This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0362
Case T-362/22: Action brought on 18 June 2022 — Bazhaev v Council
Cás T-362/22: Caingean arna tabhairt an 18 Meitheamh 2022 – Bazhaev v an Comhairle
Cás T-362/22: Caingean arna tabhairt an 18 Meitheamh 2022 – Bazhaev v an Comhairle
IO C 303, 8.8.2022, p. 54–54
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
8.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 303/54 |
Caingean arna tabhairt an 18 Meitheamh 2022 – Bazhaev v an Comhairle
(Cás T-362/22)
(2022/C 303/69)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Musa Yusopovich Bazhaev (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: T. Bontinck, A. Guillerme agus T. Payan, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Cinneadh (CBES) 2022/582 (1) ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 a neamhniú, a mhéid a n-áirítear ainm an iarratasóra san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014; |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/581 (2) ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 a neamhniú, a mhéid a n-áirítear ainm an iarratasóra san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2014/269 ón gComhairle an 17 Márta 2014; |
— |
A ordú don Chomhairle EUR 1 000 000 a íoc ar bhonn sealadach as an damáiste neamhábhartha a rinneadh don iarratasóir; |
— |
A ordú don Chomhairle na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart chun cosanta agus ar an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. |
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach mheasúnaithe maidir leis na cúiseanna a thug an Chomhairle. |
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta agus ar phrionsabal na córa comhionainne. |
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar chearta bunúsacha an iarratasóra. |
(1) Cinneadh (CBES) 2022/582 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 110, lch. 55).
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/581 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 110, lch. 3).