Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0408

    Cás T-408/22: Caingean arna tabhairt an 5 Iúil 2022 – adp Merkur v EUIPO – psmtec (SEVEN SEVEN 7)

    IO C 318, 22.8.2022, p. 43–44 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    22.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 318/43


    Caingean arna tabhairt an 5 Iúil 2022 – adp Merkur v EUIPO – psmtec (SEVEN SEVEN 7)

    (Cás T-408/22)

    (2022/C 318/58)

    Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

    Páirtithe

    Iarratasóir: adp Merkur GmbH (Espelkamp, an Ghearmáin) (ionadaí: K. Mandel, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: psmtec GmbH (Illertissen, an Ghearmáin)

    Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

    Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: An páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

    Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontas Eorpaigh “SEVEN SEVEN 7” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 123 915

    Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

    Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 26 Aibreán 2022 i gCás R 1498/2021 – 2

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

    seasamh leis an bhfreasúra ina iomláine;

    an t-iarratas ar chlárú Uimh. 18 123 915 de thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “SEVEN SEVEN 7” a dhiúltú do na hearraí atá faoi chonspóid go léir i ndáil le hAicme 9, eadhon “Bogearraí le haghaidh físchluichí; Bogearraí cluiche; Bogearraí ríomhchluiche; Bogearraí”;

    a ordú do EUIPO na costais a íoc.

    Saincheist dlí arna maíomh

    Sárú ar Airteagal 47(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


    Top