Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TB0240

    Cás T-240/22 R: Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 4 Iúil 2022 – Lacapelle v an Pharlaimint (Faoiseamh eatramhach – Dlí institiúideach – Feisire Parlaiminte – Eisiamh ó rannpháirtíocht i dtoscaireachtaí breathnadóireachta thoghcháin na Parlaiminte – Iarratas ar oibriú ordaithe a fhionraí – Easpa práinne)

    IO C 318, 22.8.2022, p. 38–38 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    22.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 318/38


    Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 4 Iúil 2022 – Lacapelle v an Pharlaimint

    (Cás T-240/22 R)

    (Faoiseamh eatramhach - Dlí institiúideach - Feisire Parlaiminte - Eisiamh ó rannpháirtíocht i dtoscaireachtaí breathnadóireachta thoghcháin na Parlaiminte - Iarratas ar oibriú ordaithe a fhionraí - Easpa práinne)

    (2022/C 318/52)

    Teanga an cháis: an Fhraincis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Jean-Lin Lacapelle (Páras, an Fhrainc) (ionadaí: F.-P. Vos, Dlíodóir)

    Cosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: N. Görlitz agus T. Lukácsi, i gcáil Gníomhairí)

    Ábhar

    Lena iarratas atá bunaithe ar Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí oibriú Chinneadh D-301937 ó Chomhchathaoirligh an Ghrúpa Tacaíochta Daonlathais agus Comhordaithe Toghcháin an 3 Márta 2022 a fhionraí, lenar eisiadh é ó aon rannpháirtíocht i dtoscaireachtaí breathnadóireachta thoghcháin Pharlaimint na hEorpa go dtí deireadh a shainordaithe mar Fheisire Parlaiminte (2019-2024).

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Déantar an t-iarratas ar fhaoiseamh eatramhach a dhíbhe.

    2)

    Forchoimeádtar na costais.


    Top