EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0031

Cás T-31/22: Caingean arna tabhairt an 11 Eanáir 2022 – Perez Lopes Pargana Calado v An Chúirt Bhreithiúnais

IO C 158, 11.4.2022, p. 9–9 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 158, 11.4.2022, p. 7–7 (GA)

11.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 158/7


Caingean arna tabhairt an 11 Eanáir 2022 – Perez Lopes Pargana Calado v An Chúirt Bhreithiúnais

(Cás T-31/22)

(2022/C 158/10)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: Ana Teresa Perez Lopes Pargana Calado (an Liospóin, an Phortaingéil) (ionadaí: M. Marques Matias, Dlíodóir)

Cosantóir: Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

An cinneadh a bhaineann leis an iarratasóir i gcomhthéacs na n-imeachtaí reatha a chur ar neamhní mar gheall ar easpa bunúis.

An cinneadh thuasluaite a mhalartú le ceann eile a thabharfadh le fios an é go nglactar leis iarratasóir nó nach nglactar leis, agus, sa chás nach gceadaítear, na cúiseanna a mheastar a bheith i gcoinne leasa an iarratasóra i gcomparáid leis na hiarrthóirí eile i ndáil leis an bhfógra conartha a thabhairt le fios.

Athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh agus é a mhalartú le ceann eile lena nglacfaí leis an iarratasóir de réir na téarmaí céanna leis na hiarrthóirí eile.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir seacht saincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal an chomhionannais: níl an cinneadh cothromasach i gcomparáid leis na hiarrthóirí eile.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil sé dodhéanta an sárú a chur i bhfeidhm toisc go bhfuil sé mídhleathach.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuarthas treoracha ón gCúirt Bhreithiúnais chun aistriúchán idir lámha a chríochnú.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil na doiciméid go léir a cuireadh isteach i gcomhréir leis na ceanglais agus nach bhfuil na cúiseanna leis an eisiamh san áireamh sa chinneadh gan glacadh leo.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear gur cheart an dearbhú a cuireadh ar fáil a bhaint ón gcomhad agus nach rachadh sé i gcoinne leas an iarrthóra, toisc nach raibh sé ina chuid de na doiciméid a iarradh.

6.

An séú saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh an ceart chun éisteacht a fháil roimh ghlacadh na mbeart chun an t-iarratas ar thairiscintí a eisiamh ar bhonn sáraithe arna líomhain (an chéad fhleasc d’Airteagal 41(2) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh).

7.

An seachtú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid atá ar an lucht riaracháin údar a thabhairt lena chinntí (an tríu fleasc d’Airteagal 41(2) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh).


Top