This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TB0241
Case T-241/22 R: Order of the President of the General Court of 4 July 2022 — Juvin v Parliament (Interim relief — Law governing the Institutions — Member of Parliament — Exclusion from participation in election observation delegations of the Parliament — Application for suspension of operation of a measure — Lack of urgency)
Cás T-241/22 R: Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 4 Iúil 2022 – Juvin v an Pharlaimint (Faoiseamh eatramhach – Dlí institiúideach – Feisire Parlaiminte – Eisiamh ó rannpháirtíocht i dtoscaireachtaí breathnadóireachta thoghcháin na Parlaiminte – Iarratas ar oibriú ordaithe a fhionraí – Easpa práinne)
Cás T-241/22 R: Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 4 Iúil 2022 – Juvin v an Pharlaimint (Faoiseamh eatramhach – Dlí institiúideach – Feisire Parlaiminte – Eisiamh ó rannpháirtíocht i dtoscaireachtaí breathnadóireachta thoghcháin na Parlaiminte – Iarratas ar oibriú ordaithe a fhionraí – Easpa práinne)
IO C 318, 22.8.2022, p. 38–39
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
22.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 318/38 |
Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 4 Iúil 2022 – Juvin v an Pharlaimint
(Cás T-241/22 R)
(Faoiseamh eatramhach - Dlí institiúideach - Feisire Parlaiminte - Eisiamh ó rannpháirtíocht i dtoscaireachtaí breathnadóireachta thoghcháin na Parlaiminte - Iarratas ar oibriú ordaithe a fhionraí - Easpa práinne)
(2022/C 318/53)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Hervé Juvin (Páras, an Fhrainc) (ionadaí: F.-P. Vos, Dlíodóir)
Cosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: N. Görlitz agus T. Lukácsi, i gcáil Gníomhairí)
Ábhar
Lena iarratas atá bunaithe ar Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí oibriú Chinneadh D-301936 ó Chomhchathaoirligh an Ghrúpa Tacaíochta Daonlathais agus Comhordaithe Toghcháin an 3 Márta 2022 a fhionraí, lenar eisiadh é ó aon rannpháirtíocht i dtoscaireachtaí breathnadóireachta thoghcháin Pharlaimint na hEorpa go dtí deireadh a shainordaithe mar Fheisire Parlaiminte (2019-2024).
An chuid oibríochtúil
1) |
Déantar an t-iarratas ar fhaoiseamh eatramhach a dhíbhe. |
2) |
Forchoimeádtar na costais. |