EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0377

Cás T-377/22: Caingean arna tabhairt an 29 Meitheamh 2022 – Cayago Tec v EUIPO – iAqua (Feithiclí scairdsciála, Mótarbháid)

IO C 326, 29.8.2022, p. 22–22 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

29.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 326/22


Caingean arna tabhairt an 29 Meitheamh 2022 – Cayago Tec v EUIPO – iAqua (Feithiclí scairdsciála, Mótarbháid)

(Cás T-377/22)

(2022/C 326/29)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Cayago Tec GmbH (Bad Salzuflen, an Ghearmáin) (ionadaí: J. Güell Serra, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: iAqua (Shenzen) Ltd (Shenzen, an tSín)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an dearaidh atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Dearadh atá faoi cheist: Dearadh an Aontais Eorpaigh (Feithiclí scairdsciála, Mótarbháid) – Dearadh Uimh. 6 611 570-0001 den Aontas Eorpach

An cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc de EUIPO an 19/04/2022 i gCás R 951/2021-3

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní ina iomláine;

a ordú do EUIPO agus don idiragraí eile sna himeachtaí os comhair EUIPO na costais a íoc.

Saincheist dlí

Sárú ar Airteagal 25(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle maidir le hAirteagail 4 agus 6 den Rialachán sin.


Top