Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TB0472

    Cás T-472/22: Ordú na Cúirte Ginearálta an 31 Márta 2023 – Mocom Compounds v EUIPO – Centemia Conseils (Near-to-Prime) (Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “Near-to-Prime” – Cúis le neamhbhailíocht absalóideach – Carachtar tuairisciúil – Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois) – Gníomh atá follasach gan bhunús sa dlí)

    IO C 189, 30.5.2023, p. 33–33 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    30.5.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 189/33


    Ordú na Cúirte Ginearálta an 31 Márta 2023 – Mocom Compounds v EUIPO – Centemia Conseils (Near-to-Prime)

    (Cás T-472/22) (1)

    (Trádmharc an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhbhailíochta - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “Near-to-Prime” - Cúis le neamhbhailíocht absalóideach - Carachtar tuairisciúil - Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois) - Gníomh atá follasach gan bhunús sa dlí)

    (2023/C 189/44)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Mocom Compounds GmbH & Co. KG (Hamburg, an Ghearmáin) (ionadaí: J. Bornholdt, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: T. Klee, Gníomhaire)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO: Centemia Conseils (Angevillers, an Fhrainc)

    Maidir le:

    Trína chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 24 Bealtaine 2022 (Cás R 2178/2021 1) a chur ar neamhní.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Diúltaítear don chaingean mar nach bhfuil aon bhunús dlí ann go follasach.

    2)

    Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.


    (1)  IO C 359, 19.9.2022.


    Top