Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0706

    Cás T-706/22: Caingean arna tabhairt an 16 Samhain 2022 – Nicoventures Trading agus páirtithe eile v an Coimisiún

    IO C 15, 16.1.2023, p. 46–47 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    16.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 15/46


    Caingean arna tabhairt an 16 Samhain 2022 – Nicoventures Trading agus páirtithe eile v an Coimisiún

    (Cás T-706/22)

    (2023/C 15/60)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóirí: Nicoventures Trading Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe) agus 5 iarratasóir eile (ionadaithe: L. Van den Hende, M. Schonberg, J. Penz-Evren agus P. Wytinck, Dlíodóirí)

    Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

    a ordú go gcuirfí an gníomh atá faoi chonspóid (1) ar neamhní ina iomláine; agus

    a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí arna dtabhú ag an iarratasóir a íoc.

    Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

    Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

    1.

    An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go dtéann an gníomh atá faoi chonspóid thar na cumhachtaí arna dtarmligean chuig an gCoimisiún faoi Airteagal 7(12) agus faoi Airteagal 11(6) de Threoir 2014/40/AE (2), ar na ceithre chúis seo a leanas:

    trí tháirge tobac núíosach a rialáil, tugtar aghaidh leis an ngníomh atá faoi chonspóid go neamhdhleathach ar “eilimint riachtanach” de réir bhrí Airteagal 290(1) CFAE;

    tugtar isteach leis an ngníomh atá faoi chonspóid “catagóir áirithe táirgí” nua go neamhdhleathach chun críocha Threoir 2014/40/AE agus, ar an gcaoi sin, sáraíonn sé freisin prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais maidir le deimhneacht dhlíthiúla agus ionchas dlisteanach

    tugtar isteach leis an ngníomh atá faoi chonspóid “catagóir áirithe táirgí” nua nach bhfuil ag teacht le córas Threoir 2014/40/AE, agus atá neamhdhleathach dá bhrí sin; agus

    Tá cur chuige an Choimisiúin maidir le measúnú a dhéanamh ar “athrú suntasach ar imthosca” lasmuigh de raon feidhme an chúraim a thugtar dó.

    2.

    An dara saincheist dlí lena n-éilítear mainneachtain réasúin a shonrú, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 296 CFAE agus sárú ar phrionsabal an dea-riarachán.


    (1)  Treoir Tarmligthe (AE) 2022/2100 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díolúintí áirithe a tharraingt siar i ndáil le táirgí tobac téite (IO 2022, L 283, lch. 4).

    (2)  Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le monarú, cur i láthair agus díol táirgí tobac agus táirgí gaolmhara agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/37/CE (IO 2014, L 127, lch. 1).


    Top