Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TA0555

    Cás T-555/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Bealtaine 2024 – an Fhrainc v an Coimisiún (Córas Teanga – Fógra comórtais oscailte chun riarthóirí agus saineolaithe a earcú i Réimsí an Tionscail Cosanta agus Spáis – Teorainn le rogha teanga 2 go Béarla – Rialachán Uimh. 1 – Airteagal 1d(1), Airteagal 27 agus Airteagal 28(f) den Reacht – Idirdhealú bunaithe ar theanga – Leas na seirbhíse – Comhréireacht)

    IO C, C/2024/3764, 24.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3764/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3764/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/3764

    24.6.2024

    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Bealtaine 2024 – an Fhrainc v an Coimisiún

    (Cás T-555/22)  (1)

    (Córas Teanga - Fógra comórtais oscailte chun riarthóirí agus saineolaithe a earcú i Réimsí an Tionscail Cosanta agus Spáis - Teorainn le rogha teanga 2 go Béarla - Rialachán Uimh. 1 - Airteagal 1d(1), Airteagal 27 agus Airteagal 28(f) den Reacht - Idirdhealú bunaithe ar theanga - Leas na seirbhíse - Comhréireacht)

    (C/2024/3764)

    Teanga an cháis: an Fhraincis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Poblacht na Fraince (ionadaithe: T. Stéhelin, B. Fodda agus S. Royon, Gníomhairí)

    Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Niddam, L. Vernier agus I. Melo Sampaio, Gníomhairí)

    Idiragraithe ag tacú leis an iarratasóir: Ríocht na Beilge (ionadaithe: C. Pochet, M. Van Regemorter agus S. Baeyens, Gníomhairí), an Phoblacht Heilléanach (ionadaí: V. Baroutas, Gníomhaire), Poblacht na hIodáile (ionadaithe: G. Palmieri, Gníomhaire, le cúnamh ó P. Gentili, Dlíodóir)

    Ábhar

    Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí fógra comórtais oscailte EPSO/AD/400/22 dar teideal ‘Riarthóirí (AD 7) agus saineolaithe (AD 9) i Réimsí an Tionscail Cosanta agus an Spáis’ (IO 2022, C 233 A, lch. 1), ar neamhní.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Cuirtear fógra comórtais oscailte EPSO/AD/400/22, ‘Riarthóirí (AD 7) agus saineolaithe (AD 9) i Réimsí an Tionscail Cosanta agus an Spáis’, ar neamhní.

    2)

    Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Poblacht na Fraince, a íoc.

    3)

    Ordaítear do Ríocht na Beilge, don Phoblacht Heilléanach agus do Phoblacht na hIodáile a gcostais féin a íoc.


    (1)   IO C 408, 24.10.2022.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3764/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top