EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0610

Cás T-610/22: Caingean arna tabhairt an 30 Meán Fómhair 2022 – Nienaber v EUIPO (BoneKare)

IO C 441, 21.11.2022, p. 26–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

21.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 441/26


Caingean arna tabhairt an 30 Meán Fómhair 2022 – Nienaber v EUIPO (BoneKare)

(Cás T-610/22)

(2022/C 441/36)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Jannah Nienaber (Cloppenburg, an Ghearmáin), Andreas Nienaber (Cloppenburg) (ionadaí: J. Eberhardt, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Clárú focalmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh “BoneKare” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 411 756

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 4 Lúnasa 2022 i gCás R 348/2022-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí a íoc, lena n-áirítear na costais a tabhaíodh sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


Top