Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TA0174

    Cás T-174/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Márta 2023 – Novartis v EUIPO – AstraZeneca (BREZTREV) (Trádmharc de chuid an Aontais – Imeachtaí freasúra – Focalmharc de chuid an Aontais BREZTREV – Focalmharcanna níos luaithe de chuid an Aontais ONBREZ, DAYBREZ, BREZILIZER agus BREEZHALER – Ní dócha go mbeidh mearbhall ann – Airteagal 8(1) (b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

    IO C 164, 8.5.2023, p. 39–39 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    8.5.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 164/39


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Márta 2023 – Novartis v EUIPO – AstraZeneca (BREZTREV)

    (Cás T-174/22) (1)

    (Trádmharc de chuid an Aontais - Imeachtaí freasúra - Focalmharc de chuid an Aontais BREZTREV - Focalmharcanna níos luaithe de chuid an Aontais ONBREZ, DAYBREZ, BREZILIZER agus BREEZHALER - Ní dócha go mbeidh mearbhall ann - Airteagal 8(1) (b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

    (2023/C 164/53)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Novartis AG (Basel, an Eilvéis) (ionadaí: A. Nordemann-Schiffel, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: N. Lamsters agus T. Frydendahl, i gcáil Gníomhairí)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: AstraZeneca AB (Södertälje, an tSualainn) (ionadaithe: C. Tenkhoff agus T. Herzog, Dlíodóirí)

    Ábhar

    Leis an gcaingean de bhonn Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de chuid Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 21 Eanáir 2022 (Cás R 737/2021-2) ar neamhní.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Diúltaítear don achomharc.

    2)

    Ordaítear do Novartis AG na costais a íoc.


    (1)  IO C 207, 23.5.2022.


    Top