This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TA0313
Case T-313/22: Judgment of the General Court of 20 December 2023 — Abramovich v Council of the European Union (Common foreign and security policy — Restrictive measures in respect of actions undermining or threatening the territorial integrity, sovereignty and independence of Ukraine — Freezing of funds — List of persons, entities and bodies subject to the freezing of funds and economic resources — Restriction on entry into the territory of the Member States — List of persons, entities and bodies subject to restrictions on entry into the territories of the Member States — Inclusion and maintenance of the applicant’s name on the lists — Definition of ‘leading businesspersons’ — Article 2(1)(g) of Decision 2014/145/CFSP — Obligation to state reasons — Rights of the defence — Error of assessment — Proportionality — Equal treatment — Right to property — Freedom to conduct a business — Right to private life — Application of restriction on entry to a national of a Member State — Free movement of Union citizens)
Cás T-313/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – Abramovich v an Chomhairle (Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna ndéanamh i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin – Reo cistí – Liosta de na daoine, de na heintitis agus de na comhlachtaí lena mbaineann reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha – Srianta ar chead isteach ar chríoch na mBallstát – Liosta de na daoine, de na heintitis agus de na comhlachtaí atá faoi réir srianta ar chead isteach ar chríoch na mBallstát – Clárú agus coinneáil ainm an iarratasóra ar na liostaí – An coincheap ‘príomhdhuine gnó’ – Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh 2014/145/CBES – Oibleagáid cúiseanna a lua – Cearta na cosanta – Earráid mheasúnaithe – Comhréireacht – Comhionannas cóireála – An ceart chun maoine – Saoirse chun gnó a sheoladh – An ceart chun príobháideachta – Cur i bhfeidhm na srianta ar ligean isteach do náisiúnach de chuid Ballstáit – Saorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais Eorpaigh)
Cás T-313/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – Abramovich v an Chomhairle (Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna ndéanamh i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin – Reo cistí – Liosta de na daoine, de na heintitis agus de na comhlachtaí lena mbaineann reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha – Srianta ar chead isteach ar chríoch na mBallstát – Liosta de na daoine, de na heintitis agus de na comhlachtaí atá faoi réir srianta ar chead isteach ar chríoch na mBallstát – Clárú agus coinneáil ainm an iarratasóra ar na liostaí – An coincheap ‘príomhdhuine gnó’ – Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh 2014/145/CBES – Oibleagáid cúiseanna a lua – Cearta na cosanta – Earráid mheasúnaithe – Comhréireacht – Comhionannas cóireála – An ceart chun maoine – Saoirse chun gnó a sheoladh – An ceart chun príobháideachta – Cur i bhfeidhm na srianta ar ligean isteach do náisiúnach de chuid Ballstáit – Saorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais Eorpaigh)
IO C, C/2024/1692, 4.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1692/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/1692 |
4.3.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – Abramovich v an Chomhairle
(Cás T-313/22) (1)
(Comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha arna ndéanamh i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin - Reo cistí - Liosta de na daoine, de na heintitis agus de na comhlachtaí lena mbaineann reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha - Srianta ar chead isteach ar chríoch na mBallstát - Liosta de na daoine, de na heintitis agus de na comhlachtaí atá faoi réir srianta ar chead isteach ar chríoch na mBallstát - Clárú agus coinneáil ainm an iarratasóra ar na liostaí - An coincheap ‘príomhdhuine gnó’ - Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh 2014/145/CBES - Oibleagáid cúiseanna a lua - Cearta na cosanta - Earráid mheasúnaithe - Comhréireacht - Comhionannas cóireála - An ceart chun maoine - Saoirse chun gnó a sheoladh - An ceart chun príobháideachta - Cur i bhfeidhm na srianta ar ligean isteach do náisiúnach de chuid Ballstáit - Saorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais Eorpaigh)
(C/2024/1692)
Teanga an nós imeachta: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Roman Arkadyevich Abramovich (Nemchinovo, an Rúis) (ionadaithe: T. Bontinck, A. Guillerme, S. Bonifassi, M. Brésart, L. Burguin, J. Goffin, J. Bastien, R. Lööf, Dlíodóirí, agus C. Zatschler Abhcóide Sinsir)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Bishop agus M.-C. Cadilhac, Gníomhairí)
Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J.-F. Brakeland, C. Giolito, L. Puccio agus M. Carpus Carcea, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, sa chéad áit, go gcuirfí ar neamhní, ar an gcéad dul síos, Cinneadh (CBES) 2022/429 ón gComhairle an 15 Márta 2022, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 87 I, lch. 44), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/427 ón gComhairle an 15 Márta 2022, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 87 I, lch. 1), sa dara háit, Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 149), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 1), agus sa tríú háit, Cinneadh (CBES) 2023/572 ón gComhairle an 13 Márta 2023, 13 Márta 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’ iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023, L 75). I, lch. 134), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/571 ón gComhairle an 13 Márta 2023 ena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023, L 75 I, lch. 1), agus, sa cheathrú háit, Cinneadh (CBES) 2023/811 ón gComhairle an 13 Aibreán 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023, L 101, lch. 67) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/806 ón gComhairle an 13 Aibreán 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023, L 101, lch. 1), a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis, agus, ar an taobh eile, de bhun Airteagal 268 CFAE, cúiteamh ar an damáiste a mhaíonn sé a bheith fulaingthe aige tar éis ghlacadh na ngníomhartha tosaigh.
An chuid oibríochtúil
1) |
Díbhtear an chaingean; |
2) |
Ordaítear do Roman Arkadyevich Abramovich a chostais féin a íoc agus na costais arna dtabhú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh a íoc. |
3) |
Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1692/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)