EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CA0001

Cás C-1/23 PPU, Afrin: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 18 Aibreán 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal de première instance francophone de Bruxelles – an Bheilg) – X, Y, A, dá ndéanann X agus Y ionadaíocht dhlíthiúil, B, dá ndéanann X agus Y ionadaíocht dhlíthiúil v État belge (Tarchur chun réamhrialú – Nós imeachta práinne um réamhrialú – Rialuithe teorann, tearmann agus inimirce – Beartas inimirce – Treoir 2003/86/CE – Ceart chun athaontú teaghlaigh – Airteagal 5(1) – Iarratas ar iontráil agus cónaí a dhéanamh chun an ceart chun athaontú teaghlaigh a fheidhmiú – Reachtaíocht de chuid Ballstáit lena bhforchuirtear oibleagáid ar bhaill teaghlaigh an urraitheora an t-iarratas a dhéanamh i bpearsa ar an bpost taidhleoireachta inniúil den Bhallstát sin – Dodhéantacht nó deacracht mhíchuí a bhaineann le cuairt a thabhairt ar an bpost sin – Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagal 7 agus Airteagal 24)

IO C 189, 30.5.2023, p. 3–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/3


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 18 Aibreán 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal de première instance francophone de Bruxelles – an Bheilg) – X, Y, A, dá ndéanann X agus Y ionadaíocht dhlíthiúil, B, dá ndéanann X agus Y ionadaíocht dhlíthiúil v État belge

(Cás C-1/23 PPU (1), Afrin (2))

(Tarchur chun réamhrialú - Nós imeachta práinne um réamhrialú - Rialuithe teorann, tearmann agus inimirce - Beartas inimirce - Treoir 2003/86/CE - Ceart chun athaontú teaghlaigh - Airteagal 5(1) - Iarratas ar iontráil agus cónaí a dhéanamh chun an ceart chun athaontú teaghlaigh a fheidhmiú - Reachtaíocht de chuid Ballstáit lena bhforchuirtear oibleagáid ar bhaill teaghlaigh an urraitheora an t-iarratas a dhéanamh i bpearsa ar an bpost taidhleoireachta inniúil den Bhallstát sin - Dodhéantacht nó deacracht mhíchuí a bhaineann le cuairt a thabhairt ar an bpost sin - Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Airteagal 7 agus Airteagal 24)

(2023/C 189/03)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne tharchur

Tribunal de première instance francophone de Bruxelles

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: X, Y, A, dá ndéanann X agus Y ionadaíocht dhlíthiúil, B, dá ndéanann X agus Y ionadaíocht dhlíthiúil

Cosantóir: État belge

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 5(1) de Threoir 2003/86/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir leis an gceart chun teaghlaigh a athaontú, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7 agus le hAirteagal 24(2) agus (3) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh air mar seo a leanas:

cuirtear bac ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforchuirtear oibleagáid ar bhaill teaghlaigh an urraitheora, go háirithe teaghlach dídeanach aitheanta, freastal i bpearsa ar phost taidhleoireachta nó consalach Ballstáit atá inniúil ar a n-áit chónaithe buan nó sealadach thar lear chun iarratas a dhéanamh ar iontráil agus cónaí chun an ceart chun athaontú teaghlaigh a fheidhmiú, lena n-áirítear cás ina bhfuil sé dodhéanta nó ródheacair dóibh freastal ar an bpost sin, gan dochar don fhéidearthacht go gceanglóidh an Ballstát sin ar na baill sin a bheith i láthair go pearsanta ag céim níos déanaí den nós imeachta le haghaidh an iarratais ar athaontú teaghlaigh.


(1)  IO C 104, 20.3.2023

(2)  Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.


Top