Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0371

    Cás T-371/22: Caingean arna tabhairt an 27 Meitheamh 2022 – Montanari v EUCAP Sahel Niger

    IO C 303, 8.8.2022, p. 57–57 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    8.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 303/57


    Caingean arna tabhairt an 27 Meitheamh 2022 – Montanari v EUCAP Sahel Niger

    (Cás T-371/22)

    (2022/C 303/73)

    Teanga an cháis: an Fhraincis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Marco Montanari (Reggio Emilia, an Iodáil) (ionadaithe: S. Rodrigues agus A. Champetier, Dlíodóirí)

    Cosantóir: EUCAP Sahel Niger (Niamey, an Nígir)

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    A dhearbhú go bhfuil an caingean seo inghlactha agus go bhfuil bunús maith léi;

    Dá réir sin,

    Cinneadh an 28 Aibreán 2022 a neamhniú, a mhéid a dhiúltaítear leis d’iarratas ón iarratasóir ar chúiteamh, dár dáta 4 Feabhra 2022;

    A ordú don chosantóir cúiteamh a íoc as an damáiste neamhábhartha agus an damáiste airgid a rinneadh don iarratasóir, arna luacháil de réir measúnaithe ex aequo et bono ag 10 000 Euro agus 964 800 Euro faoi seach;

    A ordú don chosantóir na costais ina n-iomláine a íoc.

    Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

    Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

    1.

    An chéad saincheist dlí lena n-éilítear nár léiríodh meas ar cheart an oibrí chun dínite agus chun sláinte agus go raibh ciapadh síceolaíoch ar siúl i gcoinne an iarratasóra.

    2.

    An dara saincheist dlí lena n-éilítear nár léiríodh meas ar an gceart chun dea-riaracháin agus ar an dualgas cúraim.


    Top