EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TB0237

Cás T-237/22 R: Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 27 Meitheamh 2022 – Usmanov v an Chomhairle (Faoiseamh eatramhach – An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i ndáil le gníomhaíochtaí na Rúise lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin – Reo na gcistí – Iarratais ar bhearta eatramhacha – Easpa práinne – Comhardaithe leasanna)

IO C 318, 22.8.2022, p. 37–38 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

22.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 318/37


Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 27 Meitheamh 2022 – Usmanov v an Chomhairle

(Cás T-237/22 R)

(Faoiseamh eatramhach - An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i ndáil le gníomhaíochtaí na Rúise lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin - Reo na gcistí - Iarratais ar bhearta eatramhacha - Easpa práinne - Comhardaithe leasanna)

(2022/C 318/51)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Alisher Usmanov (Tashkent, Úisbéiceastáin) (ionadaí: J. Grand d’Esnon, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Vitro agus B. Driessen, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Lena iarratas atá bunaithe ar Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, go bunúsach, go gcuirfí ar fionraí, ar thaobh amháin, oibriú an dá ghníomh lena leasaíodh na critéir maidir le háireamh ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach mar gheall ar a rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin agus, ar an taobh eile, oibriú an dá ghníomh lena gcuireadh a ainm leis an liosta sin. Go háirithe, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos agus go príomha, go gcuirfear ar fionraí oibriú Chinneadh (CBES) 2022/337 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 59, lch. 1), a mhéid a bhaineann an gníomh sin leis, oibriú Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/336 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 58, lch. 1), a mhéid a bhaineann an gníomh sin leis, oibriú Chinneadh (CBES) 2022/329 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 50, lch. 1), agus oibriú Rialachán (AE) 2022/330 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L51, lch. 1); ar an dara dul síos, de rogha air sin, go gcuirfí ar fionraí oibriú Chinneadh 2022/337 a mhéid a bhaineann an gníomh sin leis, oibriú Rialachán Cur Chun Feidhme 2022/336 a mhéid a bhaineann an gníomh sin leis, oibriú Airteagal 1(2)(f) agus (g) de Chinneadh 2022/329 agus Airteagal 1(1)(f) agus (g) de Rialachán 2022/330 agus, ar an tríú dul síos, a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh EUR 20 000 a íoc dó as na costais a bhí air a thabhú d’fhonn a leasanna a chosaint.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don iarratas ar fhaoiseamh eatramhach.

2)

Forchoimeádtar na costais.


Top