This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0258
Case T-258/22: Action brought on 12 May 2022 — BSW — management company of ‘BMC’ holding v Council
Cás T-258/22: Caingean arna tabhairt an 12 Bealtaine 2022 – BSW – management company of “BMC” holding v an Chomhairle
Cás T-258/22: Caingean arna tabhairt an 12 Bealtaine 2022 – BSW – management company of “BMC” holding v an Chomhairle
IO C 257, 4.7.2022, p. 37–38
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 257, 4.7.2022, p. 33–34
(GA)
4.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 257/33 |
Caingean arna tabhairt an 12 Bealtaine 2022 – BSW – management company of “BMC” holding v an Chomhairle
(Cás T-258/22)
(2022/C 257/48)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: AAT Byelorussian Steel Works – management company of “Byelorussian Metallurgical Company” holding (BSW – management company of “BMC” holding) (Zhlobin, an Bhealarúis) (ionadaithe: N. Tuominen agus L. Engelen, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Cinneadh (CBES) 2022/356 ón gComhairle an 2 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (1), agus Rialachán (AE) 2022/355 ón gComhairle an 2 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 (2) a chur ar neamhní ina n-iomláine sa mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir; agus |
— |
a ordú don Chomhairle costais na n-imeachtaí seo a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist.
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go sáraítear leis na bearta atá faoi chonspóid an dualgas cúiseanna a lua, an ceart chun éisteacht chóir a fháil agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. |
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear go sáraítear leis na bearta atá faoi chonspóid prionsabal na córa comhionainne agus mí-úsáid cumhachtaí. |
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil na bearta atá faoi chonspóid dhíréireach, go sáraítear inniúlachtaí reachtúla an Aontais agus cearta bunúsacha an Iarratasóra leo. |