This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0700
Case T-700/22: Action brought on 12 November 2022 — Mission v Commission
Cás T-700/22: Caingean arna tabhairt an 12 Samhain 2022 – Mission v an Coimisiún
Cás T-700/22: Caingean arna tabhairt an 12 Samhain 2022 – Mission v an Coimisiún
IO C 35, 30.1.2023, p. 65–66
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
30.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 35/65 |
Caingean arna tabhairt an 12 Samhain 2022 – Mission v an Coimisiún
(Cás T-700/22)
(2023/C 35/82)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
Páirtithe
Iarratasóir: Mission – Trading, Gestão e Serviços, Unipessoal, Lda (Zona Franca da Madeira) (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: S. Gemas Donário agus S. Soares, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Cinneadh C(2020) 8550 final ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2020 maidir le scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil do shaorlimistéar Mhaidéara (Zona Franca da Madeira – ZFM) – Scéim III, a chur ar neamhní; |
— |
a ordú don Choimisiún na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí, atá, go bunúsach, comhionann nó comhchosúil leis na saincheisteanna arna maíomh i gCás T-553/22, Thorn Investments v an Coimisiún.