EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0621

Cás T-621/22: Caingean arna tabhairt an 4 Deireadh Fómhair 2022 – SB v SEGS

IO C 441, 21.11.2022, p. 29–29 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

21.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 441/29


Caingean arna tabhairt an 4 Deireadh Fómhair 2022 – SB v SEGS

(Cás T-621/22)

(2022/C 441/40)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: SB (ionadaithe: L. Burguin, T. Bontinck agus A. Guillerme, Dlíodóirí)

Cosantóir: an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil SEGS faoi dhliteanas;

a ordú do SEGS EUR 80 000 maidir le díobháil neamhábhartha agus EUR 720 000 maidir le díobháil ábhartha a íoc;

a ordú do na cosantóirí na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean i gcoinne an dá chinneadh an 10 Samhain 2021 ag diúltú d’iarratais an iarratasóra ar phoist mar Cheann Toscaireachta de chuid an Aontais Eorpaigh, sa chéad áit, i [rúnda(1) agus, sa dara háit, i [rúnda], braitheann an t-iarratasóir ar cheithre shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach mheasúnaithe.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh sárú ar phrionsabal na n-ionchas dlisteanach.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh sárú ar phrionsabal na córa comhionainne.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear mí-úsáid cumhachta.


(1)  Sonraí rúnda fágtha ar lár.


Top