Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TA0519

    Cás T-519/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meitheamh 2023 – Société des produits Nestlé v EUIPO – European Food (FITNESS) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Nós imeachta chun cinntí a chúlghairm nó clárúcháin a scriosadh – Cinneadh a cuireadh ó bhail de bharr earráid fhollasach inchurtha i leith EUIPO a chúlghairm – Airteagal 103(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Easpa earráide follasach)

    IO C 261, 24.7.2023, p. 35–35 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    24.7.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 261/35


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meitheamh 2023 – Société des produits Nestlé v EUIPO – European Food (FITNESS)

    (Cás T-519/22) (1)

    (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Nós imeachta chun cinntí a chúlghairm nó clárúcháin a scriosadh - Cinneadh a cuireadh ó bhail de bharr earráid fhollasach inchurtha i leith EUIPO a chúlghairm - Airteagal 103(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Easpa earráide follasach)

    (2023/C 261/48)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Société des produits Nestlé SA (Vevey, an Eilvéis) (ionadaithe: A. Jaeger-Lenz, A. Lambrecht, agus A-C Salger, Dlíodóirí)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: V. Ruzek, Gníomhaire)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: European Food SA (Păntășești, an Rómáin) (ionadaí: I. Speciac, Dlíodóir)

    Ábhar

    Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 27 Meitheamh 2022 (Cás R 894/2020-1) ar neamhní.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Cuirtear cinneadh ón gCéad Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 27 Meitheamh 2022 (Cás R 894/2020-1) ar neamhní.

    2)

    Ordaítear do EUIPO a chostais féin, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Société des produits Nestlé SA, a íoc.

    3)

    Ordaítear do European Food SA a chostais féin a íoc.


    (1)  IO C 398, 17.10.2022.


    Top