This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TB0234
Case T-234/22 R: Order of the President of the General Court of 21 June 2022 — Ismailova v Council (Interim Relief — Common foreign and security policy — Restrictive measures adopted in respect of Russia’s actions undermining or threatening the territorial integrity, sovereignty and independence of Ukraine — Freezing of funds — Application for interim measures — No urgency — Balancing of interests)
Cás T-234/22 R: Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 21 Meitheamh 2022 – Ismailova v an Comhairle (Faoiseamh eatramhach – An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i ndáil le gníomhaíochtaí na Rúise lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin – Reo na gcistí – Iarratas ar bhearta eatramhacha – Easpa práinne – Leasanna a chothromú)
Cás T-234/22 R: Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 21 Meitheamh 2022 – Ismailova v an Comhairle (Faoiseamh eatramhach – An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i ndáil le gníomhaíochtaí na Rúise lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin – Reo na gcistí – Iarratas ar bhearta eatramhacha – Easpa práinne – Leasanna a chothromú)
IO C 303, 8.8.2022, p. 48–48
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
8.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 303/48 |
Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 21 Meitheamh 2022 – Ismailova v an Comhairle
(Cás T-234/22 R)
(Faoiseamh eatramhach - An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i ndáil le gníomhaíochtaí na Rúise lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin - Reo na gcistí - Iarratas ar bhearta eatramhacha - Easpa práinne - Leasanna a chothromú)
(2022/C 303/62)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Gulbakhor Ismailova (Tashkent, an Úisbéiceastáin) (ionadaí: J. Grand d’Esnon, Dlíodóir)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: B. Driessen agus A. Vitro, i gcáil Gníomhairí)
Ábhar
Lena hiarratas atá bunaithe ar Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, go bunúsach, go gcuirfear ar fionraí, ar thaobh amháin, oibriú an dá ghníomh lena leasaíodh na critéir maidir le liostú mar dhuine, mar eintitis, nó mar chomhlacht atá faoi réir na mbeart sriantach as a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin agus, ar an taobh eile, oibriú an dá ghníomh lena gcuireadh a hainm leis an liosta sin. Go háirithe, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos agus go príomha, go gcuirfear ar fionraí oibriú Chinneadh (CBES) 2022/582 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 110, lch. 55), a mhéid a bhaineann an gníomh sin léi, oibriú Rialachán Chur Chun Feidhme (AE) 2022/581 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 110, lch. 3), a mhéid a bhaineann an gníomh sin léi, oibriú Chinneadh (CBES) 2022/239 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 50, lch. 1), agus feidhmiú Rialachán (AE) 2022/330 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 51, lch. 1); ar an dara dul síos, de rogha air sin, go gcuirfear ar fionraí oibriú Chinneadh 2022/582 a mhéid a bhaineann an gníomh sin léi, oibriú Rialachán Chur Chun Feidhme 2022/581 a mhéid a bhaineann an gníomh sin léi, oibriú Airteagal 1(2)(f) agus (g) de Chinneadh 2022/329 agus oibriú Airteagal 1(1)(f) agus (g) de Rialachán 2022/330 agus, ar an tríú dul síos, a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh EUR 20 000 a thabhairt di as costais a bhí uirthi a thabhú d’fhonn a leasanna a chosaint.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don iarratas ar fhaoiseamh eatramhach. |
2) |
Forchoimeádtar na costais. |