This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0392
Case T-392/22: Action brought on 4 July 2022 — Confédération nationale du Crédit mutuel and Others v SRB
Cás T-392/22: Caingean arna tabhairt an 4 Iúil 2022 – Confédération nationale du Crédit mutuel agus páirtithe eile v BRA
Cás T-392/22: Caingean arna tabhairt an 4 Iúil 2022 – Confédération nationale du Crédit mutuel agus páirtithe eile v BRA
IO C 311, 16.8.2022, p. 21–21
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
16.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 311/21 |
Caingean arna tabhairt an 4 Iúil 2022 – Confédération nationale du Crédit mutuel agus páirtithe eile v BRA
(Cás T-392/22)
(2022/C 311/24)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóirí: Conféderation nationale du Crédit Mutuel (Páras, an Fhrainc) agus an 25 iarratasóir eile (ionadaithe: A. Gosset-Grainville, M. Trabucchi agus M. Dalon, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (BRA)
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
de bhua Airteagal 263 CFAE, Cinneadh Uimh. SRB/ES/2022/18 an 11 Aibreán 2022, a bhaineann le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante 2022 le CRA, a chur ar neamhní a mhéid a bhaineann sé leis na h-iarratasóirí; |
— |
de bhua Airteagal 277 CFAE, a dhearbhú nach bhfuil na forálacha seo a leanas de Rialachán SRA (1), den Rialachán Cur Chun Feidhme (2) agus den Rialachán Tarmligthe (3) infheidhme;
|
— |
A ordú don chosantóir na costais go léir a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí ocht saincheist dlí atá comhionann nó comhchosúil leo sin a maíodh i gcás T-391/22, Société générale agus páirtithe eile v CRU.
(1) Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014, lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO 2014, L 255, Lch. 1)
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/81 ón gComhairle an 19 Nollag 2014, lena sainmhínítear coinníollacha aonfhoirmeacha le haghaidh cur i bhfeidhm Rialachán Uimh. 806/2014 i ndáil le ranníocaíochtaí ex ante leis an gCiste Réitigh Aonair (IO 2015, L 15, lch. 1).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2014, lena bhforlíontar Treoir 2014/59 i ndáil le ranníocaíochtaí ex ante le socruithe um maoiniú réitigh (IO 2015, L 11, lch. 44).