Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TB0278

    Cás T-278/22 R: Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 4 Lúnasa 2022 – Biogen Netherlands v an Coimisiún (Nós imeachta eatramhach – Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine – Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 – Údarú margaíochta a dheonú d'fhúmaráit démheitil Neuraxpharm – fúmaráit dé-mheitil – Iarratas ar oibriú ordaithe a fhionraí – Easpa práinne)

    IO C 398, 17.10.2022, p. 27–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    17.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 398/27


    Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 4 Lúnasa 2022 – Biogen Netherlands v an Coimisiún

    (Cás T-278/22 R)

    (Nós imeachta eatramhach - Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine - Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 - Údarú margaíochta a dheonú d'fhúmaráit démheitil Neuraxpharm - fúmaráit dé-mheitil - Iarratas ar oibriú ordaithe a fhionraí - Easpa práinne)

    (2022/C 398/32)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Biogen Netherlands BV (Badhoevedorp, an Ísiltír) (ionadaí: C. Schoonderbeek, Dlíodóir)

    Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Haasbeek agus A. Sipos, i gcáil Gníomhairí)

    Ábhar

    Trína iarratas bunaithe ar Airteagal 278 agus Airteagal 279 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar fionraí forghníomhú Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2022) 3254 final ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2022, lena ndeonaítear údarú margaíochta faoin Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle d'fhúmaráit démheitil Neuraxpharm – fúmaráit dé-mheitil mar tháirge íocshláinte lena úsáid ag an duine.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Diúltaítear don iarratas ar bhearta eatramhacha.

    2)

    Forchoimeádtar na costais.


    Top