EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0643

Cás T-643/22: Caingean arna tabhairt an 14 Deireadh Fómhair 2022 — Yanukovych v an Chomhairle

IO C 451, 28.11.2022, p. 26–26 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

28.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 451/26


Caingean arna tabhairt an 14 Deireadh Fómhair 2022 — Yanukovych v an Chomhairle

(Cás T-643/22)

(2022/C 451/30)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Viktor Fedorovych Yanukovych (Rostov-on-Don, an Rúis) (ionadaí: B. Kennelly, Abhcóide)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Cinneadh (CBES) 2022/1355 ón gComhairle an 4 Lúnasa 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1354 (1) ón gComhairle an 4 Lúnasa 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (2) a mhéid atá feidhm acu maidir leis an iarratasóir, a chur ar neamhní. Iarrann an t-iarratasóir freisin go n-íocfar a chostais.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Chun tacú leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin lena n-éilítear go ndearna an Chomhairle earráidí follasacha measúnaithe lena cinneadh gur comhlíonadh an critéar ainmniúcháin. Go háirithe, ghlac an Chomhairle ar aghaidhluach, gan aon iarracht fíorú de chineál ar bith a dhéanamh, dearbhuithe, líomhaintí agus fiú tuairimí, gan bhunús agus stairiúla den chuid is mó ó thuarascálacha éagsúla de chuid na meán a bhfuil amhras ann maidir lena hiontaofacht. Chuir an Chomhairle na héilimh agus na líomhaintí sin in iúl mar fhíorais, in ainneoin an iliomad míchruinnis agus neamhréireachtaí a shainaithin an t-iarratasóir ina chuid barúlacha. Ba cheart don Chomhairle imscrúdú breise a dhéanamh agus scrúdú cuí a dhéanamh ar leordhóthanacht, inchreidteacht agus iontaofacht an ábhair ar a raibh sí ag brath, ach mhainnigh sí déanamh amhlaidh. Mar thoradh air sin, níl aon bhunús fíorasach sách láidir ann do Smachtbhannaí 2022 Lúnasa agus ba cheart iad a neamhniú dá réir sin.


(1)  IO 2022 L 204 I, lch. 4.

(2)  IO 2022 L 204 I, lch. 1.


Top