EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0446

Cás T-446/22: Caingean arna tabhairt an 19 Iúil 2022 – Corver v EUIPO (CHR ME)

IO C 326, 29.8.2022, p. 30–31 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

29.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 326/30


Caingean arna tabhairt an 19 Iúil 2022 – Corver v EUIPO (CHR ME)

(Cás T-446/22)

(2022/C 326/42)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Serge-Paul Corver (Lanaken, an Bheilg) (ionadaí: C. König, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: marc fíortha an Aontais Eorpaigh CHR ME – Iarratas ar chlárú Uimh. 018 016 792

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón dara Bord Achomhairc de EUIPO an 28 Márta 2022 i gcás R 2082/2021-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid a dhíbhtear an chaingean leis;

a ordú do EUIPO íoc as na costais.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


Top