Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0109

    Cás T-109/22: Caingean arna tabhairt an 28 Feabhra 2022 – Schneider v EUIPO – Frutaria Comercial de Frutas y Hortalizas (frutania)

    IO C 158, 11.4.2022, p. 13–13 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 158, 11.4.2022, p. 10–11 (GA)

    11.4.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 158/10


    Caingean arna tabhairt an 28 Feabhra 2022 – Schneider v EUIPO – Frutaria Comercial de Frutas y Hortalizas (frutania)

    (Cás T-109/22)

    (2022/C 158/16)

    Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

    Páirtithe sna himeachtaí

    Iarratasóir: Markus Schneider (Bonn, an Ghearmáin) (ionadaithe: M. Bergermann agus D. Graetsch, Dlíodóirí)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Frutaria Comercial de Frutas y Hortalizas, SL (Zaragoza, an Spáinn)

    Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

    Iarratasóir ar an trádmharc faoi chonspóid: Iarratasóir

    Trádmharc faoi chonspóid: Clárú an fhocalmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh “frutania” agus dath gorm air – Uimhir chláraithe 11 987 419

    Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

    Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 17 Nollaig 2021 i gCás R 1058/2017-1

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

    a ordú do EUIPO na costais, lena n-áirítear na costais a tabhaíodh sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, a íoc.

    Saincheist dlí arna maíomh

    Cur i bhfeidhm agus léirmhíniú mícheart ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


    Top