This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023CA0222
Case C-222/23, Toplofikatsia Sofia (Concept of the defendant’s domicile): Judgment of the Court (Fourth Chamber) of 16 May 2024 (request for a preliminary ruling from the Sofiyski rayonen sad – Bulgaria) – Toplofikatsia Sofia EAD (Reference for a preliminary ruling – Judicial cooperation in civil matters – Regulation (EU) No 1215/2012 – Jurisdiction and the enforcement of judgments in civil and commercial matters – Order for payment procedure – Concept of domicile – National of a Member State having his or her permanent address in that Member State and his or her current address in another Member State – No possibility of changing or renouncing that permanent address)
Cás C-222/23, Toplofikatsia Sofia (Coincheap sainchónaí an chosantóra): Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Ceathrú Dlísheomra) an 16 Bealtaine 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón Sofiyski rayonen sad – an Bhulgáir) – Toplofikatsia Sofia EAD (Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta – Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 – Dlínse bhreithiúnach agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála – Ordú le haghaidh nós imeachta íocaíochta – Coincheap sainchónaí – Náisiúnach de Bhallstát a bhfuil a sheoladh buan sa Bhallstát sin agus a sheoladh reatha i mBallstát eile – Ní féidir an seoladh buan sin a athrú nó a thréigean)
Cás C-222/23, Toplofikatsia Sofia (Coincheap sainchónaí an chosantóra): Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Ceathrú Dlísheomra) an 16 Bealtaine 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón Sofiyski rayonen sad – an Bhulgáir) – Toplofikatsia Sofia EAD (Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta – Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 – Dlínse bhreithiúnach agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála – Ordú le haghaidh nós imeachta íocaíochta – Coincheap sainchónaí – Náisiúnach de Bhallstát a bhfuil a sheoladh buan sa Bhallstát sin agus a sheoladh reatha i mBallstát eile – Ní féidir an seoladh buan sin a athrú nó a thréigean)
IO C, C/2024/3886, 1.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3886/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/3886 |
1.7.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Ceathrú Dlísheomra) an 16 Bealtaine 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón Sofiyski rayonen sad – an Bhulgáir) – ‘Toplofikatsia Sofia’ EAD
(Cás C-222/23 (1) , Toplofikatsia Sofia (Coincheap sainchónaí an chosantóra))
(Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta - Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 - Dlínse bhreithiúnach agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála - Ordú le haghaidh nós imeachta íocaíochta - Coincheap ‘sainchónaí’ - Náisiúnach de Bhallstát a bhfuil a sheoladh buan sa Bhallstát sin agus a sheoladh reatha i mBallstát eile - Ní féidir an seoladh buan sin a athrú nó a thréigean)
(C/2024/3886)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Sofiyski rayonen sad
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: ‘Toplofikatsia Sofia’ EAD
An chuid oibríochtúil
1) |
Maidir le hAirteagal 62(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: cuirtear cosc le reachtaíocht náisiúnta faoina meastar go bhfuil sainchónaí ar náisiúnaigh de chuid Ballstáit a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile ag seoladh a fhanann cláraithe i gcónaí sa chéad Bhallstát. |
2) |
Maidir le hAirteagail 4(1) agus 5(1) de Rialachán Uimh. 1215/2012, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: cuirtear cosc le rialacháin náisiúnta, arna léiriú le cásdlí náisiúnta, lena dtugtar dlínse do chúirt de chuid Ballstáit ordú íocaíochta a eisiúint i gcoinne féichiúnaí a bhfuil cúiseanna inchreidte ann chun a chreidiúint go raibh sainchónaí air, ar an dáta a thíolacadh an t-iarratas ar ordú ar íocaíocht, i gcríoch Ballstáit eile, i gcásanna seachas na cinn dá bhforáiltear i míreanna 2 go 7 de Chaibidil II den Rialachán sin. |
3) |
Maidir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó thráchtála (doiciméid a sheirbheáil), ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: ní chuirtear cosc ar chúirt de chuid Ballstáit a bhfuil dlínse aici ordú íocaíochta a eisiúint i gcoinne féichiúnaí a bhfuil cúiseanna inchreidte ann chun a chreidiúint go bhfuil sainchónaí ar chríoch Ballstáit eile aige, dul i dteagmháil leis na húdaráis inniúla agus úsáid a bhaint as na modhanna a chuirtear ar fáil ag Ballstát eile d’fhonn seoladh an fhéichiúnaí sin a shainaithint chun críocha an t-ordú íocaíochta sin a sheirbheáil nó chun fógra a thabhairt dó. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3886/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)