Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0351

    Cás T-351/22: Caingean arna tabhairt an 13 Meitheamh 2022 – De Dietrich Process Systems v EUIPO – Koch-Glitsch (SCHEIBEL)

    IO C 294, 1.8.2022, p. 37–38 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    1.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 294/37


    Caingean arna tabhairt an 13 Meitheamh 2022 – De Dietrich Process Systems v EUIPO – Koch-Glitsch (SCHEIBEL)

    (Cás T-351/22)

    (2022/C 294/53)

    Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: De Dietrich Process Systems GmbH (Mainz, an Ghearmáin) (ionadaí: M. Körner, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Koch-Glitsch LP (Wichita, Kansas, na Stáit Aontaithe)

    Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

    Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: An páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

    Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontas Eorpaigh “SCHEIBEL” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 3 790 375

    Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe

    Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 1 Aibreán 2022 i gCás R 1107/2021-1

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus achomharc ó dhílseánach trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh i gcoinne chinneadh an Rannáin Cealúcháin de chuid EUIPO dar dáta an 29 Aibreán 2021 (Cás Uimh. 42 180 C) lena ndearbhaítear go bhfuil Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 3 790 375 (“SCHEIBEL”) neamhbhailí ina iomláine a dhiúltiú;

    a ordú don chosantóir na costais a íoc.

    Saincheisteanna dlí arna maíomh

    Sárú ar Airteagal 59(1)(a), arna léamh i gcomhar le hAirteagal (7)(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    Sárú ar Airteagal 59(1)(a), arna léamh i gcomhar le hAirteagal (7)(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


    Top