This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0777
Case T-777/22: Action brought on 12 December 2022 — Penguin Random House v EUIPO — Ediciones Literarias Independientes (PLAN B)
Cás T-777/22: Caingean arna tabhairt an 12 Nollaig 2022 – Penguin Random House v EUIPO – Ediciones Literarias Independientes (PLAN B)
Cás T-777/22: Caingean arna tabhairt an 12 Nollaig 2022 – Penguin Random House v EUIPO – Ediciones Literarias Independientes (PLAN B)
IO C 71, 27.2.2023, p. 33–33
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
27.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 71/33 |
Caingean arna tabhairt an 12 Nollaig 2022 – Penguin Random House v EUIPO – Ediciones Literarias Independientes (PLAN B)
(Cás T-777/22)
(2023/C 71/44)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Penguin Random House Grupo Editorial, SAU (Barcelona, an Spáinn) (ionadaí: E. Armijo Chávarri, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Ediciones Literarias Independientes, SL (Barcelona)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha PLAN B – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 17 887 136
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 28 Meán Fómhair 2022 i gCás R 2015/2021-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
— |
mar mhalairt rogha, an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní i ndáil leis na hearraí in aicmí 9 agus 16 nach gcumhdaítear leis an trádmharc Spáinneach PLAN B (measctha) Uimh. 3 641 418 agus a chumhdaítear leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh atá faoi chonspóid. |
— |
a ordú do EUIPO na costais a íoc. |
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.