscnamh.

[…]”

19.

Leasaíodh Airteagal 155 de Chód Coiriúil 2009 le Dlí Foraithne Uimh. 71 an 30 Bealtaine 2022. ( 7 ) Seo a leanas foclaíocht fhomhír 1 den Airteagal sin, as sin amach: “Déanfar an tréimhse theorann a bhriseadh le beart nós imeachta ar bith a dhéanamh le linn na n‑imeachtaí atá, i gcomhréir leis an méid arna leagan amach leis an dlí, le cur in iúl don duine atá faoi imscrúdú nó don chúisí.”

(c) An Cód um Nós Imeachta Coiriúil ( 8 )

20.

Ceadaítear caingean urghnách le haghaidh neamhniú a thionscnamh i gcoinne breithiúnais choiriúla chríochnaitheacha i gcás inar ciontaíodh an cúisí, d’ainneoin go raibh fianaise ann maidir le foras éigin a bheith ann leis na himeachtaí coiriúla a dhíbhe.

(d) Breithiúnas bunreachtúil Uimh. 297/2018

21.

Le breithiúnas Uimh. 297/2018 an 26 Aibreán 2018, arna fhoilsiú an 25 Meitheamh 2018, dhearbhaigh an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil), agus í ag seasamh leis an bpléadáil i leith míbhunreachtúlachta, go raibh briseadh na tréimhse teorann, trí bheart nós imeachta ar bith a dhéanamh mar chuid d’imeachtaí, mar atá i gceist sa chéad fhomhír d’Airteagal 155 de Chód Coiriúil 2009, míbhunreachtúil.

22.

De réir an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil), níl an fhoráil sin de Chód Coiriúil 2009 intuartha agus sáraítear leis prionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis, ós rud é gur áiríodh bearta nach gcuirtear in iúl don té atá faoi dhrochamhras nó don chúisí leis an nath “beart nós imeachta ar bith” atá inti. Mar sin, ní raibh a fhios aige gur briseadh an tréimhse theorann agus gur tionscnaíodh tréimhse theorann nua maidir lena dhliteanas coiriúil. ( 9 )

23.

Ní dhearna reachtas na Rómáine idirghabháil leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 155 de Chód Coiriúil 2009 a leasú mar a d’fhoráil an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) dó agus tarraingíodh cásdlí maidir le briseadh na dtréimhsí teorann maidir le dliteanas coiriúil sna gnáthchúirteanna nach raibh ar aon dul amháin. ( 10 )

(e) Breithiúnas bunreachtúil Uimh. 358/2022

24.

Dhearbhaigh an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) go raibh an chéad fhomhír d’Airteagal 155 de Chód Coiriúil 2009 míbhunreachtúil trí bhreithiúnas Uimh. 358/2022 an 26 Bealtaine 2022, arna fhoilsiú an 9 Meitheamh 2022, le seasamh le pléadáil nua míbhunreachtúlachta.

25.

Chuir an chúirt in iúl:

nach ndearna an reachtas idirghabháil, mar a cheanglaítear leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 147 den Bhunreacht, leis na forálacha a dearbhaíodh a bheith míbhunreachtúil i mbreithiúnas Uimh. 297/2018 a chur chun comhréireachta agus leis na cásanna ina mbristear an tréimhse theorann maidir le dliteanas coiriúil a thabhairt chun rialtachta.

mura ndéantar an idirghabháil reachtúil sin, ní fhéadfadh na húdaráis bhreithiúnacha na forais le briseadh sna tréimhsí teorann maidir le dliteanas a shocrú. Bhí easpa soiléireachta agus intuarthachta ag baint le cur i bhfeidhm an chéad fhomhír d’Airteagal 155 de Chód Coiriúil 2009, rud a bheadh ina chúis le cleachtas breithiúnach nach raibh ar aon dul amháin. Níor cuireadh ar fáil leis an dlí atá i bhfeidhm an reachtaíocht atá ag teastáil chun cur i bhfeidhm intuartha den chéad fhomhír d’Airteagal 155 den Chód Coiriúil arna lua a bhaint amach, i ndiaidh bhreithiúnas Uimh. 297/2018.

Dá dheasca sin, níor tugadh le fios ar chor ar bith le reacht daonna na Rómáine gur briseadh an tréimhse theorann le haghaidh dliteanas coiriúil idir dáta fógartha bhreithiúnas Uimh. 297/2018 agus teacht i bhfeidhm ghníomh reachtach an reachtais lena dtugtar na forais leis an mbriseadh ar an tréimhse theorann sin chun rialtachta go sainráite. ( 11 )

(f) Breithiúnas Uimh. 67/2022 ón Înalta Curte de Casație și Justiție (an Chúirt Uachtarach)

26.

Trí bhreithiúnas Uimh. 67/2022 an 25 Deireadh Fómhair 2022, arna fhoilsiú an 28 Samhain 2022, rinne an Înalta Curte de Casație și Justiție (an Chúirt Uachtarach) ( 12 ) na dearbhuithe seo a leanas, le réiteach a thabhairt ar chaingean ar mhaithe leis an dlí, de réir mar a chuir an chúirt a rinne an tarchur síos orthu:

Is rialacha dlí choiriúil ábhartha (shubstaintigh) iad na rialacha maidir le briseadh na dtréimhsí teorann. Ó thaobh a gcur i bhfeidhm ó thaobh ama de, tá siad faoi réir phrionsabal neamh- chúlghabhálacht an dlí choiriúil, dá dtagraítear in Airteagal 3 de Chód Coiriúil 2009, ach amháin na forálacha is trócairí, i gcomhréir leis an bprionsabal lex mitior sa dara fomhír d’Airteagal 15 de Bhunreacht na Rómáine agus in Airteagal 5 den Chód Coiriúil thuasluaite.

Níor tugadh aon fhoras faoin gcéad fhomhír d’Airteagal 155 de Chód Coiriúil 2009 le briseadh na tréimhse teorann maidir le dliteanas coiriúil idir an 25 Meitheamh 2018 (dáta fógartha bhreithiúnas Uimh. 297/2018, mar a shonraítear le breithiúnas bunreachtúil Uimh. 358/2022) agus an 30 Bealtaine 2022.

Ní fhéadfaidh údarás breithiúnach, a dtugtar caingean urghnách le haghaidh neamhniú os a chomhair, ar bhonn éifeachtaí bhreithiúnais bhunreachtúla Uimh. 297/2018 agus Uimh. 358/2022, athscrúdú a dhéanamh ar an tréimhse theorann maidir le dliteanas coiriúil, má tá tionchar an fhorais le haghaidh an cás coiriúil a dhíbhe pléite ag an gcúirt achomhairc, agus scrúdú déanta aici ar a thionchar le linn na n‑imeachtaí roimh bhreithiúnas Uimh. 358/2022.

3. Reachtaíocht maidir le córas araíonachta na mBreithiúna

27.

Tugadh cion araíonachta ar neamhluí le breithiúnais an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) nó leis na breithiúnais arna dtabhairt ag an Înalta Curte de Casație și Justiție (an Chúirt Uachtarach) i gcaingne ar mhaithe an dlí le hAirteagal 99(ș) de Dhlí Uimh. 303/2004. ( 13 )

28.

Foráiltear dó le hAirteagal 271(s) de Dhlí Uimh. 303/2022 ( 14 )“go mbeidh an méid seo a leanas ina gcionta araíonachta [...] dualgais a chomhlíonadh de mheon mímhacánta nó le mórfhaillí”.

29.

De réir Airteagal 272 de Dhlí Uimh. 303/2022:

“(1)   Léireoidh breitheamh nó ionchúisitheoir go ngníomhaíonn sé de mheon mímhacánta nuair a sháraíonn sé go feasach rialacha den dlí substainteach nó den dlí nós imeachta agus é mar chuspóir aige, nó ag glacadh leis, go ndéanfar díobháil do dhuine.

(2)   Déanfaidh breitheamh nó ionchúisitheoir faillí thromchúiseach nuair a dhéanann sé neamhaird ar bhealach faillíoch, tromchúiseach, gan amhras agus do-mhaite ar rialacha den dlí substainteach nó den dlí nós imeachta.

[…]”

II. Fíorais, caingean agus ceisteanna le haghaidh réamhrialú

30.

Trí bhreithiúnas Uimh. 285/AP an 30 Meitheamh 2020, ( 15 ) chiontaigh Curtea de Apel Brașov (Cúirt Achomhairc Brașov, an Rómáin) roinnt daoine (C. O. C.I., L. N., K. A. agus S. P.) go críochnaitheach i gcionta calaoise fioscaí agus i mbunú grúpa choiriúil eagraithe.

31.

Chomh fada is a bhaineann sé leis an gcion calaoise fioscaí, ghlac an chúirt a thug an breithiúnas leis go raibh sé cruthaithe, le linn 2010, go raibh mainnithe ag na pianseirbhísithe, ina iomláine nó i bpáirt, i dtaifead a dhéanamh sna leabhair chuntais de na hoibrithe gnó arna ndéanamh agus den ioncam arna fháil trí dhíosal a dhíol le custaiméirí náisiúnta, arb ola dhíosail é a fuarthas faoi scéim fionraíochta dleachtanna máil. Mar sin, rinneadh díobháil don údarás cánach stáit - caillteanas i ndáil le CBL agus i ndáil leis an dleacht mháil ar an díosal.

32.

I measc na bpianbhreitheanna a gearradh orthu bhí pianbhreitheanna coimeádta agus an oibleagáid cúiteamh a íoc ar an gcaillteanas cánach, arbh ionann agus RON 13964482 (timpeall ar EUR 3240000) an t‑iomlán, lena n‑áirítear CBL.

33.

Tá beirt de na pianseirbhísithe (K. A. agus S. P.) i bpriosún faoi láthair agus breithiúnas an 30 Meitheamh 2020 á fhorchur.

34.

Thug na pianseirbhísithe caingean urghnách le haghaidh neamhniú [Airteagal 426(b) den Chód um Nós Imeachta Coiriúil] i gcoinne bhreithiúnas an 30 Meitheamh 2020 os comhair an údaráis bhreithiúnaigh a rinne an tarchur.

35.

Iarrtar go gcuirfí ar neamhní an breithiúnas sin ina gcaingean urghnách, toisc gur ciontaíodh iad in ainneoin go raibh an tréimhse theorann maidir le dliteanas coiriúil dulta in éag. Agraíonn siad, chuige sin, breithiúnais an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) Uimh. 297/2018 agus Uimh. 358/2022.

36.

De réir na n‑achomharcóirí:

Tá prionsabal chur i bhfeidhm cúlghabhálach an dlí choiriúil is trócairí le cur i bhfeidhm. Le haghaidh na gcionta inar ciontaíodh iad, socraíodh leis an dlí is trócairí tréimhse theorann maidir le dliteanas coiriúil a bhí níos giorra, a ndeachaigh in éag sula ndearnadh cinneadh críochnaitheach sa chás. Tháinig an tréimhse theorann ar dhliteanas coiriúil chun solais i ndiaidh an bhreithiúnais choiriúil chríochnaithigh as siocair bhreithiúnas Uimh. 358/2022 lenar dearbhaíodh go raibh an chéad fhomhír d’Airteagal 155 de Chód Coiriúil 2009 míbhunreachtúil agus lenar cinneadh, le linn na tréimhse roimh fhoilsiú bhreithiúnas Uimh. 297/2018, nach raibh foras dá laghad le briseadh na tréimhse teorann le haghaidh dliteanas coiriúil sna rialacha coiriúla náisiúnta.

Is dlí níos trócairí ann féin é nach raibh foras le briseadh na tréimhse teorann le haghaidh dliteanas coiriúil le linn na tréimhse idir an dá bhreithiúnas bhunreachtúla, rud a cuireadh béim air i mbreithiúnas Uimh. 358/2022. Ní mór feidhm a bheith aigesean ar son na gcúisithe a rinne cionta nár ciontaíodh go críochnaitheach roimh fhoilsiú bhreithiúnas Uimh. 297/2018. Sna himthosca sin, i gcás nár cuireadh san áireamh na forais leis an mbriseadh, bheadh an tréimhse theorann 10 mbliana dá bhforáiltear leis an gcéad fhomhír, litir b) d’Airteagal 154 de Chód Coiriúil 2009 dulta in éag sula mbeadh an breithiúnas pianbhreithe daingnithe ina res judicata.

37.

Mar chuid den chaingean urghnách, d’iarr an Ministerul Public — Direcția Națională Anticorupție [Oifig Stiúrthóir an Ionchúisimh Phoiblí — Stiúrthóireacht Náisiúnta um Fhrith-Éilliú (“DNA”), an Rómáin] go dtarchuirfí ceist le haghaidh réamhrialú chuig an gCúirt Bhreithiúnais ionas go gcinnfeadh sí an bhfuil léiriú le déanamh ar Airteagal 325 CFAE, Cinneadh Uimh. 2006/928 agus Airteagal 49 den Chairt amhail go gceadaítear leo gan an cásdlí bunreachtúil a eascraíonn ó bhreithiúnas Uimh. 358/2022 a chur i bhfeidhm. Ina thuairim, tá baol córasach ag baint le cur i ngníomh an bhreithiúnais sin go mbeifí saor ó phionós i gcásanna ina bhfuil feidhm ag dlí an Aontais.

38.

A mhalairt air sin, líomhnaíonn na hachomharcóirí nach bhfuil forálacha dhlí an Aontais ábhartha sa chás seo, rud lena gcuirtear an t‑iarratas ar réamhrialú chun do-ghlacthachta. Ina theannta sin, maíonn siad gur d’aicme bhunreachtúil prionsabal chur i bhfeidhm an dlí choiriúil is trócairí agus go bhfuil tosaíocht aige ar aon riail eile de dhlí an Aontais.

39.

Cuireann an chúirt a rinne an tarchur i gcás, má ghlactar le hargóintí na n‑achomharcóirí, nach mór an breithiúnas pianbhreithe críochnaitheach a chur ar neamhní agus na himeachtaí coiriúla a dhíbhe, rud a dhéanfadh dodhéanta é leanúint dá bpianbhreith a chur isteach. Agus an bhuntuiscint sin bunaithe aici, leagann sí amach, go hachomair, roinnt cúiseanna gan prionsabal an dlí choiriúil is trócairí a chur i bhfeidhm, ar prionsabal é a ráthaítear i mBunreacht na Rómáine agus a bhfuil a chur i bhfeidhm go contrártha le dlí an Aontais.

40.

Sa chomhthéacs sin, tharchuir Curtea de Apel Brașov na ceisteanna seo a leanas chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“(1)

Maidir le hAirteagal 2 CAE, an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus Airteagal 4(3) CAE, i gcomhar le hAirteagal 325(1) CFAE, Airteagal 2(1) de Choinbhinsiún CLA, Airteagail 2 agus 12 de Threoir CLA agus Treoir Uimh. 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, i bhfianaise an phrionsabail um ghearradh pionós éifeachtach atá mar chosc i gcásanna calaoise tromchúisí lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh, agus Cinneadh Uimh. 2006/928/CE ón gCoimisiún á chur i bhfeidhm, i gcomhar leis an abairt dheireanach d’Airteagal 49(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, an bhfuil léiriú le déanamh amhail go gcuirtear cosc leo ar staid dlíthiúil ar nós na staide atá faoi chonspóid sna príomhimeachtaí, ina n‑iarrann na hachomharcóirí atá faoi phianbhreith, trí chaingean urghnách, go gcuirfí ar neamhní breithiúnas coiriúil pianbhreithe críochnaitheach, lena n‑agraítear go gcuirfí i bhfeidhm prionsabal an dlí choiriúil is trócairí, ar breithiúnas é ar mheas siad go bhfuil sé infheidhme agus substaint an cháis faoi thriail agus lena leagtar amach tréimhse theorann níos giorra a chuaigh in éag sula ndearnadh cinneadh críochnaitheach sa chás, ach a d’éirigh follasach ina dhiaidh sin, trí chinneadh ón údarás náisiúnta dlí bunreachtúil lenar dearbhaíodh go bhfuil téacs maidir le briseadh na tréimhse teorann le haghaidh dliteanas coiriúil míbhunreachtúil (breithiúnas 2022), lena n‑agraítear neamhghníomhaíocht an reachtais nach ndearna idirghabháil chun an téacs dlí a chur i gcomhréir le breithiúnas eile ón gcúirt bhunreachtúil sin, a tugadh ceithre bliana roimhe [breithiúnas 2018), lena linn a raibh cásdlí na ngnáthchúirteanna arna leagan síos i gcomhréir leis an gcéad chinneadh daingnithe cheana féin amhail go raibh an téacs dlí sin fós ann faoi mar a d’eascair sé ó chur i bhfeidhm an chéad chinnidh ón údarás breithiúnach bunreachtúil, rud a d’fhág, go praiticiúil, an tréimhse theorann laghdaithe faoina leath le haghaidh na gcionta go léir i ndáil leis na cionta nár tugadh breithiúnas pianbhreithe críochnaitheach ina leith i ndiaidh an chéad bhreithiúnais ón údarás breithiúnach bunreachtúil agus gur cuireadh clabhsúr ar an nós imeachta i ndáil leis na cúisithe sna príomhimeachtaí dá dheasca sin?

(2)

Maidir le hAirteagal 2 CAE, a bhaineann le luachanna an smachta reachta agus an urraim do chearta an duine i sochaí dar tréithe í an ceartas, agus Airteagal 4(3) CAE, a bhaineann le prionsabal an chomhair dhílis idir an tAontas agus na Ballstáit, agus Cinneadh Uimh. 2006/928/CE ón gCoimisiún á chur i bhfeidhm, i dtaca leis an ngealltanas éifeachtúlacht dhlíchóras na Rómáine a áirithiú, i bhfianaise na habairte deireanaí d’Airteagal 49(1) den Chairt, lena gcumhdaítear prionsabal an dlí choiriúil is trócairí, an bhfuil léiriú le déanamh, i gcomhar leis an dlíchóras náisiúnta ar fad, amhail go gcuirtear cosc leo ar staid dhlíthiúil ar nós na staide atá faoi chonspóid sna príomhimeachtaí, ina n‑iarrann na hachomharcóirí atá faoi phianbhreith, trí chaingean urghnách, go gcuirfí ar neamhní breithiúnas coiriúil pianbhreithe críochnaitheach, lena n‑agraítear go gcuirfí i bhfeidhm prionsabal an dlí choiriúil is trócairí, ar breithiúnas é ar mheas siad go bhfuil sé infheidhme agus substaint an cháis faoi thriail agus lena leagtar amach tréimhse theorann níos giorra a chuaigh in éag sula ndearnadh cinneadh críochnaitheach sa chás, ach ar éirigh follasach ina dhiaidh sin, trí chinneadh ón údarás náisiúnta dlí bunreachtúil lenar dearbhaíodh go bhfuil téacs maidir le briseadh na tréimhse teorann le haghaidh dliteanas coiriúil míbhunreachtúil (breithiúnas 2022), lena n‑agraítear neamhghníomhaíocht an reachtais nach ndearna idirghabháil chun an téacs dlí a chur i gcomhréir le breithiúnas eile ón gcúirt bhunreachtúil sin, a tugadh ceithre bliana roimhe (breithiúnas 2018), lena linn a raibh cásdlí na ngnáthchúirteanna arna leagan síos i gcomhréir leis an gcéad chinneadh daingnithe cheana féin amhail go raibh an téacs dlí sin fós ann faoi mar a d’eascair sé ó chur i bhfeidhm an chéad chinnidh ón údarás breithiúnach bunreachtúil, rud ar d’fhág, go praiticiúil, an tréimhse theorann laghdaithe faoina leath le haghaidh na gcionta go léir i ndáil leis na cionta nár tugadh breithiúnas pianbhreithe críochnaitheach ina leith i ndiaidh an chéad bhreithiúnais ón údarás breithiúnach bunreachtúil agus gur cuireadh clabhsúr ar an nós imeachta i ndáil leis na cúisithe sna príomhimeachtaí dá dheasca sin?

(3)

Má thugtar freagra dearfach uirthi, i gcás nach féidir léiriú atá i gcomhréir le dlí an Aontais a thabhairt, agus sa chás sin amháin, an bhfuil léiriú le déanamh ar phrionsabal thosaíocht dhlí an Aontais amhail go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht nó ar chleachtas náisiúnta faoina bhfuil gnáthchúirteanna náisiúnta faoi cheangal ag cinntí ón gCúirt Bhunreachtúil náisiúnta agus ag cinntí ceangailteacha ón gCúirt Uachtarach náisiúnta agus nach féidir, ar an gcúis sin agus ar an mbaol cion araíonachta a dhéanamh, an cásdlí a eascraíonn as na cinntí sin a chur as feidhm as a stuaim féin, fiú má mheasann siad, i bhfianaise breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais, go bhfuil an cásdlí sin ar neamhréir go háirithe le hAirteagal 2 CAE, leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus le hAirteagal 4(3) CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 325(1) CFAE, ar forálacha iad atá i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 2006/928/CE ón gCoimisiún, agus i bhfianaise na habairte deireanaí d’Airteagal 49(1) den [Chairt], amhail sa chás atá i gceist sna príomhimeachtaí?”

III. Na himeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais

41.

Taisceadh an t‑iarratas ar réamhrialú ag an gCúirt Bhreithiúnais an 22 Feabhra 2023, in éineacht le hiarratas an nós imeachta brostaithe a chur i bhfeidhm.

42.

I ndiaidh don chúirt a rinne an tarchur deimhniú a fháil go bhfuil beirt de na hachomharcóirí sa bhunchaingean i bpriosún agus breithiúnas an 30 Meitheamh 2020 á chur i bhfeidhm agus go scaoilfí ó phríosún iad dá seasfaí leis na caingne urghnácha arna dtabhairt i gcoinne a bpianbhreithe, ghlac an Chúirt Bhreithiúnais leis go dtiocfadh an t‑iarratas ar réamhrialú faoi nós imeachta práinne.

43.

An 24 Márta 2023, sheol an chúirt a rinne an tarchur aguisín lena hiarratas ar réamhrialú, rud ar cuireadh in iúl do na páirtithe leasmhara lena gcur san áireamh ina n‑aighneachtaí.

44.

Thíolaic ceathrar de na hachomharcóirí sa bhunchaingean (C. O, C. I., L. N. agus S. P.), Rialtas na Rómáine agus an Coimisiún Eorpach barúlacha i scríbhinn.

45.

Rinne Rialtas na Rómáine agus an Coimisiún idirghabháil ag an éisteacht, arna reáchtáil an 10 Bealtaine 2023.

IV. Measúnú

A.   Inghlacthacht

46.

Níl amhras orm faoi inghlacthacht na dtrí cheist le haghaidh réamhrialú arna gcur, ach tá amhras orm faoin aguisín arna sheoladh ag an gcúirt a rinne an tarchur an 24 Márta 2023.

47.

San aguisín sin, iarrann an t-údarás breithiúnach ar an gCúirt Bhreithiúnas a quo, freagraí dearfacha a thabhairt ar a cheisteanna, réasúnú a chur san áireamh lena bhfantar glan ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe atá i mBunreacht na Rómáine a fhágáil gan feidhm ina leith sin. ( 16 )

48.

Ós éard atá san aguisín, i ndáiríre, ná ceist nua sa bhreis agus faoi cheilt le haghaidh réamhrialú, mar atá tugtha le fios ag C. I., C. O. agus Rialtas na Rómáine, lena gcuirtear i gcás, ( 17 ) níl sí bunriachtanach le réiteach a thabhairt ar an mbunchaingean. Baineann an t‑amhras lena spreagtar é leis na breithiúnais a chuir cúirteanna na Rómáine ar neamhní i gcomhréir le cásdlí an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil). Ní hamhlaidh an scéal do na hiarratasóirí sa bhunchaingean.

B.   An chéad cheist le haghaidh réamhrialú agus an dara ceist le haghaidh réamhrialú

49.

Trína dá céad cheist le haghaidh réamhrialú, ar féidir freagra a thabhairt orthu le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, in imthosca fíorasacha dlíthiúla ar nós na n‑imthosca fíorasacha dlíthiúla faoi mar a cuireadh síos orthu, an gcuirtear nó nach gcuirtear cosc le hAirteagal 325(1) CFAE, arna léamh in éineacht le hAirteagal 2 de Choinbhinsiún CLA, Treoir Uimh. 2006/928 agus Airteagal 49 den Chairt, ar rialacha agus ar chásdlí náisiúnta maidir le briseadh na dtréimhsí teorann le haghaidh dliteanas coiriúil.

50.

Is éard is bonn leis an dá cheist ná go gcruthaítear baol go mbeifí saor ó phionós as bearta a dhéanamh atá ina gcalaois thromchúiseach in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais trí rialacha náisiúnta a chur i bhfeidhm de réir bhrí an chásdlí bhunreachtúil. Sa chomhthéacs sin, tagraítear i réasúnú na cúirte a rinne an tarchur, inter alia, do bhreithiúnais na Cúirte Breithiúnais Åkerberg Fransson, ( 18 )Taricco agus páirtithe eile, ( 19 )M.A.S. agus M.B. ( 20 ) agus Euro Box Promotion agus páirtithe eile ( 21 ).

1. Forálacha is infheidhme de dhlí an Aontais

51.

Ar dtús, caithfear infheidhmeacht Threoir CLA sa chás seo a chur as an áireamh, lena bhforáiltear in Airteagal 12 de do rialacha comhchoiteanna maidir leis na tréimhsí teorann le haghaidh dliteanas coiriúil i gcás cionta calaoise in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais:

Baineann na rialacha comhchoiteanna sin (Airteagal 17) le cionta arna ndéanamh i ndiaidh an 6 Iúil 2019. In 2010 a tharla an t‑iompar ar gearradh pionós mar gheall air sa chaingean seo.

Rialaítear, le Treoir CLA (Airteagal 2(2)), cionta tromchúiseacha in aghaidh chomhchórais cánach CBL a bhaineann le críoch dhá Bhallstát nó níos mó agus lena bhfuil díobháil iomlán ar mó é ná EUR 10000000 i gceist leo. Is lú ná sin na cionta sa chaingean seo.

52.

Ó thaobh Threoir Uimh. 2006/112/CE de, ( 22 ) arna léamh i bhfianaise Airteagal 4(3) CAE, is deimhin go gcuirtear de dhualgas ar na Ballstáit go rachaidís i gcomhrac le calaois CBL, ( 23 ) ach níl rialacha sonracha ann a bhfuil feidhm acu maidir le cás ar nós an cháis sa bhunchaingean.

53.

Ó thaobh an dara fomhír d’Airteagal 2 CAE, Airteagal 19(1) CAE agus Airteagal 4(3) CAE de, tá siad inchurtha san áireamh agus anailís á deanamh ar chomhréireacht na ndlíthe agus ar chomhréireacht an chásdlí náisiúnta le hAirteagal 325(1) CFAE, ar riail reachtaíochta príomha í lena leagtar amach prionsabal na cosanta ar leasanna airgeadais an Aontais.

54.

Is amhlaidh an scéal i gcás Choinbhinsiún CLA, lena dtugtar soiléiriú ar an bprionsabal in Airteagal 325 CFAE.

55.

Le cois Airteagal 325 CFAE, tá difear indéanta don fhreagra le Cinneadh Uimh. 2006/928. ( 24 ) Bíodh is go mbaineann na cionta a ghearrtar pionóis orthu anseo le calaois CBL, déantar difear leis an staid arna cruthú ag cásdlí Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) maidir leis na tréimhsí teorann le haghaidh dliteanas coiriúil i ndáil le cionta éillithe, go háirithe, mór-éilliú, mar a thug an Coimisiún le fios i dTuarascáil SCF dá chuid. ( 25 )

56.

Agus an soiléiriú sin tugtha agam, déanfaidh mé anailís, mar chuid den léiriú seo a leanas, le feiceáil:

an sáraítear Airteagal 325 CFAE agus Cinneadh Uimh. 2006/928 leis an gcásdlí bunreachtúil de chuid na Rómáine maidir le briseadh na tréimhse teorann le haghaidh dliteanas coiriúil;

an bhfuil an prionsabal lex mitior, a ráthaítear leis an abairt dheireanach d’Airteagal 49(1) den Chairt, inagartha le deimhniú go ndearnadh an sárú sin;

an bhfuil caighdeán cosanta ar an bprionsabal lex mitior níos airde i ndlí na Rómáine, ar caighdeán é a bhaineann leis an gcásdlí bunreachtúil thuasluaite.

2. Airteagal 325(1) CFAE agus an cásdlí maidir leis an gcosaint ar leasanna airgeadais an Aontais

57.

De réir Airteagal 325(1) CFAE “déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit calaois agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhlíthiúla eile a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac trí bhearta [...] a bheidh mar chosc agus a thabharfaidh cosaint éifeachtúil sna Ballstáit [...].” ( 26 )

58.

Dlitear ar na Ballstáit, go háirithe, na bearta is gá a ghlacadh le ráthú go mbaileofaí a n‑acmhainní féin go héifeachtach agus ina n‑iomláine, lena n‑áirítear an t‑ioncam ó chur i bhfeidhm chineál aonfhoirmeach de bhonn comhchuibhithe CBL. ( 27 )

59.

Dar leis an gCúirt Bhreithiúnais, ( 28 ) tugtar le tuiscint leis an tagairt in Airteagal 325 CFAE “[d’aon] ghníomhaíochtaí neamhdhlíthiúla eile a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais” go bhféadfadh baint a bheith ag gníomhartha éillithe le cásanna calaoise agus, os a choinne sin, d’fhéadfaí calaois a dhéanamh a éascú le gníomhartha éillithe. D’fhéadfadh sé, i gcásanna áirithe, go ndéantar díobháil do leasanna airgeadais mar thoradh ar chalaois CBL agus gníomhartha éillithe le chéile. ( 29 )

60.

Is éard atá i gceist le “calaois”, mar a shainmhínítear í le hAirteagal 1 de Choinbhinsiún CLA, ( 30 ) ná an t‑ioncam ó chur i bhfeidhm de chineál aonfhoirmeach ar bhonn comhchuibhithe CBL, rud a shocraítear de réir rialacha an Aontais. ( 31 )

61.

Mar atá tugtha le fios agam cheana féin, ba i gcionta calaoise fioscaí agus i mbunú grúpa choiriúil eagraithe a ciontaíodh na pianseirbhísithe sa chás seo, ar cionta iad arna ndéanamh i ndáil le CBL agus i ndáil leis an dleacht mháil ar dhíosail. Mar sin, níl aon amhras ach go bhfuil feidhm ag Airteagal 325(1) CFAE agus go bhfuil calaois thromchúiseach i gceist lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais: tá an méid rinneadh calaois ina leith de shárú ar EUR 50000 (Airteagal 2(1) de Choinbhinsiún CLA).

62.

Le hAirteagal 325(1) CFAE a chur i ngníomh, tá saorchead ag na Ballstáit na pionóis is infheidhme a roghnú. D’fhéadfaidís a bheith ina bpionóis riaracháin nó choiriúla nó ina meascán den dá rud. Ní mór dóibh a áirithiú, ach go háirithe, go gcruinneofar an t‑ioncam CBL go léir agus leasanna airgeadais an Aontais a chosaint ar an gcaoi sin. D’fhéadfadh sé go bhfuil na pionóis choiriúla bunriachtanach le cásanna tromchúiseacha calaoise CBL a chomhrac ar bhealach atá éifeachtach agus mar chosc. ( 32 )

63.

Foráiltear i ndlí na Rómáine do phionóis choiriúla le haghaidh na calaoise sin agus níl amhras ar aon duine a bhaineann leis an tarchur sin ach go gcruthaíonn siad go héifeachtach agus go bhfuil siad athchomhairleach iontu féin. Ní chuirtear faoi chonspóid ach an oiread, ar bhonn teibí, go bhfuil na tréimhsí teorann ( 33 ) i gCód Coiriúil 2009 le haghaidh na haicme cionta seo iomchuí, ( 34 ) is é sin le rá, nach bhfuiltear ag cur éifeachtúlacht agus athchomhairleacht na bpionós faoi chonspóid. Tá na tréimhsí seo de shárú ar na híosmhéideanna a leagtar amach le hAirteagal 12 de Threoir CLA.

64.

Mar sin, ní bhaineann an cheist arna cur leis na pionóis, mar atá siad leagtha amach le dlí na Rómáine, ná le tréimhsí teorann mar a shocraítear le Cód Coiriúil 2009, ach le do-bhristeacht dhlíthiúil na dtréimhsí sin mar gheall ar dhá bhreithiúnas ón Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil).

65.

Le haghaidh na n-údarás breithiúnach is airde de chuid na Rómáine, baineann an teorainn le haghaidh dliteanas coiriúil, ina ndlíchóras, le dlí substainteach (agus ní bhaineann sí le dlí nós imeachta mar sin). Ní dhéantar treascairt ar dhlí an Aontais leis an gcur i gcás sin, mar a dhéanfaidh mé anailís air níos faide ar aghaidh.

66.

Is é is toradh ar na breithiúnais seo agus ar neamhghníomhaíocht an reachtais náisiúnta ná, ar feadh tréimhse áirithe ama, ( 35 ) nach bhféadfaí na tréimhsí teorann le haghaidh dliteanas coiriúil a bhriseadh le haon ghníomh arna achtú le linn imeachtaí coiriúla. Meastar gur “dlí coiriúil níos trócairí é”, de réir Airteagal 15(2) de Bhunreacht na Rómáine agus Airteagal 5 de Chód Coiriúil 2009, nach bhfuil forais le briseadh ann a thuilleadh. In ainneoin chásdlí éagsúil na n-údarás breithiúnach níos ísle, ní mór déanamh de réir an léirithe sin ar dhlí na Rómáine, a mhéid a bhaineann sé leis an tréimhse áirithe ama sin, mar atá leagtha amach go ceangailteach ag an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) i mbreithiúnais Uimh. 297/2018 agus Uimh. 358/2022 dá chuid agus ag an Înalta Curte de Casație și Justiție (an Chúirt Uachtarach) i mbreithiúnas Uimh. 67/2022 dá chuid, ar tugadh ar mhaithe leis an dlí.

67.

Dá bhrí sin, d’fhéadfaí na pianbhreitheanna a chur ar neamhní atá ar dhaoine a ciontaíodh i gcalaois thromchúiseach in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais agus i gcionta eile ( 36 ) agus iad a scaoileadh ó phríosún: is leor é go ndeachaigh na tréimhsí teorann (gan bheith in ann aon fhoras le briseadh a chur san áireamh), dá dtagraítear le Cód Coiriúil 2009, in éag idir déanamh na ngníomhartha agus an breithiúnas críochnaitheach lena ngearrtar na pionóis.

68.

Molann an chúirt a rinne an tarchur ( 37 ) léiriú ar an dlí náisiúnta lena gceadaítear a chur as an áireamh go bhfuil “dlí níos trócairí” sa chaingean. ( 38 ) Seo rud a bhaineann léi agus léi sin amháin, mar sin féin. Tá sé de shrian ar inléiritheacht an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais, fiú má tá sé i gceist claonadh ó chásdlí cúirte níos airde, nach ndéantar léirithe atá contra legem leis an dlí náisiúnta. ( 39 )

69.

Ó mo thaobhsa de, níl a fhios agam conas léiriú a dhéanamh ar na rialacha agus an cásdlí bunreachtúil de chuid na Rómáine maidir le briseadh na dtréimhsí teorann le haghaidh dliteanas coiriúil le linn 2018 agus 2022 nach dtagtar salach leis ar chinntí an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil). Dearbhaíonn siad an dlí atá i bhfeidhm sa Rómáin go críochnaitheach agus is “focal scoir” a rialuithe maidir leis an dlí náisiúnta. ( 40 )

70.

Ós rud é go bhfuil aon léiriú eile curtha as an áireamh, is é atá le cur i léire ná an sáraítear an oibleagáid pionóis éifeachtacha agus athchomhairleacha a ghearradh i gcásanna calaoise tromchúisí in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais leis an dlí náisiúnta, mar a eascraíonn as na rialacha agus an cásdlí bunreachtúil lena ndéantar léiriú orthu. Ina hordú tarchuir chun réamhrialú, measann an chúirt a quo go bhfuil an sárú sin á dhéanamh.

71.

Ar bhonn na fianaise atá ar fáil sna himeachtaí réamh-dhlíthíochta, d’fhéadfaí a mheas go bhfuil údar maith leis an measúnú sin dá mbeadh sé ina thoradh ar an staid sa Rómáin, le linn na tréimhse faoi anailís, go mbeifí saor ó phionós as roinnt mhaith cionta in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais, ar bhealaí nach bhfuil ag teacht le hAirteagal 325(1) CFAE.

72.

Tugann an Chúirt Bhreithiúnais éifeacht dhíreach don oibleagáid gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a chomhrac lena ndéantar díobháil do leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta atá athchomhairleach agus éifeachtach. Cuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit go mbainfidís toradh sonrach amach le hAirteagal 325(1) CFAE, ar oibleagáid é nach mbaineann aon choinníoll léi. ( 41 )

73.

Is faoi gach Ballstát atá sé a áirithiú nach socraítear an dlí is infheidhme ar na cionta lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais ar bhealach go bhfuil baol córasach ag gabháil leis go mbeifí saor ó phionós. Ní mór dó déanamh amhlaidh, áfach, agus an chosaint ar chearta bunúsacha na gcúisithe á coimirciú aige. ( 42 )

74.

Mar is léir ón ordú tarchuir, níor chomhlíon reachtas na Rómáine an oibleagáid sin ar feadh nach mór ceithre bliana, gan leasú a dhéanamh ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 155 de Chód Coiriúil 2009 i ndiaidh an bhreithiúnais bhunreachtúil Uimh. 297/2018 ón Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil). Rinneadh an leasú faoi dheireadh trí Dhlí Foraithne Uimh. 71/2022, ach, le linn na tréimhse idir an breithiúnas sin agus an Dlí Foraithne seo, leanadh ar aghaidh a bheith saor ó phionós as roinnt mhaith cionta tromchúiseacha, chun dochar leasanna airgeadais an Aontais, mar gheall ar éifeacht chúlghabhálach an lex mitior.

3. Treoir Uimh. 2006/928 agus an baol córasach go mbeifí saor ó phionós

75.

Is gníomh é Cinneadh Uimh. 2006/928 a ghlacann an Coimisiún de bhun na hIonstraime Aontachais, rud atá ina cuid de reachtaíocht phríomha an Aontais. Ar bhealach níos nithiúla, is cinneadh é de réir bhrí an cheathrú fomhír d’Airteagal 288 CFAE.

76.

Tá gníomhartha arna nglacadh ag institiúid an Aontais le tabhairt ar na tuarascálacha ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, ar cuireadh le chéile mar chuid den Sásra um Chomhar agus um Fhíorú (SCF) lena mbunaítear Cinneadh Uimh. 2006/928 chomh maith, ar gníomhartha iad a bhfuil a mbunús dlí in Airteagal 2 den Chinneadh sin. ( 43 )

77.

Tá anailís déanta cheana féin ag an gCúirt Bhreithiúnais ar chineál agus éifeachtaí dlí Chinneadh Uimh. 2006/928 agus béim á leagan aici air go bhfuil an Rómáin faoi shainordú aige ina iomláine, chomh fada is nár aisghaireadh é.

78.

Is éard is aidhm leis na táscairí atá in Iarscríbhinn Chinneadh Uimh. 2006/928 ná a áirithiú go bhfuil an smacht reachta á chomhlíonadh (Airteagal 2 CAE) agus go bhfuil siad de cheangal ar an Rómáin: tá ar an mBallstát seo na bearta iomchuí a ghlacadh le déanamh dá réir, agus na tuarascálacha arna gcur le chéile ag an gCoimisiún chomh maith leis na moltaí arna leagan amach sna tuarascálacha sin á gcur san áireamh aige, de réir phrionsabal an chomhair dhílis (Airteagal 4(3) CAE). ( 44 )

79.

Go sonrach, cruthaíodh SCF le Cinneadh Uimh. 2006/928 agus socraíodh, ó thaobh an athchóirithe ar an dlíchóras agus an chomhraic i gcoinne an éillithe sa Rómáin de, na táscairí arna n‑aithint in Airteagal 1 mar atá leagtha amach san Iarscríbhinn. Ós ceangailteach atá na táscairí sin, tá an Rómáin faoi oibleagáid sonrach tabhairt fúthu agus staonadh ó aon bheart a chur i bhfeidhm lena gcuirfí a gcomhlíonadh i mbaol. ( 45 )

80.

Leagann an chúirt a rinne an tarchur béim air go bhfuil na cúirteanna sa Rómáin ag dul ar aghaidh le díbhe na n-imeachtaí coiriúla, lena n‑áirítear iad siúd a eascraíonn as caingne urghnácha le haghaidh neamhniú, toisc nach bhfuil cúiseanna ann a thuilleadh le briseadh na dtréimhsí teorann le haghaidh dliteanas coiriúil idir 2018 agus 2022, de thoradh ar an gcásdlí ón Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil).

81.

Sa chomhthéacs sin, tugann sí chun cuimhne gur luadh le Tuarascáil SCF 2022 go bhféadfaí “difear substainteach a dhéanamh d’imeachtaí réamhthrialacha agus cúirte atá ag dul ar aghaidh” indéanta leis an staid atá faoi chonspóid agus go bhféadfadh “iarmhairtí tromchúiseacha” a bheith ann mar gheall ar “dliteanas coiriúil i roinnt mhaith cásanna a bhaint”. ( 46 ) Mar sin, tuigtear di go ndéantar difear leis an staid do dhlíchóras na Rómáine ar fad.

82.

Is follasach go bhfuil baol ag gabháil leis an staid arna cur síos ag an gcúirt a rinne an tarchur uirthi agus a léirítear le Tuarascáil SCF 2022 go mbeifí saor ó phionós sa Rómáin as cionta calaoise tromchúisí in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais (agus i ndáil le cionta mór‑éillithe, a bhaineann leo go minic) le linn na tréimhse 2018 agus 2022, bíodh is nach n-aithnítear go sonrach an méid cásanna lena ndéantar difear do na leasanna airgeadais sin. Tá an baol sin ann toisc nach bhfuil forais a thuilleadh ann le briseadh na dtréimhsí teorann le haghaidh dliteanas coiriúil (agus, i gcomhthráth, mar gheall ar fhad iomarcach na n‑imeachtaí coiriúla lena mbaineann, a théann thar an tréimhse teorann).

83.

Is faoin gcúirt a rinne an tarchur a chur i léire, déanta na fírinne, an bhfuil baol córasach ann do Stát na Rómáine go mbeifí saor ó phionós do chionta calaoise tromchúisí in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais agus do chionta éillithe a bhaineann leo mar gheall ar chásdlí an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil). Más amhlaidh atá, ní bheadh an Rómáin faoi réir na hoibleagáide sonraí chun déanamh de réir na dtáscairí arna leagan amach in Iarscríbhinn Chinneadh Uimh. 2006/928 (go háirithe, na táscairí maidir leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe).

4. Airteagal 49 den Chairt agus an dlí coiriúil is trócairí

84.

Tá éifeacht dhíreach ag Airteagal 325(1) CFAE, mar atá ag Cinneadh Uimh. 2006/928. De réir phrionsabal fhorlámhais dhlí an Aontais, fágtar aon bheart náisiúnta atá i gcontrárthacht gan feidhm trí bhíthin feidhmiú dlí leis an dá fhoráil sin. ( 47 )

85.

“Is faoi [...] na húdaráis dlí náisiúnta inniúla éifeacht iomlán a thabhairt do na hoibleagáidí a eascraíonn ó Airteagal 325(1) agus (2) CFAE, agus forálacha náisiúnta a fhágáil gan fheidhm, go háirithe maidir le teorainneacha lena gcuirtear bac ar chur i bhfeidhm pionóis atá éifeachtach agus athchomhairleach chun comhrac i gcoinne calaois lena ndéantar díobháil do leasanna airgeadais an Aontais, mar chuid d’imeachtaí maidir le cionta tromchúiseacha i réimse CBL”. ( 48 )

86.

Sna himeachtaí is ábhar don chaingean tá feidhm ag Airteagal 325(1) CFAE agus ag Cinneadh Uimh. 2006/928, is é sin le rá “go bhfuil feidhm ag dlí an Aontais” de réir bhrí Airteagal 51(1) den Chairt.

87.

Ar an mbonn sin, beidh ar an gcúirt a rinne an tarchur a fhíorú go bhfuil urraim á tabhairt do na cearta bunúsacha arna ráthú ag an gCairt (sa chás seo, cearta bunúsacha na bpianseirbhísithe). I gcás, de dheasca na mbreithnithe thuas, ina gcinntear gan an cásdlí náisiúnta maidir le gan forais a bheith ann le briseadh na dtréimhsí teorann le haghaidh dliteanas coiriúil le linn 2018 agus 2022 a chur i bhfeidhm, ní fhéadfaí é a dhéanamh ach de réir réimeas na Cairte, rud nach bhfuil ar luach níos ísle ná Airteagal 325(1) CFAE. ( 49 )

88.

Ní scaoiltear na húdaráis dlí náisiúnta óna ndualgas urraim a thabhairt do na cearta bunúsacha arna ráthú ag an gCairt a choimirciú leis an oibleagáid a áirithiú go mbaileodh an tAontas a acmhainní féin go héifeachtach, i gcás ina mbaineann sé le himeachtaí coiriúla as sáruithe in ábhair CBL, arb imeachtaí iad ina bhfuil feidhm ag dlí an Aontais. ( 50 )

89.

Ar an dul sin, is é an dlí bunúsach lena bhféadfaí údar a thabhairt le coimeád, agus cur i bhfeidhm chásdlí bunreachtúil na Rómáine ná an dlí arna chumhdach san abairt dheireanach d’Airteagal 49(1) den Chairt: cúlghabhálacht an dlí choiriúil is trócairí nó lex mitior.

90.

Deirim arís nach bhféadfaí na húdaráis dlí náisiúnta a shaoradh ó chur i bhfeidhm an lex mitior leis an oibleagáid cosaint ar acmhainní féin an Aontais i réimse CBL, mar phrionsabal a bhaineann le dlíthiúlacht choiriúil, rud atá do-dhealaithe ón smacht reachta. Tá an smacht reachta, as sin, ar cheann de na príomhluachanna ar a bhfothaítear an tAontas (Airteagal 2 CAE).

91.

De réir Airteagal 49(1) den Chairt “[...] ní ghearrfar pionós is troime ná mar dob inghearrtha an tráth a rinneadh an cion coiriúil. Más rud é, tar éis an cion coiriúil a dhéanamh, go bhforáiltear do phionós níos éadroime sa dlí, beidh an pionós sin infheidhme.”

92.

Is cuid de reachtaíocht phríomha an Aontais ( 51 ) é prionsabal chúlghabhálacht an dlí choiriúil is trócairí, a chumhdaítear mar sin sa Chairt, agus áirítear é sna conarthaí idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag Ballstáit an Aontais. ( 52 )

93.

Dar leis an gCúirt Bhreithiúnais, “is cuid riachtanach de chur i bhfeidhm an dlí choiriúil is trócairí é go dtagann dlíthe sna sála ar a chéile le himeacht aimsire agus tá sé bunaithe ar an tátal gur athraigh an reachtas a chritéar maidir le tabhairt síos don chion nó maidir leis an bpionós atá le cur i bhfeidhm maidir le cion coiriúil.” ( 53 )

94.

Glactar leis gur eisceacht ar an toirmeasc ar chur i bhfeidhm cúlghabhálach na rialacha coiriúla é prionsabal an lex mitior. Sa mhéid a théann cúlghabhálacht in bonam partem chun leasa an chúisithe, ní féidir a áiteamh go ndéantar sárú le cur chun feidhme an dlí choiriúil ina dhiaidh sin ar phrionsabal na dlíthiúlachta coiriúla (nullum crimen, nulla poena sine lege). Go simplí, tugtar tús áite don dlí nua go cúlghabhálach ar an seandlí, a bhí i bhfeidhm ar dhéanamh an tsáraithe, agus cuirtear feabhas ar chúinsí coiriúla an chúisí (nó an phianseirbhísithe) ar an gcaoi sin.

95.

Bíodh is go bhfuil bunús an phrionsabail faoi chonspóid, eascraíonn prionsabal an lex mitior as an tuairim nach bhfuil pionós le gearradh ar, nó nach bhfuil saoirse le baint ó, dhuine nach bhfuil pionós, mar a foráladh dó leis an seandlí, tuilte aige mar gheall ar a iompar, i dtuairim (leasaithe) an reachtais. Mar sin, faigheann an duine sin na buntáistí a bhaintear as na luachanna nua arna dtabhairt isteach leis na dlíthe a thagann ina dhiadh sin. ( 54 )

96.

Tugtar le tuiscint ó na mínithe ar an gCairt (Airteagal 52(3)) go bhfuil a gcomhionann de chiall agus raon feidhme ag an dlí arna aithint in Airteagal 49 di agus ag an dlí arna ráthú leis an gCoinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (“ECHR”).

97.

Ós rud é nach bhfuil an prionsabal seo in ECHR go sainráite, tharraing an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine (“ECtHR”) é ó Airteagal 7 de, agus lorg chásdlí na Cúirte Breithiúnais á leanúint aici. ( 55 )

98.

De réir ECtHR:

“Bheadh cur i bhfeidhm na rialacha maidir le teacht na ndlíthe coiriúla sna sála ar a chéile le himeacht aimsire ag dul chun dochair an chúisithe ag gabháil le gearradh pionóis níos tromchúisí toisc, agus toisc sin amháin, go raibh foráil ann dó agus an cion á dhéanamh. B’ionann é agus neamhaird a thabhairt ar aon athrú reachtach atá trócaireach leis an gcúisí, arna dhéanamh roimh an mbreithiúnais, agus leanúint ar aghaidh le pionóis a ghearradh a mheasann an Stát, agus an pobal dá ndéanann sé ionadaíocht, a bheith iomarcach.” ( 56 )

“Is soiléiriú ar na rialacha maidir le teacht na ndlíthe coiriúla sna sála ar a chéile é an oibleagáid, i measc rialacha coiriúla eile, na forálacha sin a chur i bhfeidhm a chruthaíonn a bhforálacha gur trócairí iad leis an gcúisí, atá ar aon dul le cuid bhunriachtanach eile d’Airteagal 7 [de ECHR], eadhon intuarthacht na bpionós í an oibleagáid”. ( 57 )

Tá sé le tuiscint ó phrionsabal na cúlghabhálachta, “i gcás ina bhfuil difríochtaí idir an dlí coiriúil atá i bhfeidhm agus an cion á dhéanamh agus na rialacha coiriúla i ndiaidh sin ar glacadh leo roimh bhreithiúnas críochnaitheach a thabhairt, [nach] mór don chúirt na rialacha a chur i bhfeidhm lena gcruthaítear na forálacha is trócairí don chúisí”. ( 58 )

99.

Go dtí seo, áfach, níl teorainn shonrach curtha ag ECtHR ná ag an gCúirt Bhreithiúnais le raon feidhme díreach phrionsabal an lex mitior i gcásanna ar leith amhail an príomhchás anseo. Éascaítear leis an tarchur chun réamhrialú seo forbairt chásdlí na Cúirte Breithiúnais le réiteach a thabhairt lena bhféadfaí an méid seo a leanas a thuiscint ón abairt dheireanach d’Airteagal 49(1) den Chairt:

Infheidhmeacht phrionsabal an lex mitior maidir leis na tréimhsí teorann le haghaidh dliteanas coiriúil agus a bhforais lena mbriseadh.

Comhionannas idir leasú ar reachtaíocht choiriúil agus cásdlí cúirte bunreachtúla náisiúnta, chun críocha chur i bhfeidhm an lex mitior.

An bhaint atá ag prionsabal an lex mitior le himeachtaí coiriúla agus leo amháin, fiú mura bhfuil réiteach tagtha orthu le breithiúnas críochnaitheach nó, a mhalairt air sin, le himeachtaí ar cuireadh críoch leo trí bhreithiúnais a bhfuil éifeacht res judicata acu (lena ndéantar difear do phionóis ag céim an churtha chun feidhme mar sin).

100.

I ndáiríre, is “beag atá comhchoiteann” idir traidisiúin bhunreachtúla na mBallstát i ndáil le prionsabal an lex mitior. Tá tíortha ann ina ndéantar beag is fiú nach mór den ráthaíocht bhunúsach choiriúil agus tá tíortha eile ann ina gcloítear go forleathan leis, fiú go bunreachtúil (an Phortaingéil, an Rómáin, an Iodáil nó an Spáinn, inter alia). I mo thuairimse, tá caighdeán cosanta uathrialach agus sonrach faoin abairt dheireanach d’Airteagal 49(1) den Chairt le bunú ag an gCúirt Bhreithiúnais, lena dtairgtear leibhéal coimirce níos airde do na daoine lena mbaineann sé seachas cosaint de minimis amháin.

(a) Lex mitior agus briseadh na dtréimhsí teorann le haghaidh dliteanas coiriúil

101.

Déantar tagairt leis an abairt dheireanach d’Airteagal 49(1) den Chairt do chúlghabhálacht an dlí lena bhforáiltear do “phionós níos éadroime”. Mar atá áitithe cheana féin, tugann an Chúirt Bhreithiúnais le fios go bhfuil an dlí choiriúil is trócairí bunaithe ar an tátal gur athraigh an reachtas a chritéar “bíodh sin maidir cineál coiriúil a thabhairt síos do na fíorais le tabhairt síos do na bhfíorais nó maidir leis an bpionós atá le cur i bhfeidhm maidir le cion coiriúil”. ( 59 )

102.

Níl an dá thagairt sin cinntitheach, ach dírítear leo nach mbaineann prionsabal an lex mitior ach leis na rialacha dlí choiriúil ábhartha agus ní le rialacha an dlí nós imeachta choiriúil.

103.

Más amhlaidh atá, ní mór a chinneadh i ngach cás ar de chineál substainteach (ábhartha) nó den chineál nós imeachta agus den chineál nós imeachta amháin an teorainn agus na bristeacha uirthi, chun críocha Airteagal 49 den Chairt. Is soiléiriú tábhachtach é toisc gur gnách do na rialacha coiriúla nós imeachta a bheith ag baint leis an riail tempus regit actum.

104.

De réir chásdlí údaráis dlí uachtaracha na Rómáine gurb substainteach/ábhartha na rialacha maidir le teorannacha coiriúla ina dtír. Ní chuirtear in aghaidh an chásdlí náisiúnta sin le haon rud i ndlí an Aontais, mar a d’aithin an Chúirt Bhreithiúnais sa bhreithiúnas in M.A.S agus M.B.

105.

Is inniúlacht roinnte idir an tAontas agus na Ballstáit, de réir bhrí Airteagal 4(2) CFAE an chosaint ar leasanna airgeadais an Aontais trí phionóis choiriúla a fhorchur.

106.

Nuair a tharla an méid atá faoi chonspóid, ní raibh na rialacha maidir le tréimhsí teorann atá infheidhme maidir le cionta coiriúla CBL comhchuibhithe ag reachtas an Aontais. ( 60 ) Bhí sé de shaorchead ag na mBallstáit foráil dó, ina ndlíchóras, go mbaineann na rialacha maidir le tréimhsí teorann ar dhliteanas coiriúil agus na bristeacha orthu le dlí coiriúil substainteach/ábhartha. ( 61 )

107.

Ós rud é nach bhfuil na rialacha maidir le tréimhsí teorann le haghaidh dliteanas coiriúil i ndáil le cionta in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais comhchuibhithe, braitheann sé ar dhlí gach Ballstáit ar den chineál nós imeachta nó substainteach na rialacha maidir le tréimhsí teorann. ( 62 )

108.

Is fíor, i mbreithiúnas Taricco, gur shocraigh an Chúirt Bhreithiúnais cineál nós imeachta a thabhairt ar na rialacha maidir leis na tréimhsí teorann le haghaidh dliteanas coiriúil, mar a chuir an ECtHR in iúl; ( 63 )i gcásanna eile, áfach, ghlac an Chúirt Bhreithiúnais a mhalairt de sheasamh maidir le tréimhsí teorann. ( 64 )

109.

Bhíothas claonta a mheas le cásdlí ECtHR go bhfuil na rialacha sin den chineál nós imeachta, a mhéid nach ndéantar cinneadh leo ar na sáruithe ná ar na pionóis a ghearrtar orthu, ach ní dhéantar leis ach coinníoll a shocrú roimh ré chun imscrúdú a dhéanamh ar an gcás. ( 65 ) Mheas ECtHR, áfach, go sáraítear Airteagal 7 de ECHR le pionós a ghearradh ar chúisí as sárú atá leagtha amach cheana féin. ( 66 )

110.

I mbreithiúnas M.A.S. agus M.B., ( 67 ) mhaolaigh an Chúirt Bhreithiúnais breithiúnas Taricco (agus cúis mhaith aici, i mo thuairimse) chun:

Tagairt a dhéanamh do chásdlí ECtHR maidir le hAirteagal 7(1) ECHR, faoina réir nach mór forálacha coiriúla a bheith i gcomhréir le ceanglais áirithe na hinrochtaineachta agus na hintuarthachta, ó thaobh sainmhíniú an tsáraithe de agus socrú an phionóis de araon. ( 68 )

Béim a leagan air go bhfuil sé de thoradh riachtanach ar an gceanglas maidir le soiléireacht an dlí infheidhme go sainítear go soiléir leis na sáruithe agus na pionóis a ghearrtar orthu. Comhlíontar an ceanglas sin i gcás ina bhfuil an duine aonair i staid, ó théacs na rialach agus, más gá, le cabhair ón léiriú arna dhéanamh uirthi ag na cúirteanna, céard iad na gníomhartha nó na neamhghníomhartha is cionsiocair lena dhliteanas coiriúil. ( 69 )

Béim a leagan air go bhfuil feidhm (san Iodáil) ag na ceanglais intuarthachta, shoiléireachta agus neamh-chúlghabhálachta a théann le prionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis maidir leis na rialacha maidir le tréimhsí teorann ar sháruithe coiriúla CBL chomh maith.

111.

I bhfianaise an bhreithiúnais in M.A.S. agus M.B, measaim, fad is nach bhfuil dlí an Aontais comhchuibhithe, ( 70 ) go bhféadfadh gach Ballstát leanúint ar aghaidh ag cur faoin gcineál substainteach/ábhartha na rialacha maidir leis na tréimhsí teorann ar dhliteanas coiriúil (lena n‑áirítear, ó thaobh na loighce de, na rialacha maidir le briseadh na dtréimhsí teorann). Ar an dul céanna, tá na rialacha sin faoi réir phrionsabal an lex mitior dá bhforáiltear san abairt dheireanach d’Airteagal 49(1) den Chairt.

(b) Lex mitior agus cinntí na gcúirteanna bunreachtúla

112.

Ní hamháin gur chinn an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) go dtagann tréimhsí teorann le haghaidh dliteanas coiriúil faoin dlí coiriúil ábhartha, ach dhearbhaigh sé go bhfuil Airteagal 155 de Chód Coiriúil 2009 míbhunreachtúil, maidir le briseadh na dtréimhsí teorann chomh maith. Mar gheall ar an gcásdlí sin, idir an 25 Meitheamh 2018 agus an 30 Bealtaine 2022, lean na tréimhsí sin ar aghaidh go do-bhriste.

113.

D’fhéadfaí a mhaíomh nach “dlí níos trócairí” iad na cinntí ó chúirt bhunreachtúil, toisc nach bearta reachtacha i gceart iad arna nglacadh ag an mBallstát. Creidim, áfach, nach mór diúltú don agóid sin.

114.

Ghníomhaigh an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) ina “reachtas diúltach” agus é ag dearbhú go bhfuil Airteagal 155 de Chód Coiriúil 2009 míbhunreachtúil. ( 71 ) Sna Ballstáit ina ndéantar dlúth-athbhreithniú bunreachtúil, tá a gcomhchosúil de luach agus de bhrí cheangailteach ag dearbhuithe go bhfuil dlíthe míbhunreachtúil agus atá ag na dlíthe féin a dhearbhaítear a bheith do-ghlactha (agus, i gcás inarb iomchuí, ar neamhní) ina n‑iomláine nó i bpáirt toisc nach bhfuil siad ag luí leis an mbunreacht náisiúnta. Sna tíortha sin, tá éifeachtaí erga omnes ag na dearbhuithe go bhfuil dlíthe míbhunreachtúil agus baintear na dlíthe sin ón dlíchóras ina n‑iomláine nó i bpáirt mar thoradh riachtanach orthu (an Spáinn, an Pholainn, an Phortaingéil, an Liotuáin, an Rómáin, an Ghearmáin nó an Iodáil).

115.

Mar sin, chun críocha chur i bhfeidhm an lex mitior, ní fheictear dom go bhfuil difríocht idir an dlí coiriúil a aisghairm ina iomláine nó i bpáirt le dlí eile ina dhiaidh (cinntí an reachtais) agus an dlí sin a bhaint ón dlíchóras, ina iomláine nó i bpáirt chomh maith, trí dhearbhú míbhunreachtúlachta (cinntí na cúirte bunreachtúla). ( 72 )

116.

Dá bhrí sin, is ionann dearbhú míbhunreachtúlachta ar nós an dearbhú a rinne an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) i mbreithiúnais Uimh. 297/2018 agus Uimh. 358/2022 dá chuid agus, go substainteach, leasú reachtach, chun críocha chur i bhfeidhm phrionsabal an lex mitior. Tá a leithéid de dhearbhú de cheangal ar na húdaráis phoiblí go léir, agus ar na húdaráis dlí, ( 73 ) bíodh is go bhfuil dlínse ag na húdaráis dlí inniúla measúnú a dhéanamh an bhfuil riail náisiúnta a dhearbhaigh an chúirt bhunreachtúil a bheith ag luí lena Bunreacht i gcomhréir le dlí an Aontais. ( 74 )

117.

Sa chaingean seo, tugtar réiteach le breithiúnais Uimh. 297/2018 agus Uimh. 358/2022 ón Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) ar cheist dlí bunreachtúla de chuid na Rómáine, gan breith a thabhairt ar a comhréireacht le dlí an Aontais nó gan a tosaíocht a “cheistiú”.

118.

Úsáideann an Chúirt Bhreithiúnais an téarma “dlíthe” i gciall leathan chun tagairt a dhéanamh do “theacht dhlíthe sna sála ar a chéile le himeacht aimsire”. Dar ndóigh, áirítear sa chiall focail sin ní amháin na dlíthe arna nglacadh ag údaráis dlí na mBallstát ach na hathruithe ar na dlíthe sin a thagann ó dhearbhuithe míbhunreachtúlachta arna nglacadh ag cúirt bhunreachtúil chomh maith. Creidim gur mó a bhaineann an maíomh sin leis an oibleagáid gan léiriú a dhéanamh ar na cearta arna gcosaint ag an gCúirt ar bhealach lena gcuirtear srian ar a bhfuil iontu.

119.

Ní thagtar salach leis an léiriú a mholaim ar bhreithiúnas ECtHR i gcás Ruban v an Úcráin. Tarraingítear anuas sárú féideartha ar phrionsabal an lex mitior ag Stát na hÚcráine mar gheall ar bhreithiúnas óna cúirt bhunreachtúil sa chás sin. Dhiúltaigh ECtHR glacadh leis gur sáraíodh Airteagal 7 ECHR ach rinne sé anailís ar an dearbhú míbhunreachtúlachta amhail is gur athrú reachtach a bhí ann, gan diúltú nár tugadh le fios leis an gcásdlí bunreachtúil sin go dtagann “dlíthe” sna sála ar a chéile le himeacht aimsire. ( 75 )

(c) Lex mitior agus breithiúnais choiriúla chríochnaitheacha

120.

I mbreithiúnas Scoppola v an Iodáil, bhí cuma ar ECtHR go raibh sé ag claonadh i dtreo cur i bhfeidhm an lex mitior a theorannú go himeachtaí coiriúla nár réitíodh le breithiúnas críochnaitheach go fóill. ( 76 ) Mar sin féin, i gcásanna áirithe ina dhiaidh sin, síneadh an prionsabal sin le feidhm a bheith aige maidir le breithiúnais chríochnaitheacha chomh maith, ar choinníoll go bhforáiltear dó gur féidir sin sa dlí naisiúnta. ( 77 )

121.

Ar an gcéad amharc, d’fhéadfaí a mheas go ndearna an Chúirt Bhreithiúnais cur i bhfeidhm phrionsabal an lex mitior a theorannú go breithiúnais chríochnaitheacha. ( 78 ) Mar sin féin, creidim gur breith thobann a bheadh ann, i bhfianaise go gcuirtear athbhreithniú ar an staid a thagann ó phianbhreith choiriúil, chríochnaitheach roimhe sin chun indéantacht ar son pianseirbhísithe i gcás Delvigne, i gcomhréir leis an dlí nua.

122.

I mo thuairim, ní mór feidhm a bheith ag an lex mitior maidir le breithiúnais choiriúla chríochnaitheacha atá á gcur chun feidhme chomh maith. Glacaim leis nach amhlaidh a bhíonn an scéal i mBallstáit an Aontais go léir, bíodh is gur réiteach é a ghlac roinnt acu. ( 79 ) Tá neart eisceachtaí ar an riail seo fiú i roinnt acu ina bhfuil feidhm, ar an mórgóir, ag an lex mitior maidir le breithiúnais choiriúla a bhfuil éifeacht res judicata acu. Mar sin, is minic éifeacht chúlghabhálach in melius a bheith i bhfeidhm ar an gcineál breithiúnais seo chomh maith, i gcás ina bhforáiltear dó le reachtaíocht choiriúil nua, nó i gcás ina ndíchoirítear cineál iompair, ( 80 ) nó i gcás ina ndearbhaíonn cúirt bhunreachtúil go bhfuil dlí coiriúil míbhunreachtúil. ( 81 )

123.

Tá ciall uathfheidhmeach ag an bprionsabal san abairt dheireanach d’Airteagal 49(1) den Chairt pé scéal é, gan beann ar an iliomad réiteach ar tháinig na Ballstáit orthu agus dá gcaithfidh sé ardchosaint seachas íoschosaint a chur ar fáil, mar atá molta agam cheana féin.

124.

Níl loighic le hathrú luachanna (nó critéar pionósach) an reachtais a chur i bhfeidhm ar na hionchúisithe nó ar na cúisithe amháin agus ní orthu siúd atá faoi phianbhreith chríochnaitheach mar gheall ar bhearta comhchosúla a dhéanamh. Is mó is féidir an easpa loighce a thabhairt faoi deara i gcás ina ndíchoirítear iompar ar gearradh pionóis as roimhe sin trí dhlí ina dhiaidh sin (abolitio criminis). Bheadh sé go dubh in aghaidh comhfhios ceart dlí, más rud é, sa chás sin, go gcinntear ar chúiseanna ama amháin nach mór do phianseirbhísithe, ar ciontaíodh iad i gceann de na cineálacha iompair sin, fanacht i bpriosún, fad a bhíonn na daoine a d’iompar iad féin ar an gcaoi chéanna, atá fós ag fanacht le breith, saor ó dhliteanas coiriúil go fóill.

125.

D’fhéadfaí a chomhionann de chritéar cothroime agus comhleanúnachais, mar atá i gceist leis an lex mitior le haghaidh ionchúisithe nó cúisithe, a chur leo siúd ar ciontaíodh iad cheana féin. Deirim arís nach bhfuil sé ag luí le réasún go bhfuil an prionsabal seo ag dul chun leasa duine as beirt, a dhearna a chomhchosúil de bhearta ar chomhlá toisc, agus dá thoisc sin amháin, gur cuireadh clabhsúr ar na himeachtaí coiriúla níos tapúla le haghaidh duine acu, rud a bhfuil pianbhreith críochnaitheach mar thoradh air, fad a chuaigh imeachtaí an duine eile chun fadála, cé nár ciontaíodh go críochnaitheach é.

126.

Ní mór loighic phrionsabal chúlghabhálacht an dlí choiriúil is trócairí a chur i bhfeidhm maidir le breithiúnais choiriúla chríochnaitheacha chun aimhréire a sheachaint, ar nós na haimhréire thuasluaite, chomh maith. Is deimhin, áfach, go bhfuil próiseas athbhreithnithe ar phianbhreithe res judicata ag dul leis an réiteach seo, ach ní insáraithe, dar liom, an chonstaic sin. Ní hamhlaidh atá i gcásanna díchoirithe iompair ar tugadh cionta air roimhe sin, agus ní léir dom an chúis leis go mbeadh sé amhlaidh i gcásanna ar leith eile ina dtagann dlíthe sna sála ar a chéile le himeacht aimsire. ( 82 )

127.

Tá sé de dhíth ar athbhreithniú ar bhreithiúnais chríochnaitheacha mar thoradh ar an lex mitior go gcuirfí bealach nós imeachta ar fáil le dlí náisiúnta, ar iarraidh don duine atá faoi phianbhreith. Sa Rómáin, is é an bealach seo, de réir an ordú tarchuir, ná an chaingean urghnách le haghaidh neamhniú in Airteagal 426(1)(b) de Chód na Rómáine um Nós Imeachta Coiriúil, mar atá srianta le breithiúnas Uimh. 67/2022 ón Înalta Curte de Casație și Justiție (an Chúirt Uachtarach).

(d) Conclúid Idirlinne

128.

In aon fhocal amháin, molaim go ndéanfaí léiriú ar phrionsabal chúlghabhálacht an dlí choiriúil is trócairí, mar atá san abairt dheireanach d’Airteagal 49(1) den Chairt:

a bhaineann le rialacha maidir le briseadh na dtréimhsí teorann le haghaidh dliteanas coiriúil i gcás ina ndéantar go bhfuil siad substainteach/ábhartha leis an dlí coiriúil náisiúnta;

lena meastar go bhfuil cásanna, ina leasaítear an dlí coiriúil mar gheall ar dhearbhú ó chúirt bhunreachtúil náisiúnta go bhfuil sí míbhunreachtúil, inchurtha le teacht dlíthe sna sála ar a chéile le himeacht aimsire; agus

a bhaineann le himeachtaí coiriúla reatha agus breithiúnais chríochnaitheacha i gcás dá bhforáiltear le dlí náisiúnta, fiú go ginearálta.

129.

Sna príomhimeachtaí, tugtar údar trí phrionsabal chúlghabhálacht an dlí choiriúil is trócairí, dá dtagraítear leis an abairt dheireanach d’Airteagal 49(1) den Chairt, le dliteanas coiriúil pianseirbhísithe a dhíolmhú, ar pianseirbhísithe iad ar bhain rialacha leo maidir le briseadh na dtréimhsí teorann le haghaidh dliteanas coiriúil nuair a dearbhaíodh go bhfuil siad míbhunreachtúil ina dhiaidh sin, a mhéid a bhaineann sé le réimsí a bhfuil feidhm ag dlí an Aontais leo. Mar sin, baineann an díolmhú le cionta calaoise tromchúisí in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais, mar atá ar neamhréir le hAirteagal 325 CFAE agus le Cinneadh Uimh. 2006/928.

130.

Dá bhrí sin, ní éilítear le dlí an Aontais, i staid ar nós na staide ar a ndéantar cur síos, go gcuirfí an cásdlí ón Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) as feidhm, in ainneoin go mbeadh na daoine a rinne roinnt de na cionta sin saor ó phionóis mar thoradh riachtanach ar a éifeachtaí.

5. Caighdeán cosanta níos trócairí ar phrionsabal an lex mitior i ndlí na Rómáine

131.

I gcás ina bhfuil an Chúirt Bhreithiúnais den tuiscint, murab ionann agus an méid atá á mholadh agam, nach bhfuil feidhm maidir leis an gcás seo ag cúlghabhálacht an dlí choiriúil is trócairí faoin abairt dheireanach d’Airteagal 49(1) den Chairt, ba ghá anailís a dhéanamh le feiceáil an gcruthaítear caighdeán cosanta níos airde ar phrionsabal an lex mitior le dlí an Rómáine.

132.

D’fhéadfadh sé go gcaithfeadh údarás dlí Ballstáit, mar atá ag tarlú sa chás seo, measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht forála nó birt náisiúnta leis na cearta bunúsacha, ar foráil nó beart é, lena gcuirtear dlí an Aontais i bhfeidhm de réir bhrí Airteagal 51(1) den Chairt.

133.

I gcás, sna himthosca sin, nach socraítear gníomhaíocht na mBallstát go hiomlán le dlí an Aontais, deimhnítear le hAirteagal 53 den Chairt go mbíonn sé de chumhacht fós ag na húdaráis náisiúnta agus ag na cúirteanna náisiúnta caighdeáin náisiúnta chosanta ar chearta bunúsacha a chur i bhfeidhm.

134.

I ndlí na Rómáine, leagtar amach an caighdeán naisiúnta cosanta ar phrionsabal cúlghabhálacht an dlí choiriúil is trócairí in Airteagal 15(2) den Bhunreacht agus in Airteagal 5(1) de Chód Coiriúil 2009, ar shainigh an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) a raon feidhme.

135.

Mar atá tugtha chun cuimhne agam cheana féin, dearbhaítear leis an gcásdlí ón Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) agus ón Înalta Curte de Casație și Justiție (an Chúirt Uachtarach) gurb ábhartha/substainteach na rialacha maidir le tréimhsí teorann le haghaidh dliteanas coiriúil agus na rialacha maidir le briseadh na dtréimhsí teorann de bhrí go bhfuil feidhm ag prionsabal an lex mitior maidir leo. ( 83 )

136.

Leagtar béim air le breithiúnais Uimh. 297/2018 agus Uimh. 358/2022 ón Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil), idir an 25 Meitheamh 2018 agus an 30 Bealtaine 2022, nach raibh aon fhoras le briseadh na dtréimhsí teorann le haghaidh dliteanas coiriúil, de réir an phrionsabail sin.

137.

Ar mhaithe le hinfheidhmeacht an chaighdeáin náisiúnta cosanta ar phrionsabal chúlghabhálacht an dlí choiriúil is trócairí, mar a bhunaítear le dlí na Rómáine, cinneann an Chúirt Bhreithiúnais nach mór dhá choinníoll a chomhlíonadh: ( 84 )

Caithfidh nach ndéanfaí difear leis don leibhéal cosanta dá bhforáiltear leis an gCairt, de réir an léirithe ón gCúirt Bhreithiúnais.

Ní fhéadfaí bac a chur ar thosaíocht, aonchineálacht agus éifeachtacht dhlí an Aontais ach an oiread.

138.

Ó thaobh an chéad choinníll de, níor bunaíodh rialacha sonracha maidir leis an ábhar sin le dlí an Aontais. Mar sin, ní dhéantar difear le cur i bhfeidhm an chaighdeáin cosanta don leibhéal cosanta dá bhforáiltear san abairt dheireanach d’Airteagal 49(1) den Chairt.

139.

Is deacra a cinneadh an gcuirtear bac ar thosaíocht, aonchineálacht agus éifeachtacht dhlí an Aontais leis an gcaighdeán cosanta ar phrionsabal an lex mitior i ndlí na Rómáine, toisc nach gcruthaítear i mbreithiúnas M.A.S. agus M.B. agus i mbreithiúnas Euro Box Promotion go bhfuil an cásdlí so-thugtha le chéile.

140.

I mbreithiúnas M.A.S. agus M.B., rinne an Chúirt Bhreithiúnais an méid seo a leanas:

D’aithin sí go bhfuil sé de shaorchead ag Poblacht na hIodáile, an uair sin, foráil a dhéanamh dó, ina dlíchóras, go dtiocfadh na rialacha maidir le tréimhsí teorann le haghaidh dliteanas coiriúil, mar a thagann na rialacha maidir le sainiú sáruithe agus socrú pionós faoin dlí coiriúil ábhartha agus go mbeidís, mar atá na rialacha maidir le sainiú sáruithe agus socrú pionós, faoi réir phrionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis. ( 85 )

Thug sí dá haire go bhféadfadh Poblacht na hIodáile caighdeán náisiúnta cosanta a chur i bhfeidhm ar phrionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis atá níos airde ná an caighdeán arna bhunú le dlí an Aontais, a mhéid nach ndéantar difear leis d’aonchineáltacht, tosaíocht agus éifeachtacht dhlí an Aontais. ( 86 )

Mhaígh sí, i bhfianaise argóintí Chúirt Bhunreachtúil na hIodáile maidir leis an drochthionchar atá ag cur i bhfeidhm bhreithiúnas Taricco ar phrionsabal na dlíthiúlachta coiriúla arna bhunú lena Bunreacht, lenarb é atá i gceist ná fíorú ag an gcúirt náisiúnta an raibh sé ina chúis le staid éiginnteachta i ndlíchóras na hIodáile gan rialacha an Chóid Choiriúil a chur i bhfeidhm (lena gcuirtear bac ar phionóis éifeachtachta atá mar chosc a chur chun feidhme i roinnt mhaith cásanna calaoise tromchúisí lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais), ó thaobh socrú na rialacha atá infheidhme maidir le tréimhsí teorann, de shárú ar phrionsabal na dlíthiúlachta coiriúla. ( 87 )

Dhearbhaigh sí, i gcás ina gcinneann an chúirt naisiúnta go sáraítear prionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis leis an oibleagáid forálacha an Chód Choiriúil a chur as feidhm, nach gcaithfeadh sí an oibleagáid iad a chur as feidhm a chomhlíonadh, fiú más rud é go gceadófaí cúiteamh a dhéanamh, lena comhlíonadh, ar staid naisiúnta atá ar neamhréir le dlí an Aontais. ( 88 )

141.

Mar sin, ghlac an Chúirt Bhreithiúnais le teorainn a chur ar chur i bhfeidhm phrionsabal thosaíocht dhlí an Aontais: d’fhéadfadh na cúirteanna náisiúnta rialacha náisiúnta a chur i bhfeidhm atá contrártha do dhlí an Aontais ar mhaithe le ceart bunúsach (an dlíthiúlacht choiriúil) a chosaint, a ráthaítear le caighdeán níos airde faoin dlí náisiúnta ná é sin arna bhunú le dlí an Aontais. ( 89 )

142.

Mar sin, ní dhlitear le breithiúnas M.A.S. agus M.B. ar an gcúirt náisiúnta dearbh-thosaíocht a thabhairt do chosaint ar leasanna airgeadais an Aontais, ionas go dtabharfaí tús áite dóibh ar cheart bunúsach amhail prionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis.

143.

Sa bhreithiúnas in Euro Box Promotion, rinne an Chúirt Bhreithiúnais anailís ar reachtaíocht agus cásdlí bunreachtúil na Rómáine, ( 90 ) mar atá amhlaidh i gcás na hIodáile i gcás M.A.S. agus M.B, lena bhféadfaí baol córasach a bheith ag gabháil leo go mbeifí saor ó phionós as cionta tromchúiseacha calaoise lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais, chun dochar na hoibleagáide dá bhforáiltear le hAirteagal 325(1) CFAE. I ndiaidh na hanailíse sin, dhearbhaigh sí:

Nach mór don údarás dlí a rinne an tarchur a áirithiú go raibh na cearta bunúsacha a chumhdaítear sa chéad abairt den dara fomhír d’Airteagal 47 den Chairt á gcomhlíonadh mar is gá, eadhon an ceart atá ag gach duine éisteacht chóir phoiblí a fháil laistigh de thréimhse réasúnta ó bhinse neamhspleách neamhchlaon arna bhunú roimh ré le dlí.

“[…] Sáraítear an chéad abairt den dara fomhír d’Airteagal 47 den Chairt le dul i mbun mírialtachta agus dlísheomraí [údaráis dlí] á gcomhdhéanamh, go háirithe nuair atá an mhírialtacht de chineál agus de thromchúis go gcruthaítear fíorbhaol go bhféadfadh na brainsí cumhachta eile, go háirithe an feidhmeannas, cumhacht lánroghnach míchuí a fheidhmiú lena gcuirtear i mbaol iomláine na hiarmharta ó phróiseas comhdhéanta na ndlísheomraí, rud atá ina údar d’amhras réasúnta in intinn daoine aonair atá i gceist maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an bhreithimh nó na mbreithiúna atá i gceist”. ( 91 )

Níor sárú ar an gcéad abairt den dara fomhír d’Airteagal 47 den Chairt é an cleachtas maidir le speisialtóireacht agus comhdhéanamh dhlísheomraí na Rómáine in ábhar éillithe, a mhéid a bhain sé le cás ar leith eile seachas an cás arna réiteach leis an mbreithiúnas in M.A.S. agus M.B.. Mar sin, “[…] ní chuirtear bac ar neamhchur i bhfeidhm an chásdlí a eascraíonn ó na breithiúnais [bhunreachtúla] leis na ceanglais ón gcéad abairt den dara fomhír d’Airteagal 47 den Chairt.” ( 92 )

D’fhéadfadh sé gur caighdeán náisiúnta cosanta ar chearta bunúsacha ab ea iad reachtaíocht agus cásdlí bunreachtúla de chuid na Rómáine maidir leis an gceanglas breithiúnais in ábhair éillithe a thabhairt ar achomharc ag dlísheomraí a ainmníodh a gcomhaltaí go léir trí chrannchur a chaitheamh. ( 93 )

D’fhéadfadh an caighdeán náisiúnta cosanta sin a bheith contrártha do thosaíocht, aonchineáltacht agus éifeachtacht dhlí an Aontais, go háirithe Airteagal 325(1) CFAE, arna léamh le hAirteagal 2 de Choinbhinsiún CLA, agus Cinneadh Uimh. 2006/928, toisc go bhfuil baol córasach ag gabháil leo go mbeifí saor ó phionós as cionta tromchúiseacha calaoise lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais nó as éilliú go ginearálta. ( 94 )

144.

I mo thuairimse, is mó a bhfuil an chaingean seo ag teacht leis an gcaingean is bun leis an mbreithiúnas in M.A.S. agus M.B. ná leis an gcaingean is bun leis an mbreithiúnas in Euro Box Promotion. I mbreithiúnas Euro Box Promotion, níor mheas an Chúirt Bhreithiúnais sárú a bheith déanta ar an gcéad abairt den dara fomhír d’Airteagal 47 den Chairt maidir le comhdhéanamh dhlísheomraí na Cúirte Uachtaraí a dhéanann speisialtóireacht in ábhair éillithe, ar dhearbhaigh an Chúirt Bhunreachtúil a bheith míbhunreachtúil. Ní léir ach an oiread go raibh caighdeán náisiúnta cosanta ar an gceart chun binse neamhspleách, arna bhunú roimh ré le dlí, i ndlí na Rómáine. Mhol ceann de na páirtithe ag an éisteacht mar fhreagra ar cheist ón gCúirt Bhreithiúnais go raibh, ach shéan Rialtas na Rómáine agus an Coimisiún go raibh ann dá leithéid. ( 95 )

145.

Ní fheictear domsa, ach go háirithe, go dtugtar údar le srian a chur ar cheart bunúsach amhail cur i bhfeidhm cúlghabhálach an dlí choiriúil is trócairí í agairt bhaoil chórasaigh go mbeifí saor ó phionós as sáruithe tromchúiseacha ar leasanna airgeadais an Aontais, i gcás ina bhfuil caighdeán cosanta ar an gceart sin i gcóras Ballstáit atá níos airde ná mar a shocraítear san abairt dheireanach d’Airteagal 49(1) den Chairt.

146.

Go hachomair, mura nglactar leis an léiriú a mholaim ar an abairt dheireanach d’Airteagal 49(1) den Chairt, bheadh caighdeán náisiúnta cosanta ar phrionsabal chúlghabhálacht an lex mitior atá níos airde ná mar a fhoráiltear dó san Airteagal sin den Chairt tar éis a bheith bunaithe le cásdlí an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) maidir le heaspa foras le briseadh na dtréimhsí teorann le haghaidh dliteanas coiriúil ann idir 2018 agus 2022.

147.

Is deimhin go bhféadfadh baol a bheith ag gabháil le cur i bhfeidhm an chaighdeáin náisiúnta sin go mbeadh daoine, a cuireadh faoi thriail as calaois thromchúiseach a dhéanamh in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais, saor ó phionós, mar a rinne mé anailís air agus mar a tharraing an chúirt a rinne an tarchur aird air.

148.

Mar sin féin, bhí an baol céanna go mbeifí saor ó phionós ag gabháil leis an bhfasach arna bhunú i mbreithiúnas in M.A.S. agus M.B. agus ní léir dom aon chúis lena sheachaint sa chás seo. Is léir an caighdeán náisiúnta cosanta níos airde ar phrionsabal an lex mitior anseo, mar a bhí amhlaidh i gcás M.A.S. agus M.B., murab ionann agus an cás Euro Box Promotion.

149.

Gan amhras, tá cosaint ag dul do leasanna airgeadais an Aontais, ach ní féidir tús áite a bheith aige sin ar choimirciú cirt bhunúsaigh amhail an ceart bunúsach arna léiriú le prionsabal chúlghabhálacht an dlí choiriúil is trócairí.

150.

Ní hamhlaidh go bhfuil níos lú tábhacht ag baint le cearta bunúsacha i gcomhphobal atá bunaithe ar dhlí ar nós an tAontas Eorpach ná a leasanna airgeadais. I bhfocail eile, ní féidir gur cearta bunúsacha a bheidh thíos leis ar chaoi go sárófaí iad mar gheall ar leasanna airgeadais an Aontais a bheith á gcosaint.

151.

Má chuirtear i bhfeidhm Airteagal 325 CFAE agus na forálacha lena gcuirtear chun feidhme é go heasnamhach agus go gcruthaítear baol córasach go mbeifí saor ó phionós i mBallstát amháin nó níos mó, tá sásraí dlí eile ag an Aontas le freagairt air, ar nós imeachtaí mar gheall ar mhainneachtain in oibleagáid a chomhlíonadh. Ní fheictear domsa go bhfuil maolú ar chosaint phrionsabal an lex mitior trí leasanna airgeadais an Aontais a choimirciú ar bhealach níos fearr ag luí le luach an smachta reachta dá bhforáiltear in Airteagal 2 CAE.

152.

Dá bhrí sin, ní bheadh feidhm ag tosaíocht dhlí an Aontais sa chás seo agus ní bheadh ar an gcúirt a rinne an tarchur cásdlí an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) a chur as feidhm, le háirithiú go bhfuil Airteagal 325(1) CFAE agus Cinneadh Uimh. 2006/928 á gcomhlíonadh. Mar mhalairt air sin, ní mór dó déanamh de réir an chásdlí sin leis an gcaighdeán cosanta níos airde a chaomhnú ar phrionsabal an lex mitior i ndlí na Rómáine a théann, i ngeall ar a chineál atá i gceist leis, chun leasa déantóirí cionta coiriúla.

153.

Is mó atá an réiteach seo ag teacht le prionsabal na dlíthiúlachta coiriúla agus lena cheanglais maidir le hintuarthacht agus soiléire an dlí choiriúil infheidhme chomh maith. ( 96 ) Soiléiríodh na rialacha maidir le briseadh na dtréimhsí teorann le haghaidh dliteanas coiriúil sa chéad fhomhír d’Airteagal 155 de Chód Coiriúil 2009 le breithiúnais an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil), ar cuireadh críoch leo trí bhreithiúnas an Înalta Curte de Casație și Justiție (an Chúirt Uachtarach), i ndiaidh tréimhse inar léirigh na gnáthchúirteanna amhras. Chothódh cur as feidhm an chásdlí sin ábhair éiginnteachta nua maidir le briseadh na dtréimhsí teorann le haghaidh dliteanas coiriúil idir 2018 agus 2022.

C.   An tríú ceist arna tarchur chun réamhrialú

154.

Cuireann an Chúirt a rinne an tarchur a tríú ceist i gcás ina dtugann an Chúirt Bhreithiúnais freagra dearfach ar an gcéad dá cheist (agus sa chás amháin nach bhféadfaí léiriú a thabhairt atá i gcomhréir le dlí an Aontais).

155.

Ós rud é go molaim freagra diúltach ar an gcéad dá cheist, ní gá tabhairt faoin tríú ceist. Déanfaidh mé amhlaidh, áfach, ar eagla go nglacfadh an Chúirt Bhreithiúnais seasamh éagsúil.

156.

Tá an Chúirt Bhreithiúnais tar éis breith a thabhairt cheana ar ghnéithe de dhlíchóras na Rómáine ( 97 ) ar bhealach lena gceadófaí an cheist dheireanach le haghaidh réamhrialú a fhreagairt. Chuir an chúirt a rinne an tarchur béim inti ar inghearrthacht pionós araíonachta ar bhreithiúna i gcás ina gclaonann siad ó chásdlí na cúirte bunreachtúla ar an tuiscint nach bhfuil sé ag luí le dlí an Aontais.

157.

Mar a thug an chúirt a rinne an tarchur agus Rialtas na Rómáine dá n‑aire, ( 98 ) rinneadh maolú i ndiaidh bhreithiúnas RS ar Airteagal 99(ș) de Dhlí Uimh. 303/2004, lenar measadh gur cion araíonachta é neamhluí le breithiúnais an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) nó an Înalta Curte de Casație și Justiție (an Chúirt Uachtrach), arna dtabhairt i gcaingne ar mhaithe leis an dlí.

158.

Mar sin féin, daingníodh le breithiúnas Uimh. 520/2022 an 9 Samhain 2022 ón Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) go bhféadfaí pionós a ghearradh ar bhreithiúna as gan déanamh de réir bhreithiúnais an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) nó an Înalta Curte de Casație și Justiție (an Chúirt Uachtarach), i gcás inar ghníomhaigh an breitheamh de mheon mímhacánta nó le mórfhaillí. Fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an bhfuil na rialacha araíonacha nua i gcomhréir le dlí an Aontais.

159.

Mar sin, tá réiteach leordhóthanach na ceiste sin sna breithiúnais in Eurobox Promotion agus RS. Mar sin, ní dhéanfaidh mé ach roinnt breithnithe uathu sin a athscríobh:

“[…] ní féidir, go háirithe, cosaint neamhspleáchas na gcúirteanna a bheith de thoradh orthu lena ndéantar go bhfuil dliteanas araíonachta do-thabhaithe go hiomlán ag breitheamh, i gcásanna eisceachtúla áirithe ar leith, mar thoradh ar chinntí breithiúnacha arna nglacadh ag an mbreitheamh sin. Is léir nach mbeartaítear le ceanglas neamhspleáchais den sórt sin tacú le haon iompar tromchúiseach agus doleithscéil go hiomlán ar thaobh na mbreithiúna, arb é a bheadh ann, mar shampla, sárú d’aon ghnó agus gníomhú de mheon mímhacánta nó le mórfhaillí a bhfuil tromchúis ar leith ag baint leis, ar rialacha an dlí náisiúnta agus dhlí an Aontais Eorpaigh lena bhfuil siad ceaptha comhréireacht a áirithiú, nó ag gníomhú go treallach nó ag diúltú an cheartais, nuair a iarrtar orthu, mar chaomhnóirí an dualgais chun rialú a thabhairt ar chaingne, arna dtabhairt os a gcomhair ag daoine aonair”. ( 99 )

“Mar sin féin, is cosúil go bhfuil sé riachtanach, chun neamhspleáchas na gcúirteanna a chaomhnú agus chun cosc a chur ar an gcóras araíonachta a chur óna aidhmeanna dlisteanacha agus é a úsáid chun críocha rialú polaitiúil ar chinntí breithiúnacha nó brú ar bhreithiúna, nach féidir dliteanas araíonachta a fhorchur ar thaobh an bhreithimh mar gheall ar chinneadh breithiúnach a bheith ina earráid fhéideartha i léiriú agus i gcur i bhfeidhm rialacha an dlí náisiúnta agus dhlí an Aontais, nó i measúnú na bhfíoras agus i measúnú na fianaise, ann féin”. ( 100 )

“Maidir le hAirteagal 2 agus an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, ní mór iad a léiriú mar chosc ar reachtaíocht nó ar chleachtas náisiúnta faoina bhféadfaí breitheamh náisiúnta a chur faoi dhliteanas araíonachta mar gheall ar aon mhainneachtain i leith chinntí na cúirte bunreachtúla náisiúnta a chomhlíonadh.” ( 101 )

“Maidir leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh in éineacht le hAirteagal 2 CAE agus Airteagal 4(2) agus (3) CAE, le hAirteagal 267 CFAE agus le prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais, ní mór iad a léiriú amhail go gcuirtear cosc ar reachtaíocht nó ar chleachtas náisiúnta lena gceadaítear do bhreitheamh náisiúnta dliteanas araíonachta a thabhú ar an bhforas go bhfuil dlí an Aontais curtha i bhfeidhm aige, mar atá arna léiriú ag an gCúirt, trí imeacht ó chásdlí cúirt bhunreachtúil atá ar neamhréir le prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais Eorpaigh.” ( 102 )

160.

Mar sin, ní mór a chomhionann de fhreagra a thabhairt ar an tríú ceist le haghaidh réamhrialú.

V. Conclúid

161.

I bhfianaise na mbreithnithe seo, molaim go dtabharfaí an freagra seo a leanas ar an gceist arna tarchur chun réamhrialú ag Curtea de Apel Brașov (Cúirt Achomhairc Brașov, an Rómáin):

“(1)

Sáraítear Airteagal 325(1) CFAE agus Cinneadh Uimh. 2006/928/CE ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2006 lena mbunaítear sásra comhair agus fíorúcháin ar dhul chun cinn sa Rómáin chun aghaidh a thabhairt ar thagarmharcanna sonracha i réimsí an athchóirithe bhreithiúnaigh agus an chomhraic i gcoinne an éillithe, i bprionsabal, le reachtaíocht agus cásdlí náisiúnta maidir le briseadh na dtréimhsí teorann le haghaidh dliteanas coiriúil lena mbeadh roinnt mhaith bearta atá ina gcalaois thromchúiseach in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais saor ó phionós.

Níl dualgas ar an gcúirt náisiúnta an reachtaíocht sin agus an cásdlí náisiúnta a chur as feidhm, má thugtar údar leo trí chur i bhfeidhm phrionsabal chúlghabhálacht an dlí choiriúil is trócairí, a chumhdaítear leis an abairt dheireanach d’Airteagal 49(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh nó, ina éagmais sin, trí chaighdeán náisiúnta cosanta atá níos airde don phrionsabal sin, mar a shocraítear leis an dlí náisiúnta.

(2)

Maidir le hAirteagal 2 CAE agus an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, ní mór léiriú a dhéanamh amhail go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht nó ar chleachtas náisiúnta faoina bhféadfaí breitheamh náisiúnta a chur faoi dhliteanas araíonachta mar gheall ar aon mhainneachtain i leith chinntí na cúirte bunreachtúla náisiúnta nó na cúirte uachtaraí a chomhlíonadh. Mar sin féin, ní chuirtear cosc leo ar thabhú dliteanais araíonachta, i gcásanna eisceachtúla as iompar tromchúiseach agus doleithscéil go hiomlán ar thaobh na mbreithiúna, arb é a bheadh ann, mar shampla, sárú d’aon ghnó agus gníomhú de mheon mímhacánta nó le mórfhaillí a bhfuil tromchúis ar leith ag baint leis, ar rialacha an dlí náisiúnta agus dhlí an Aontais Eorpaigh lena bhfuil siad ceaptha comhréireacht a áirithiú.

Maidir leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh in éineacht le hAirteagal 2 CAE agus Airteagal 4(2) agus (3) CAE, le hAirteagal 267 CFAE agus le prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais, ní mór iad a léiriú amhail go gcuirtear cosc ar reachtaíocht nó ar chleachtas náisiúnta lena gceadaítear do bhreitheamh náisiúnta dliteanas araíonachta a thabhú ar an bhforas go bhfuil dlí an Aontais curtha i bhfeidhm aige, mar atá arna léiriú ag an gCúirt, trí imeacht ó chásdlí chúirt bhunreachtúil an Bhallstáit lena mbaineann, a bhfuil ar neamhréir le prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais Eorpaigh.”


( 1 ) Bunteanga: an Spáinnis.

( i ) Ainm dlítheanach atá in ainm an cháis seo. Ní bhaineann sé le hainm aon pháirtí sna himeachtaí.

( 2 ) Coinbhinsiún arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint, a rinneadh sa Bhruiséil an 26 Iúil 1995 agus arna cheangal le Gníomh na Comhairle an 26 Iúil 1995 (IO 1995 C 316, lch. 49; “Coinbhinsiún CLA”).

( 3 ) Cinneadh ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2006 lena mbunaítear sásra comhair agus fíorúcháin ar dhul chun cinn sa Rómáin chun aghaidh a thabhairt ar thagarmharcanna sonracha i réimsí an athchóirithe bhreithiúnaigh agus an chomhraic i gcoinne an éillithe (IO 2006 L 354, L. 56).

( 4 ) Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO 2017 L 198, lch. 29, “Treoir CLA”).

( 5 ) Codul Penal din 21 iulie 1968, republicat (Monitorul Oficial al României, Cuid I, Uimh. 65, an 16 Aibreán 1997) (Cód Coiriúil an 21 Meitheamh 1968, athfhoilsithe). Is toradh an Cód Coiriúil seo den téacs arna chomhdhlúthú ag Lege nr. 140/1996, pentru modificarea și completarea Codului penal (Monitorul Oficial al României, Cuid I, Uimh. 289, an 14 Samhain 1996) (Dlí Uimh. 140/1996 maidir leis an gCóid Coiriúil a leasú) agus bhí sé i bhfeidhm go dtí an 1 Feabhra 2014 (“Cód Coiriúil 1969”).

( 6 ) Legea nr. 286/2009 privind Codul penal (Monitorul Oficial al României, cuid I, Uimh. 510, an 24 Iúil 2009) (Dlí Uimh. 286/2009 maidir leis an gCód Coiriúil; “Cód Coiriúil 2009”). Tá sé i bhfeidhm ón 1 Feabhra 2014.

( 7 ) Ordonanța de urgență a Guvernului nr. 71 din 30 main 2022 pentru modificarea articolului 155 alineatul (1) din Legea nr. 286/2009 privind Codul penal (Monitorul Oficial al României, Cuid I, Uimh. 531 an 30 Bealtaine 2022) (Dlí Foraithne Uimh. 71 an 30 Bealtaine 2022, lena leasaítear an chéad fhomhír d’Airteagal 155 de Dhlí Uimh. 286/2009 den Chód Coiriúil, “Dlí Foraithne Uimh. 71/2022”).

( 8 ) Legea nr. 135/2010 privind Codul de procedură penală (Monitorul Oficial al României, Cuid I, Uimh. 486 an 15 Iúil 2010) (Dlí Uimh. 135/2010, maidir leis an gCód um Nós Imeachta Coiriúil).

( 9 ) A mhalairt ar fad, mheas an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) gur comhlíonadh leis an réiteach reachtach roimhe sin (an chéad fhomhír d’Airteagal 124 de Chód Coiriúil 1969) na coinníollacha maidir le hintuarthacht arna bhforchur leis an mBunreacht, ó tharla gur foráladh dó nach bhféadfaí an tréimhse theorann maidir le dliteanas coiriúil a bhriseadh ach amháin, de réir dlí, le beart a dhéanamh atá le cur in iúl don chúisí.

( 10 ) De réir an ordú tarchuir, dhearbhaigh an Înaltei Curte de Casație și Justiție (an Chúirt Uachtarach, an Rómáin) go raibh idir na hiarrataí ar léiriú a dhéanamh ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 155 de Chód Coiriúil 2009 i ndiaidh bhreithiúnas bunreachtúil Uimh. 297/2018 agus ar chaingean urghnách ar mhaithe leis an dlí, arna déanamh le léiriú a dhéanamh ar an bhforáil sin, do-ghlactha. Léirítear é seo i mbreithiúnais Uimh. 5 an 21 Márta 2019 agus Uimh. 25 an 11 Samhain 2019 faoi seach.

( 11 ) Glacadh an gníomh reachtach sin cúpla lá i ndiaidh fhoilsiú an bhreithiúnais bhunreachtúil Uimh. 358/2022 (féach, mír 19 den Tuairim seo).

( 12 ) Tá an chuma air ó léamh an bhreithiúnais seo go dtugtar le tuiscint uaidh gur mó nó gur réamhchomhairliúchán ar shaincheisteanna dlí é.

( 13 ) Legea nr. 303/2004 privind statutul judecătorilor și procurorilor (athfhoilsithe in Monitorul Oficial al României, Cuid I, Uimh. 826, an 13 Meán Fómhair 2005) (Dlí Uimh. 303/2004, an 28 Meitheamh 2004, maidir le stádas na mbreithiúna agus na n-ionchúisitheoirí).

( 14 ) Legea nr. 303/2022 privind statutul judecătorilor și procurorilor (foilsithe in Monitorul Oficial al României, Cuid I, Uimh. 1102, an 16 Samhain 2022) (Dlí Uimh. 303/2022, an 15 Samhain 2022, maidir le stádas na mbreithiúna agus na n-ionchúisitheoirí).

( 15 ) Deimhníodh le breithiúnas an 30 Meitheamh 2020 breithiúnas arna thabhairt faoi Uimh. 38/S an 13 Márta 2018 ag Tribunalul Brașov (Cúirt Chéadchéime Brașov, an Rómáin).

( 16 ) Ina thuairim, tá go leor pianbhreitheanna lena mbaineann cailleadh saoirse fágtha gan feidhm ag cásdlí an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil), ós rud é nach bhfuil cúiseanna ann le briseadh na tréimhse teorann le haghaidh dliteanas coiriúil. Mar sin, chothódh sé idirdhealú idir na hachomharcóirí sa chaingean seo ar thaobh amháin agus na daoine atá faoi phianbreith nach ndeachaigh an prionsabal lex mitior chun tairbhe dóibh, ar thaobh eile.

( 17 ) Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais diúltú rialú a dhéanamh ar iarraidh arna déanamh ag cúirt náisiúnta chun réamhrialú ag cúirt náisiúnta ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag an léirmhíniú arna n-iarraidh ar dhlí an Aontais Eorpaigh le fíricí iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, más fadhb de chineál hipitéiseach í [cló Iodálach curtha air] nó mura bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi (breithiúnas an 22 Feabhra 2022, Stichting Rookpreventie Jeugd agus páirtithe eile, (C‑160/20, EU:C:2022:101), mír 82).

( 18 ) Breithiúnas an 26 Feabhra 2013, C‑617/10, EU:C:2013:105; “breithiúnas Åkerberg Fransson”.

( 19 ) Breithiúnas an 8 Meán Fómhair 2015, C‑105/14, EU:C:2015:555; “breithiúnas Taricco”.

( 20 ) Breithiúnas an 5 Nollaig 2017, C‑42/17, EU:C:2017:936; “breithiúnas M.A.S. agus M.B.”.

( 21 ) Breithiúnas an 21 Nollaig 2021, C‑357/19, C‑379/19, C‑547/19, C‑811/19 agus C‑840/19, EU:C:2021:1034; “breithiúnas Euro Box Promotion”.

( 22 ) Treoir Uimh. 2006/112 ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. l).

( 23 ) Breithiúnais Åkerberg Fransson, mír 25; agus Taricco, mír 36. Go sonrach, “leanann sé as Airteagail 2 agus 273 de Threoir Uimh. [2006/112], i bhfianaise Airteagal 4(3) CAE, go ndlitear ar na Ballstáit na bearta reachtacha agus riaracháin riachtanacha go léir a ghlacadh le ráthú go mbailítear CBL arna thabhú ina dtíortha faoi seach ina iomláine agus comhrac in aghaidh na calaoise” (breithiúnas an 2 Bealtaine 2018, Scialdone, C‑574/15, EU:C:2018:295, mír 26).

( 24 ) Maidir lena chineál, ábhar agus éifeachtaí, féach ar bhreithiúnais an 18 Bealtaine 2021, Asociația Forumul Judecătorilor din România agus páirtithe eile (C‑83/19, C‑127/19, C‑195/19, C‑291/19, C‑355/19 agus C‑397/19, EU:C:2021:393; “breithiúnas Asociaţia Forumul Judecătorilor din România”), míreanna 152 go 178; agus Euro Box Promotion, míreanna 155 go 175.

( 25 ) Doiciméad COM(2022) 664 final, an 22 Samhain 2022, Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir leis an dul chun cinn arna dhéanamh ag an Rómáin mar chuid den Sásra Comhair agus Fíorúcháin (“Tuarascáil SCF 2022”), lgh. 13 agus 27.

( 26 ) Breithiúnais an 5 Meitheamh 2018, Kolev agus páirtithe eile (C‑612/15, EU:C:2018:392; “an breithiúnas in Kolev”), mír 50; an 17 Eanáir 2019, Dzivev agus páirtithe eile (C‑310/16, EU:C:2019:30; “breithiúnas Dzivev”), mír 25; agus Euro Box Promotion, mír 181.

( 27 ) Breithiúnais M.A.S. agus M.B., míreanna 31 agus 32; Kolev, míreanna 51 agus 52; agus Euro Box Promotion, mír 182.

( 28 ) “[I] bhfianaise na tábhachta nach mór a aithint leis an gcosaint ar leasanna airgeadais an Aontais, atá i measc a chuspóirí, […] níl an coincheap ‘gníomhaíocht mhídhleathach‘ [in Airteagal 325(1) CFAE] inléirithe go sriantach” (breithiúnas an 2 Bealtaine 2018, Scialdone, C‑574/15, EU:C:2018:295, mír 45 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 29 ) Breithiúnas Euro Box Promotion, mír 186; agus Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Bobek sa chás sin (EU:C:2021:170), míreanna 98 agus 99.

( 30 ) “[A]on ghníomh intinneach nó neamhghníomh intinneach a bhaineann [...] le ráitis nó doiciméid a bhaineann le CBL atá bréagach, mícheart nó neamhiomlán a úsáid nó a thíolacadh, arb é a n-éifeacht acmhainní bhuiséad [an Aontais] nó buiséid arna mbainistiú ag [an Aontas], nó thar a cheann, a laghdú go neamhdhlíthiúil.

( 31 ) Breithiúnas Taricco, mír 41.

( 32 ) Breithiúnas Taricco, mír 39.

( 33 ) “Is faoin reachtas náisiúnta go háirithe atá sé foráil a dhéanamh do rialacha maidir le teorannacha lena gceadaítear na hoibleagáidí a chomhlíonadh a eascraíonn ó Airteagal 325 CFAE, i bhfianaise na mbreithnithe arna ndéanamh ag an gCúirt Bhreithiúnais i mír 58 de bhreithiúnas Taricco dá dtagraítear. Go deimhin, tá ar an reachtas sin a áirithiú nach bhfuil sé mar thoradh ar na rialacha náisiúnta maidir le tréimhsí teorann in ábhair choiriúla go bhfuiltear saor ó phionós i gcuid mhaith cásanna calaoise tromchúisí in ábhar CBL [...]” (breithiúnas M.A.S. agus M.B., mír 41).

( 34 ) Mar atá tugtha le fios ag L. N., ina bharúlacha i scríbhinn, tá na tréimhsí teorann dá dtagraítear in Airteagal 154 de Chód Coiriúil 2009 idir ocht mbliana agus deich mbliana le haghaidh chionta calaoise tromchúisí CBL.

( 35 ) Idir an 25 Meitheamh 2018 [dáta fógartha oifigiúil bhreithiúnas Uimh. 297/2018 ón Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil)] agus an 30 Bealtaine 2022, arb é atá ann ná dáta fógartha oifigiúil agus theacht i bhfeidhm Dhlí Foraithne Uimh. 71/2022).

( 36 ) I gcásanna ina gcuirtear i bhfeidhm an dlí choiriúil is trócairí (toisc nach bhfuil forais a thuilleadh ann le briseadh na dtréimhsí teorann le haghaidh dliteanas coiriúil) maidir le daoine atá faoi phianbreith as cionta tiomána gan cheadúnas, dhiúltaigh an Chúirt Bhreithiúnais d’iarraidh ar réamhrialú le hordú an 12 Eanáir 2023, SNI (C‑506/22, nár foilsíodh, EU:C:2023:46).

( 37 ) An t-ordú tarchuir, mír 121.

( 38 ) Ar aon dul leis sin, maíonn an Coimisiún, le linn na tréimhse 2018 agus 2022, go foilsiú Dlí Foraithne Uimh. 71/2022, gur chuir na gnáthúdaráis dlí breithiúnas Uimh. 297/2018 ón Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) i bhfeidhm amhail go mbrisfí na tréimhsí teorann le haghaidh dliteanas coiriúil tríd na gníomhartha arna gcur in iúl don chúisí. Ó tharla go dtagann an réiteach sin le Cód Coiriúil 1969, ní raibh dlí coiriúil níos trócairí le linn na tréimhse atá faoi chonspóid agus ní bheadh gá leis an gcásdlí bunreachtúil a chur as feidhm mar sin.

( 39 ) Breithiúnais an 4 Márta 2020, Telecom Italia (C‑34/19, EU:C:2020:148), míreanna 59 agus 60; agus an 4 Bealtaine 2023, Agenția Națională de Integritate (C‑40/21, EU:C:2023:367), mír 71 .

( 40 ) Is dócha go sárófaí le léiriú contra legem ar dhlí na Rómáine Airteagal 147(4) de Bhunreacht na tíre sin, bíodh is gur faoi na cúirteanna náisiúnta, agus fúthu amháin, atá sé é seo a chinneadh.

( 41 ) Breithiúnas Taricco, mír 51.

( 42 ) Breithiúnais Kolev, mír 65; agus Dzivev, mír 31.

( 43 ) Breithiúnais Asociaţia Forumul Judecătorilor din România, mír 149; agus in Euro Box Promotion, mír 156.

( 44 ) Breithiúnais Asociaţia Forumul Judecătorilor din România, mír 178; agus in Euro Box Promotion, mír 175.

( 45 ) Breithiúnais Asociaţia Forumul Judecătorilor din România, mír 172; agus Euro Box Promotion, mír 169.

( 46 ) “De réir meastachán arna fhoilsiú ag DNA [Lucht Stiúrtha Náisiúnta Frith- Éillithe], d’fhéadfaí glacadh leis go bhfuil críoch le 557 gcás coiriúla san iomlán atá faoi ionchúiseamh coiriúil nó atá ar feitheamh os comhair na gcúirteanna dá bhrí sin. Cé gur ghá measúnú a dhéanamh ar an díobháil chruinn de réir an cháis, measann DNA gur thart ar EUR 1200 milliún an damáiste a rinneadh sna cásanna sin agus gurbh fhiú méid iomlán na breabaireachta agus na mangaireachta tionchair thart ar EUR 150 milliún [...] Taobh amuigh de chásanna éillithe, de réir meastachán a chuir an oifig ionchúisimh speisialaithe a láimhseálann an sceimhlitheoireacht agus an choireacht eagraithe ar fáil, dhéanfaí difear do 605 chás atá ar siúl san iomlán, agus b’fhiú níos mó ná EUR 1 billiún an damáiste airgeadais iomlán [...] Níl teacht aige ar mheastacháin an Fiscalí General maidir le cionta eile” (Doiciméad COM(2022) 664 final, lch. 27). [Aistriúchán neamhoifigiúil]

( 47 ) Breithiúnas Taricco, míreanna 50 go 52.

( 48 ) Breithiúnais M.A.S. agus M.B., mír 39.

( 49 ) Breithiúnais Kolev, míreanna 68 agus 71; Dzivev, mír 33; agus Euro Box Promotion, mír 204.

( 50 ) Breithiúnas M.A.S. agus M.B., mír 52: “Forchuirtear an prionsabal seo [maidir le dlíthiúlacht i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis], mar a chumhdaítear in Airteagal 49 den Chairt, i gcás ina gcuireann siad dlí an Aontais i bhfeidhm, de réir Airteagal 51(1) de, mar atá i gcás ina bhforáiltear, mar chuid de na hoibleagáidí a chuirtear i bhfeidhm ina leith le hAirteagal 325 CFAE, do chur chun feidhme na bpionós coiriúil le haghaidh sáruithe in ábhair CBL. Mar sin, ní fhéadfaí teacht salach ar urraim an phrionsabail sin leis an ngá a áirithiú go gcruinneofaí acmhainní an Aontais go héifeachtúil.”

( 51 ) Roimhe sin, bhí máite ag an gCúirt Bhreithiúnais gur baineadh an priosabal sin as traidisiúin bhunreachtúla chomhchoiteanna na mBallstát agus bhí sé le meas go raibh sé ar prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais a bhfuil urraim le tabhairt orthu ag an gcúirt náisiúnta i gcás ina gcuireann sí an dlí náisiúnta i bhfeidhm dá bhrí sin: breithiúnais an 7 Lúnasa 2018, Clergeau agus páirtithe eile (C‑115/17, EU:C:2018:651: “breithiúnas Clergeau”), mír 26; an 6 Deireadh Fómhair 2016, Paoletti agus páirtithe eile (C‑218/15, EU:C:2016:748; “breithiúnas Paoletti”), mír 25; agus an 3 Bealtaine 2005, Berlusconi agus páirtithe eile (C‑387/02, C‑391/02 agus C‑403/02, EU:C:2005:270), míreanna 68 agus 69.

( 52 ) Féach, go háirithe, ar an gcéad abairt d’Airteagal 15(1) den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, a bhí insínithe ón 19 Nollaig 1966 ar aghaidh (UN Treaty Series, iml. 999, lch. 171).

( 53 ) Breithiúnais Clergeau, mír 33; agus Paoletti, mír 27.

( 54 ) Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Kokott i gCás Berlusconi agus páirtithe eile (C‑387/02, C‑391/02 y C‑403/02, EU:C:2004:624), míreanna 159 go 161; agus i gCás Clergeau agus páirtithe eile (C‑115/17, EU:C:2018:240), míreanna 39 agus 40; agus Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Bobek i gCás Scialdone (C‑574/15, EU:C:2017:553), míreanna 155 go 160. Féach breithiúnas Paoletti, mír 27, chomh maith.

( 55 ) Breithiúnas Mhór-Dhlísheomra ECtHR an 17 Meán Fómhair 2009, Scoppola v an Iodáil (Uimh. 2) (CE:ECHR:2009:0917JUD001024903; “breithiúnas Scoppola v an Iodáil”), mír 108.

( 56 ) ECtHR, breithiúnas Scoppola v an Iodáil, mír 108.

( 57 ) ECtHR, breithiúnas Scoppola v an Iodáil, mír 108.

( 58 ) ECtHR, breithiúnais Scoppola v an Iodáil, mír 109; agus an 18 Márta 2014, Öcalan v an Tuirc (Uimh. 2) (CE:ECHR:2014:0318JUD002406903), mír 175. Féach breithiúnais ECtHR an 12 Eanáir 2016, Gouarré Patte v Andóra (CE:ECHR:2016:0112JUD003342710), mír 28; an 12 Iúil 2016, Ruban v an Úcráin (CE:ECHR:2016:0712JUD000892711), mír 37; agus an 24 Eanáir 2017, Koprivnikar v an tSlóvéin (CE:ECHR:2017:0124JUD006750313), mír 49 chomh maith.

( 59 ) Breithiúnais Clergeau, mír 33; agus Paoletti, mír 27.

( 60 ) Ina dhiaidh sin, rinneadh na rialacha maidir le tréimhsí teorann a chomhchuibhiú i bpáirt le hAirteagal 12 de Threoir CLA, ar rialacha iad atá infheidhme leis an gcineál cionta seo, ach níor soiléiríodh ar de chineál substainteach nó den chineál nós imeachta na rialacha maidir le tréimhsí coiriúla.

( 61 ) Mar atá ar aon dul leis an sainmhíniú ar chionta agus cinneadh na bpionós, tá an rialú air faoi réir phrionsabal na dlíthiúlachta coiriúla chomh maith. Breithiúnas M.A.S. agus M.B., mír 45.

( 62 ) Ghlac an Bheilg, an Ghearmáin agus an Fhrainc le tuiscint nós imeachta ar na rialacha maidir le tréimhsí teorann. A mhalairt air sin, tagann siad faoin dlí coiriúil ábhartha sa Ghréig, sa Spáinn, san Iodáil, sa Laitvia, sa tSualainn agus sa Rómáin. Is rialacha idir shubstainteach agus nós imeachta iad sa Pholainn agus sa Phortaingéil.

( 63 ) Breithiúnas Taricco, míreanna 55 go 57.

( 64 ) Breithiúnas an 22 Meitheamh 2022, Volvo agus DAF Trucks (C‑267/20, EU:C:2022:494), mír 46: “[…] murab ionann agus tréimhsí nós imeachta, tagraítear don dlí ábhartha le tréimhse theorann, toisc go bhfuil deireadh leis an gcaingean dlí ag baint leis, ós rud é go ndéantar difear léi d’fheidhmiú dlí shuibiachtúil nach bhfuil inagartha go héifeachtach ag an duine lena mbaineann os comhair cúirte.” Mar sin, tugtar cineál substainteach agus nós imeachta d’Airteagal 10 (“Tréimhsí”) de Threoir Uimh. 2014/104/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le rialacha áirithe maidir le caingne chun cúiteamh a ghnóthú faoin dlí náisiúnta as sáruithe ar fhorálacha dhlí iomaíochta na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh (IO 2014 L 349, lch. 1).

( 65 ) ECtHR, breithiúnais an 22 Meitheamh 2000, Coëme agus páirtithe eile v an Bheilg (CE:ECHR:2000:0622JUD003249296), mír 149; an 12 Feabhra 2013, Previti v an Iodáil (CE:ECHR:2013:0212DEC000184508), mír 80; agus an 22 Meán Fómhair 2015, Borcea v an Rómáin (CE:ECHR:2015:0922DEC005595914), mír 64.

( 66 ) Tuairim chomhairleach P16-2021-001, an 26 Aibreán 2022, maidir le cur i bhfeidhm na dtréimhsí teorann maidir le himscrúduithe agus pionóis as sáruithe atá ina ngníomhartha céasta, míreanna 72 go 77; agus ECtHR, breithiúnas an 18 Meitheamh 2020, Antia agus Khupenia v an tSeoirsia (CE:ECHR:2020:0618JUD000752310), míreanna 38 go 43.

( 67 ) Breithiúnais M.A.S. agus M.B., míreanna 54 go 58.

( 68 ) Breithiúnais ECtHR an 15 Samhain 1996, Cantoni v an Fhrainc, (CE:ECHR:1996:1115JUD001786291), mír 29; an 7 Feabhra 2002, E.K. v an Tuirc, (CE:ECHR:2002:0207JUD002849695), mír 51; an 29 Márta 2006, Achour v an Fhrainc, (CE:ECHR:2006:0329JUD006733501), mír 41; agus an 20 Meán Fómhair 2011, OAO Neftyanaya Kompaniya Yukos v an Rúis, (CE:ECHR:2011:0920JUD001490204), míreanna 567 go 570.

( 69 ) Breithiúnas an 28 Márta 2017, Rosneft (C‑72/15, EU:C:2017:236), mír 162.

( 70 ) Ní féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais comhchuibhiú a dhéanamh trí bhíthin cásdlí, ar comhchuibhiú é nach raibh inbhainte amach ag reachtas an Aontais, bíodh is go raibh sé inmhianaithe le cosc a chur ar chionta tromchúiseacha in aghaidh leasanna airgeadais a dhéanamh níos éifeachtaí.

( 71 ) Kelsen, H., “La garantie juridictionnelle de la constitution (la justice constitutionnelle)”, Revue du droit public et de la science politique en France et à l’étranger, 1928, lgh. 197 go 257.

( 72 ) A dhála sin, féach ar bhreithiúnas an Cour de cassation, chambre criminel (an Dlísheomra Coiriúil, an Chúirt Uachtarach, an Fhrainc) an 8 Meitheamh 2021, Uimh. 20-87.078 (FR:CCASS:2021:CR00864): «les décisions du Conseil constitutionnel s’imposant aux pouvoirs publics et à toutes les autorités administratives et juridictionnelles en vertu de l’article 62 de la Constitution, les déclarations de non‑conformité ou les réserves d’interprétation qu’elles contiennent et qui ont pour effet qu’une infraction cesse, dans les délais, conditions et limites qu’elles fixent, d’être incriminée doivent être regardées comme des lois pour l’application de l’article 112-4, alinéa 2, du code pénal» (cló Iodálach curtha air). Foráiltear dó leis an Airteagal thuasluaite ón gCód Coiriúil dá ndéantar tagairt nach gcuirtear an pionós chun feidhme a thuilleadh i gcás inar fógraíodh é mar gheall ar rud éigin, de réir dlí i ndiaidh an bhreithiúnais, nach sárú coiriúil é go fóill.

( 73 ) D’athdhearbhaigh an Chúirt Bhreithiúnais nach gcuirtear cosc le hAirteagal 2 CAE agus leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus le Cinneadh Uimh. 2006/928 ar riail nó cleachtas náisiúnta ar dá réir a bhfuil cinntí na cirte bunreachtúla de cheangal ar na gnáthchomhlachtaí dlí. Glactar leis tríd an maíomh sin go ráthaítear le dlí náisiúnta neamhspleáchas na cúirte bunreachtúla, go háirithe i ndáil leis na húdaráis reachtacha agus feidhmeannacha. Ní léir aon rud ó iarrataí ar réamhrialú arna ndéanamh i gcásanna eile nó sa chás seo lena dtugtar le tuiscint go bhfuil na ceanglais neamhspleáchais a cheanglaítear le dlí an Aontais á gcomhlíonadh ag an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) ó thaobh, go nithiúil, faireachán a dhéanamh ar bhunreachtúlacht dlíthe agus foraithne agus réiteach a thabhairt ar aighnis dlí de chineál bunreachtúil idir na húdaráis phoiblí, i gcomhréir le hAirteagal 146(d) agus (e) de Bhunreacht na Rómáine [féach, chuige sin, breithiúnais Euro Box Promotion, míreanna 230 agus 232; agus an 22 Feabhra 2022, RS (Éifeachtaí na gcinntí ó chúirt bhunreachtúil) (C‑430/21, EU:C:2022:99; “breithiúnas RS”), mír 44].

( 74 ) Breithiúnas RS, míreanna 45 agus 46.

( 75 ) ECtHR, breithiúnas an 12 Iúil 2016, Ruban v an Úcráin (CE:ECHR:2016:0712JUD000892711), míreanna 41 go 46.

( 76 ) ECtHR, breithiúnas Scoppola v an Iodáil, mír 109: “i gcás ina bhfuil idir an dlí coiriúil i bhfeidhm agus an cion á dhéanamh agus na rialacha coiriúla i ndiaidh sin ar glacadh leo roimh bhreithiúnas críochnaitheach a thabhairt, [nach] mór don chúirt na rialacha a chur i bhfeidhm a chruthaíonn a bhforálacha gur trócairí iad leis an gcúisí.”

( 77 ) ECtHR, breithiúnais an 12 Eanáir 2016, Gouarré Patte v Andóra (CE:ECHR:2016:0112JUD003342710), míreanna 33 go 36; an 12 Iúil 2016, Ruban v an Úcráin (CE:ECHR:2016:0712JUD000892711), mír 39; agus an 24 Eanáir 2017, Koprivnikar v an tSlóvéin (CE:ECHR:2017:0124JUD006750313), mír 49.

( 78 ) Breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2015, Delvigne (C‑650/13, EU:C:2015:648), mír 56.

( 79 ) De réir Airteagal 23(2) de Chód Coiriúil na Spáinne, beidh éifeacht chúlghabhálach ag dlíthe coiriúla atá ar son an chosantóra, bíodh is go raibh breithiúnas críochnaitheach tugtha ar a dteacht i bhfeidhm agus go bhfuil an duine lena mbaineann faoi phianbhreith. Tá forálacha comhchosúla i ndlíchórais na Liotuáine, na Portaingéile agus na Polainne.

( 80 ) Foráiltear dó seo, mar shampla, sa dara habairt d’Airteagal 112-4 de Chód Coiriúil na Fraince agus in Airteagal 2(2) de Chód Coiriúil na hIodáile.

( 81 ) Sa Ghearmáin, tugtar cead leis an Strafprozessordnung (an Cód Nós Imeachta Choiriúil) an 7 Aibreán 1987 (BGBl. I, lch,. 1075 et seq., go háirithe lch. 1319), arna leasú le Dlí an 25 Márta 2022 (BGBl. I, lch. 571) don phianseirbhísi a iarraidh go dtionscnófaí na himeachtaí coiriúla arís ar cuireadh clabhsúr orthu cheana féin trí bhreithiúnas a bhfuil éifeacht res judicata aige i gcás ina bhfuil an breithiúnas sin bunaithe ar riail a dhearbhaigh an Bundesverfassungsgericht (Cúirt Bhunreachtúil na Cónaidhme, an Ghearmáin) go bhfuil sé míbhunreachtúil agus ar neamhréir leis an mBundlí, nó ar neamhní nó ar neamhréir le léiriú arna dhéanamh ag an gCúirt Ghinearálta sin ar an mBundlí. Féach Schmidt‑Bleibtreu, Klein, Bethge, Bundesverfassungsgerichtsgesetz, 62ú heagrán, 2022, C.H. Beck, München, nóta mínithe 25, mír 79.

( 82 ) Tá cur i bhfeidhm an lex mitior inmhodhnaithe i gcásanna, i measc cásanna eile, inarb éard atá i gceist ná dlíthe nach iontu ach dlíthe sealadacha, nó dlíthe nach ndéantar leo ach pionóis choiriúla a chruthú nó dlíthe a achtaítear le haghaidh cúinsí eisceachtúla nach mbíonn ann ina ndiaidh.

( 83 ) Féach, go háirithe, breithiúnas Uimh. 67/2022 ón Înalta Curte de Casație și Justiție (an Chúirt Uachtarach).

( 84 ) Breithiúnais Åkerberg Fransson, mír 29; an 26 Feabhra 2013, Melloni (C‑399/11, EU:C:2013:107), mír 60; M.A.S. agus M.B., mír 47; an 29 Iúil 2019, Pelham agus páirtithe eile (C‑476/17, EU:C:2019:624), mír 80; agus Euro Box Promotion, mír 211.

( 85 ) Breithiúnas M.A.S. agus M.B., míreanna 45 agus 58.

( 86 ) Breithiúnas M.A.S. agus M.B., míreanna 47 agus 48.

( 87 ) Breithiúnas M.A.S. agus M.B., míreanna 49, 50 agus 59.

( 88 ) Breithiúnas M.A.S. agus M.B., míreanna 59 agus 61.

( 89 ) Breithiúnas M.A.S. agus M.B., míreanna 41, 42 agus 60.

( 90 ) Dá réir, ós rud é go raibh na breithiúnais neamhbhailí trí bhíthin feidhmiú dlí nárbh iad dlísheomraí a dhéanann speisialtóireacht san ábhar sin ar thug na breithiúnais maidir le héilliú agus calaois CBL ag an gcéad chéim nó nárbh iad dlísheomraí inar ainmníodh na comhaltaí go léir trína gcur ar crannchur ar thug iad ar achomharc, bhí athscrúdú le déanamh ag an gcéad chéim nó ag an dara céim ar na cásanna éillithe agus chalaois CBL, i gcás inarb iomchuí, as siocair achomharc urghnách i gcoinne breithiúnais chríochnaitheacha.

( 91 ) Breithiúnas Euro Box Promotion, mír 206. Deirtear i mír 207 chomh maith: “más rud é gur dhearbhaigh an Chúirt Bhunreachtúil sna breithiúnais atá faoi chonspóid sna príomhimeachtaí nach raibh cleachtas na Cúirte Uachtaraí roimhe seo, mar atá bunaithe go háirithe ar an Rialachán maidir le heagrú agus feidhmiú riaracháin agus a bhaineann le speisialtóireacht agus comhdhéanamh na ndlísheomraí in ábhair éillithe, i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta infheidhme, níl an chuma ar an scéal go ndéantar sárú follasach leis an gcleachtas sin ar riail bhunúsach dhlíchóras na Rómáine lena bhféadfaí amhras tromchúiseach a chaitheamh ar dlísheomraí na Cúirte Uachtaraí in ábhair éillithe go bhfuil siad de chineál cúirte atá ‘[bunaithe] roimhe ré le dlí’, mar a bunaíodh iad i gcomhréir leis an gcleachtas dá dtagraítear roimh na breithiúnais sin ón gCúirt Bhunreachtúil.”

( 92 ) Breithiúnas Euro Box Promotion, mír 209.

( 93 ) Breithiúnas Euro Box Promotion, mír 210.

( 94 ) Breithiúnas Euro Box Promotion, mír 212.

( 95 ) Breithiúnas Euro Box Promotion, mír 210.

( 96 ) Breithiúnais M.A.S. agus M.B., míreanna 55 agus 56.

( 97 ) Breithiúnais Asociaţia Forumul Judecătorilor din România; Euro Box Promotion; agus RS.

( 98 ) An t-ordú tarchuir, míreanna 145 agus 146.

( 99 ) Breithiúnas RS, mír 83, ina bhfuil tagairt do bhreithiúnais an 15 Iúil 2021, an Coimisiún v an Pholainn(Córas araíonachta do bhreithiúna) (C‑791/19, EU:C:2021:596), mír 137, agus Euro Box Promotion, mír 238.

( 100 ) Breithiúnas RS, mír 84, ina bhfuil tagairt do bhreithiúnais an 15 Iúil 2021, an Coimisiún v an Pholainn(Córas araíonachta do bhreithiúna) (C‑791/19, EU:C:2021:596), mír 137, agus Euro Box Promotion, mír 239.

( 101 ) Breithiúnas RS, mír 87, ina bhfuil tagairt do bhreithiúnas Euro Box Promotion, mír 242.

( 102 ) Breithiúnas RS, mír 93 agus an chuid oibríochtúil, mír 2.

Top