Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0665

    Cás T-665/22: Caingean arna tabhairt an 1 Samhain 2022 – SkinIdent v EUIPO – Beiersdorf (NIVEA SKIN-IDENTICAL Q10)

    IO C 472, 12.12.2022, p. 49–49 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    12.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 472/49


    Caingean arna tabhairt an 1 Samhain 2022 – SkinIdent v EUIPO – Beiersdorf (NIVEA SKIN-IDENTICAL Q10)

    (Cás T-665/22)

    (2022/C 472/57)

    Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

    Páirtithe

    Iarratasóir: SkinIdent AG (Freienbach, an Eilvéis) (Ionadaí: U. Hildebrandt, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Beiersdorf AG (Hamburg, an Ghearmáin)

    Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

    Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

    Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “NIVEA SKIN-IDENTICAL Q10” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 041 739

    Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

    Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcúigiú Bhord Achomhairc de EUIPO an 18 Lúnasa 2022 i gCás R 1499/2021-5

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    An cinneadh atá faoi chonspóid agus an cinneadh ón Rannán Freasúra an 1 Iúil 2021 i gCás B 3 091 527 a chur ar neamhní;

    a ordú do EUIPO na costais a íoc.

    Saincheisteanna dlí arna maíomh

    Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

    Sárú ar Airteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


    Top