This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0263
Case T-263/22: Action brought on 13 May 2022 — CCCME and Others v Commission
Cás T-263/22: Caingean arna tabhairt an 13 Bealtaine 2022 – CCCME agus páirtithe eile v an Coimisiún
Cás T-263/22: Caingean arna tabhairt an 13 Bealtaine 2022 – CCCME agus páirtithe eile v an Coimisiún
IO C 257, 4.7.2022, p. 39–40
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 257, 4.7.2022, p. 35–36
(GA)
4.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 257/35 |
Caingean arna tabhairt an 13 Bealtaine 2022 – CCCME agus páirtithe eile v an Coimisiún
(Cás T-263/22)
(2022/C 257/51)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: China Chamber of Commerce for Import and Export of Machinery and Electronic Products (CCCME) (Béising, an tSín) agus ocht bpáirtí eile (ionadaithe: R. Antonini, E. Monard agus B. Maniatis, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ÓN gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí ceanglóirí áirithe iarainn nó cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (1), sa mhéid a bhaineann sé le CCCME, na cuideachtaí aonair, agus na baill lena mbaineann; agus |
— |
a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí naoi shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún Airteagal 2(6a)(a) den Bhunrialachán agus prionsabal an dea-riaracháin agus an gnáthluach á chinneadh aige. |
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur mhainnigh an Coimisiún comparáid chóir a áirithiú ina chinneadh maidir leis an dumpáil, mar shárú ar Airteagal 2(10) den Bhunrialachán. |
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún Airteagal 18 den Bhunrialachán agus Airteagal 6.8 agus Iarscríbhinn II de Chomhaontú frithdhumpála WTO lena úsáid fíorais atá ar fáil do shaothair. |
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún Airteagal 9(6) den Bhunrialachán ina chinneadh maidir le corrlach dumpála cinntitheach na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte. |
5. |
An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear gur mhainnigh an Coimisiún scrúdú oibiachtúil a dhéanamh ar dhíobháil agus ar chúisíocht bunaithe ar fhianaise dhearfach mar shárú ar Airteagail 3(2), 3(3), 3(5), agus 3(6), i gcomhar le hAirteagal 4(1), den Bhunrialachán. |
6. |
An séú saincheist dlí lena n-éilítear gur sárú é anailís ar shladghearradh an Choimisiúin ar Airteagail 3(2), 3(3), agus 9(4) den Bhunrialachán. |
7. |
An seachtú saincheist dlí lena n-éilítear gur mhainnigh an Coimisiún comparáid chóir a dhéanamh ina chinneadh ar éifeachtaí na bpraghsanna mar shárú ar Airteagail 3(2), 3(3), 3(6) agus 9(4) den Bhunrialachán. |
8. |
An t-ochtú saincheist dlí lena n-éilítear gur mhainnigh an Coimisiún scrúdú oibiachtúil bunaithe ar fhianaise dhearfach a dhéanamh i leith táscairí díobhála mar shárú ar Airteagail 3(2) agus 3(5) den Bhunrialachán. |
9. |
An naoú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún Airteagal 6(7), Airteagail 19(1), (2), agus (3) agus Airteagal 20(2) agus 20(4) den Bhunrialachán, agus an ceart chun cosanta. |