Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0609

    Cás T-609/22: Caingean arna tabhairt an 30 Meán Fómhair 2022 – Nienaber v EUIPO – St. Hippolyt Mühle Ebert (BoneKare)

    IO C 441, 21.11.2022, p. 26–26 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    21.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 441/26


    Caingean arna tabhairt an 30 Meán Fómhair 2022 – Nienaber v EUIPO – St. Hippolyt Mühle Ebert (BoneKare)

    (Cás T-609/22)

    (2022/C 441/35)

    Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Andreas Nienaber (Cloppenburg, an Ghearmáin) (ionadaí: J. Eberhardt, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: St. Hippolyt Mühle Ebert GmbH (Dielheim, an Ghearmáin)

    Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

    Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir

    Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “BoneKare” – trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 10 055 903

    Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

    Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 4 Lúnasa 2022 i gCás R 436/2022-1

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    An cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

    a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí a íoc, lena n-áirítear iad siúd a thabhaigh an t-iarratasóir sna himeachtaí os comhair an Rannáin Chealúcháin agus an Bhoird Achomhairc.

    Saincheist dlí arna maíomh

    Sárú ar Airteagal 7(1)(b) agus 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

    Sárú ar Airteagal 59(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

    Sárú ar an tríú habairt d’Airteagal 95(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


    Top