Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0417

    Cás T-417/22: Caingean arna tabhairt an 6 Iúil 2022 – Intel Corporation v an Coimisiún

    IO C 318, 22.8.2022, p. 46–47 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    22.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 318/46


    Caingean arna tabhairt an 6 Iúil 2022 – Intel Corporation v an Coimisiún

    (Cás T-417/22)

    (2022/C 318/61)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Intel Corporation Inc. (Wilmington, Delaware, na Stáit Aontaithe) (ionadaithe: D. Beard, J. Williams, Barristers-at-law, B. Meyring, Dlíodóir)

    Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    a.

    a ordú don Choimisiún cúiteamh EUR 593 177 661.75 a íoc, suim a fhreagraíonn do: ús mainneachtana ar phríomhshuim EUR 1 060 000 000 de réir ráta athmhaoiniúcháin BCE ar an gcéad lá féilire den mhí inar glacadh Cinneadh C(2009) 3726 final ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2009 i gCás COMP/C-3/37.990 Intel (“an Cinneadh”), (is é sin 1.25 %) le méadú 3.5 pointe céatadáin (nó dá uireasa sin de réir ráta úis a mheasann an Chúirt a bheith iomchuí), don tréimhse ón 13 Lúnasa 2009 (dáta íocaíocht sealadach na fíneála ag Intel) go dtí an 25 Feabhra 2022 (an dáta a dhéanfar príomhshuim na fíneála a aisíoc ag an gCoimisiún Eorpach), lúide EUR 38 059 598,52, an méid úis atá íoctha cheana féin ag an gCoimisiún le Intel;

    b.

    a ordú don Choimisiún ús a íoc ar an méid a iarrtar i mír (a) thuas don tréimhse ón 25 Feabhra 2022 (an dáta a dhéanfar príomhshuim na fíneála a aisíoc ag an gCoimisiún), nó mar mhalairt air sin ón 28 Aibreán 2022 (dáta an Chéad Iarratas Intel ar Ús), nó ón 6 Iúil 2022 (dáta na gcaingean seo) nó, mar mhalairt eile, ó dháta an bhreithiúnais sa chaingean seo, go dtí an dáta a íocann an Coimisiún iarbhír an méid de bhun breithiúnas a sheasann leis an gcaingean seo, de réir an ráta úis arna chur i bhfeidhm ag BCE chuig oibríochtaí athmhaoiniúcháin le méadú 3,5 pointe céatadáin nó, dá uireasa sin, de réir ráta úis a mheasann an Chúirt a bheith iomchuí;

    c.

    ina theannta nó mar mhalairt air sin:

    i.

    aon chinneadh ón gCoimisiún lena ndiúltaítear d’aisíoc úis mainneachtana a chur ar neamhní agus a ordú don Choimisiún ús mainneachtana a aisíoc sna méideanna céanna a iarrtar i míreanna (a) agus (b) thuas; nó

    ii.

    mar mhalairt air sin, a dhearbhú gur ghníomhaigh an Coimisiún go neamhdhleathach de bharr gur theip air ús mainneachtana a íoc chuig Intel ar phríomhshuim na fíneála a aisíocadh tar éis an Cinneadh a neamhniú, agus a ordú don Choimisiún ús mainneachtana a aisíoc sna méideanna céanna a iarrtar i mír (a) agus (b) thuas;

    d.

    in aon chás, a ordú don Choimisiún costais agus caiteachas Intel a íoc i ndáil leis na himeachtaí seo.

    Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

    Le hiarratas dar dáta an 28 Aibreán 2022 i gCás T-236/22 (“Céad Iarratas Intel ar Ús”), d’iarr Intel go n-íocfaí an t-ús mainneachtana (agus an t-ús ar an ús mainneachtana sin) a d’eascair as neamhniú Airteagal 2 den Chinneadh, a éilíonn an t-iarratasóir nár íoc an Coimisiún. Níor íoc an Coimisiún an t-ús sin go fóill. Tá tuilleadh cumarsáide déanta aige le Intel, áfach, tar éis an Chéad Iarratas Intel ar Ús, ag tabhairt cúiseanna nua lena dhiúltú. Leis an gcaingean seo, a thugtar ar bhonn réamhchúraim i bhfianaise na héiginnteachta a chruthaítear le cumarsáid an Choimisiúin, cuireann Intel i gcoinne na cumarsáide sin. Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

    1.

    Ar an gcéad dul síos, de bhun Airteagal 268 CFAE, i gcomhar le hAirteagal 340(2) CFAE agus le hAirteagal 41(3) den Chairt um Chearta Bunúsacha, lorgaíonn an t-iarratasóir go n-íocfar cúiteamh agus ús iarmhartach as an damáiste a rinneadh de bharr gur dhiúltaigh an Coimisiúin an t-ús mainneachtana a íoc chuig Intel ar phríomhshuim na fíneála a aisíocadh tar éis an neamhnithe, le breithiúnas T-286/09 RENV, ECLI:EU:T:2022:19, d'Airteagal 2 de Chinneadh C(2009) 3726 final ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2009 i gCás COMP/C-3/37.990 Intel. I dtaca leis sin, braitheann an t-iarratasóir ar an gceanglas na bearta is gá a ghlacadh chun neamhniú fíneála de bhun Airteagal 266 CFAE a chomhlíonadh, lena n-áirítear an t-ús mainneachtana a íoc. Níl an ceart ag an gCoimisiún agus é á líomhain aige go dtosóidh an t-am le haghaidh aon éileamh ar dhliteanas neamhchonarthach ó dháta íocaíocht sealadach na fíneála.

    2.

    Ar an dara dul síos, ina theannta nó mar mhalairt air sin, de bhun Airteagal 263 CFAE lorgaíonn an t-iarratasóir go ndéanfaí aon chinneadh ón gCoimisiún lena ndiúltaítear d’aisíoc úís mainneachtana, de réir an ráta dá dtagraítear thuas, a chur ar neamhní ar an mbonn (i) go bhfuil sé contrártha d’Airteagal 266 CFAE agus (ii) go ndéanann sé an dáta ceart óna gcuirtear tús le haon éileamh ar dhliteanas neamhchonarthach a mhíshonrú.

    3.

    Ar an tríú dul síos, de bhun Airteagal 265 CFAE mar mhalairt eile, a mhéid nach bhfuil seasamh deiridh glactha ag an gCoimisiún (in ainneoin iarrataí ón iarratasóir), lorgaíonn an t-iarratasóir dearbhú gur ghníomhaigh an Coimisiún go neamhdhleathach de bharr gur theip air an t-ús mainneachtana sin a íoc chuig Intel de bhun Airteagal 266 CFAE, agus ordú go n-íocfadh an Coimisiún an t-ús mainneachtana sin ag an ráta dá dtagraítear thuas.

    4.

    Mar mhalairt air sin amháin, maíonn an t-iarratasóir go mbeadh sé de thoradh ar aon léirmhíniú contrártha ar Rialachá(i)n 2002, 2012 agus/nó 2018 lena n-eisiatar íocaíocht an úis mhainneachtana i gcomhréir le hAirteagal 266 CFAE, arna léirmhíniú ag an gCúirt Bhreithiúnais agus ag an gCúirt Ghinearálta, go mbeadh na forálacha ábhartha ag sárú dhlí príomha an Aontais. Sna himthosca sin, ardaíonn an t-iarratasóir saincheist mhalartach maidir le neamhdhleathacht faoi Airteagail 266 agus 277 CFAE ar bhonn malartach teagmhasach.


    Top