Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TA0102

Cás T-102/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Márta 2023 – Transgourmet Ibérica v EUIPO – Aldi (Gourmet) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “Gourmet” – Focalmharc náisiúnta níos luaithe “GOURMET” – Foras coibhneasta le neamhbhailíocht – Saintréith an trádmhairc níos luaithe – Fíorúsáid an trádmhairc níos luaithe – Cruth atá difriúil i ndúile a athraíonn sainiúlacht))

IO C 134, 17.4.2023, p. 14–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

17.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 134/14


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Márta 2023 – Transgourmet Ibérica v EUIPO – Aldi (Gourmet)

(Cás T-102/22) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhbhailíochta - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “Gourmet” - Focalmharc náisiúnta níos luaithe “GOURMET” - Foras coibhneasta le neamhbhailíocht - Saintréith an trádmhairc níos luaithe - Fíorúsáid an trádmhairc níos luaithe - Cruth atá difriúil i ndúile a athraíonn sainiúlacht))

(2023/C 134/18)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Transgourmet Ibérica, SAU (Girona, an Spáinn) (ionadaithe: C. Duch Fonoll agus I. Osinaga Lozano, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: E. Nicolás Gómez agus D. Gája, Gníomhairí)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Aldi GmbH & Co. KG (Mülheim an der Ruhr, an Ghearmáin)

Ábhar:

Lena chaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfear an Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 14 Nollaig 2021 (Cás R 862/2021-2) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Cuirtear Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 14 Nollaig 2021 (Cás R 862/2021-2) ar neamhní.

2)

Diúltaítear don chuid eile don chaingean.

3)

Ordaítear d’EUIPO a chostais féin a íoc agus na costais sin arna dtabhú ag Transgourmet Ibérica, SAU a íoc.


(1)  IO C 165, 19.4.2022.


Top