This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0357
Case T-357/22: Action brought on 16 June 2022 — Das Neves v Commission
Cás T-357/22: Caingean arna tionscnamh an 16 Meitheamh 2022 – Das Neves v an Coimisiún
Cás T-357/22: Caingean arna tionscnamh an 16 Meitheamh 2022 – Das Neves v an Coimisiún
IO C 294, 1.8.2022, p. 42–42
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
1.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 294/42 |
Caingean arna tionscnamh an 16 Meitheamh 2022 – Das Neves v an Coimisiún
(Cás T-357/22)
(2022/C 294/58)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: José das Neves (La Hulpe, an Bheilg) (ionadaí: J.-P. Vandersteen, Dlíodóir)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Cinneadh an 12 Deireadh Fómhair 2021 arna ghlacadh ina choinne ag an [faoi rún] a chur ar neamhní (1); |
— |
a ordú don chosantóir EUR 20,000 a íoc dó mar chúiteamh i leith an damáiste neamhábhartha agus airgeadais arna dhéanamh dó; |
— |
a ordú don chosantóir na costais go léir a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca lena chaingean i gcoinne chinneadh an Choimisiúin an 12 Deireadh Fómhair 2021 lenar tugadh foláireamh dó, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí, lena n-eilítear earráid fhollasach sa mheasúnú ar choinbhleacht leasa. |
2. |
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear mí-úsáid cumhachta. |
3. |
An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar chearta na cosanta. |
4. |
An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 21 de Rialachán Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh. |
(1) Sonraí rúnda fágtha ar lár.