EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0270

Cás T-270/22: Caingean arna tabhairt an 17 Bealtaine 2022 – Pumpyansky v an Chomhairle

IO C 257, 4.7.2022, p. 41–42 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 257, 4.7.2022, p. 37–38 (GA)

4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/37


Caingean arna tabhairt an 17 Bealtaine 2022 – Pumpyansky v an Chomhairle

(Cás T-270/22)

(2022/C 257/54)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Dmitry Alexandrovich Pumpyansky (Ekaterinburg, an Rúis) (ionadaithe: G. Lansky, P. Goeth agus A. Egger, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2022/397 ón gComhairle an 2 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1) agus Rialachán Cur Chun Feidhme 2022/396 ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (2) (“na Gníomhartha atá faoi chonspóid”) a chur ar neamhní de bhun Airteagal 263 CFAE, sa mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir; agus

a ordú don Chomhairle na costais a íoc de bhun Airteagal 134 de na Rialacha Nós Imeachta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena líomhnaítear sárú mídhleathach ar chearta bunúsacha an iarratasóra, lena n-áirítear a cheart chun saol príobháideach agus saol teaghlaigh, a cheart chun a chónaí agus a chumarsáidí chomh maith lena cheart chun maoine.

Tríd an t-iarratasóir a chur san áireamh leis na Gníomhartha atá faoi chonspóid, ghníomhaigh an Chomhairle ar chaoi inár sáraíodh prionsabal na comhréireachta faoi Airteagal 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha.

2.

An dara saincheist dlí lena líomhnaítear earráid measúnaithe de chuid na Comhairle agus ainm an iarratasóra á chur san áireamh in iarscríbhinní na nGníomhartha atá faoi chonspóid.

Tá cúiseanna na Comhairle le háireamh an iarratasóra lochtach go hábhartha.

Teipeann ar an gComhairle na cúiseanna aonair, sainiúla agus nithiúla atá le forchur na mbeartanna sriantacha ar an iarratasóir a shainiú, agus níl na cúiseanna ar a bhfuiltear ag brath sách mionsonraithe, rud atá i gcontrárthacht le hoibleagáidí na Comhairle.

Is neamhleor an fhianaise arna soláthar le tacú le háireamh an iarratasóra leis na Gníomhartha atá faoi chonspóid.


(1)  IO 2022 L 80, lch. 31.

(2)  IO 2022 L 80, lch. 1.


Top