Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CA0174

Cás C-174/23, Twenty First Capital: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 29 Iúil 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation – an Fhrainc) – HJ, IK, LM v Twenty First Capital SAS (Tarchur chun réamhrialú – Dlíthe a chomhfhogasú – Treoir 2011/61/AE – Bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (CIM) – Coinníollacha feidhmithe – Airteagal 13 – Beartais agus cleachtais luacha saothair na mbainisteoirí sin – Raon feidhme ratione temporis – Airteagal 61 – Forálacha idirthréimhseacha)

IO C, C/2024/5775, 7.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5775/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5775/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/5775

7.10.2024

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 29 Iúil 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation – an Fhrainc) – HJ, IK, LM v Twenty First Capital SAS

(Cás C-174/23  (1) , Twenty First Capital)

(Tarchur chun réamhrialú - Dlíthe a chomhfhogasú - Treoir 2011/61/AE - Bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (CIM) - Coinníollacha feidhmithe - Airteagal 13 - Beartais agus cleachtais luacha saothair na mbainisteoirí sin - Raon feidhme ratione temporis - Airteagal 61 - Forálacha idirthréimhseacha)

(C/2024/5775)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour de cassation

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: HJ, IK, LM

Cosantóir: Twenty First Capital SAS

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir le hAirteagal 61(1) de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ceanglaíodh ar na Ballstáit a éileamh ar bhainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (CIManna) a bhí i mbun gníomhaíochtaí faoin Treoir sin roimh an 22 Iúil 2013 na hoibleagáidí a bhaineann le beartais agus cleachtais luacha saothair faoi Airteagal 13(1) den Treoir sin a chomhlíonadh go hiomlán ó dháta a n-údaraithe, ar choinníoll go raibh iarratas ar údarú curtha isteach acu laistigh de bhliain amháin ón 22 Iúil 2013.

2)

Maidir le hAirteagal 61(1) de Threoir 2011/61,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ciallaíonn an abairt ‘déanfaidh siad na bearta uile is gá chun an reachtaíocht náisiúnta a thagann as an Treoir seo a chomhlíonadh’ go staonfaidh bainisteoirí CIManna a bheidh i mbun gníomhaíochtaí roimh an 22 Iúil 2013 ó bhearta a dhéanamh ar dóigh dóibh gnóthú chuspóir na Treorach sin a chur i mbaol go mór.


(1)   IO C 223, 26.6.2023.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5775/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top