EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0414

Cás T-414/22: Caingean arna tabhairt an 6 Iúil 2022 – Colombani v SEGS

IO C 318, 22.8.2022, p. 45–46 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

22.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 318/45


Caingean arna tabhairt an 6 Iúil 2022 – Colombani v SEGS

(Cás T-414/22)

(2022/C 318/60)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Jean-Marc Colombani (Auderghem, an Bheilg) (ionadaí: N. de Montigny, Dlíodóir)

Cosantóir: An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh an 13 Deireadh Fómhair 2021 ó Stiurthóir na n-Acmhainní Daonna, lena seoladh sraith CVanna chuig an iarratasóir a ndearnadh cinsireacht orthú agus a míléiríodh sa chaoi go raibh baint acu leis an tiomantas ar thug SEGS faoi Chomhaontú an 9 Feabhra 2021, a neamhniú;

Comhaontú ar thángthas air ar an 9 Feabhra 2021 i gCás T-507/20 as thoiliú truaillithe agus neamhchomhlíonadh SEGS maidir lena théarmaí, a neamhniú;

Cinneadh an 29 Márta 2022 ó Ard-Stiurthóir na n-Acmhainní de chuid SEGS, lena ndiúltaítear do ghearán R/618/21 ón iarratasóir as neamhchomhlíonadh ceann d’fhorálacha riachtanacha an Chomhaontaithe ar thángthas air ar an 9 Feabhra 2021 i gCás T-507/20 lena bhforáiltear go ndéanfadh SEGS “na heilimintí a bhaineann le cáilíochtaí agus taithí ghairmiúil na n-iarrthóirí a gceapann an painéal réamhroghnúcháin gurb iad na hiarrthóirí is fearr a gcomhlíonann na critéir réamhroghnúcháin i leith sraith nósanna imeachta a shonraítear sa Chomhaontú” a sheoladh chuig an iarratasóir, a neamhniú a mhéid atá riachtanach;

A ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

I dtaca leis an gcaingean i gcoinne an chinnidh don iarraidh le haghaidh rochtain ar dhoiciméid, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear earráid dlí i ndáil leis an léirmhíniú ar choincheap sonraí pearsanta agus leis an léirmhíniú ar Rialacháin 2018/1725 (1) (2) (3) agus 1049/2001, (4) mí-úsáid cumhachtaí agus léirmhíniú ar Airteagal 6 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“Rialacháin Foirne”) atá ar neamhréir le forálacha na Rialachán sin.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear neamhchomhlíonadh Airteagal 52 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, sárú ar Airteagal 45 Rialachán 2018/1725, a mhéid a dhéantar sárú le teorainn leis an gceart rochtana ar phrionsabal an dea-riaracháin, ar an gceart chun trialach córa, ar phrionsabal chomhionannas na n-arm, ar an gceart chun leighis éifeachtach a fháil agus lena ndéantar aon athbhreithniú breithiúnach ar na gníomhartha a chonspóidtear a chosc.

3.

An triú saincheist dlí lena n-éilítear gur diúltaíodh d’argóint SEGS nach ndearna sé ach an ghearáin a scoradh gan dul i ngleic le substaint an ghearáin a taisceadh, agus lena n-éilítear mainneachtain cúiseanna a shonrú i dtaca le diúltú an ghearáin a bhaineann le neamhdhleathacht an tsriain ar an gceart rochtana.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear drochriaracháin agus sárú ar na Rialacháin Foirne mar gheall ar chlaontacht agus choimhlint leasa údair na gcinnidh atá faoi chonspóid.

I dtaca leis an gcaingean le haghaidh neamhniú ar an gcomhaontú frithpháirteach agus an scor i gCás T-507/20, maíonn an t-iarratasóir dhá saincheist dlí.

1.

An chéad saincheist, ar príomh-shaincheist é, lena n-éilítear calaois agus neamhbhailíocht an chomhaontaithe i gCás T-507/20.

2.

An dara saincheist, atá mar shaincheist tánaisteach, lena n-éilítear neamhchomhlíonadh SEGS maidir leis an gcomhaontaithe agus go ndearna SEGS res judicata a agairt go mícheart.


(1)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí,

(2)  oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena

(3)  n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO 2018 L 295, lch. 39).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO 2001 L 145, lch. 43).


Top