Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TA0063

    Cás T-63/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meitheamh 2023 – Brooks England v EUIPO – Brooks Sports (BROOKS ENGLAND) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar thrádmharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘BROOKS ENGLAND’ – Focalmharc níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh ‘BROOKS’ – Cúis choibhneasta le diúltú – Baol mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 40/94 [anois: Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001] – Fíor-úsáid a bhaint as an trádmharc níos luaithe – Airteagal 43(2) de Rialachán Uimh. 40/94 [anois: Airteagal 47(2) de Rialachán 2017/1001])

    IO C 261, 24.7.2023, p. 32–32 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    24.7.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 261/32


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meitheamh 2023 – Brooks England v EUIPO – Brooks Sports (BROOKS ENGLAND)

    (Cás T-63/22) (1)

    (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar thrádmharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘BROOKS ENGLAND’ - Focalmharc níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh ‘BROOKS’ - Cúis choibhneasta le diúltú - Baol mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 40/94 [anois: Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001] - Fíor-úsáid a bhaint as an trádmharc níos luaithe - Airteagal 43(2) de Rialachán Uimh. 40/94 [anois: Airteagal 47(2) de Rialachán 2017/1001])

    (2023/C 261/44)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Brooks England Ltd (Smethwick, an Ríocht Aontaithe) (ionadaithe: S. Feltrinelli agus K. Manhaeve, Dlíodóirí)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: T. Klee agus D. Gája, i gcáil Gníomhairí)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Brooks Sports, Inc. (Seattle, Washington, na Stáit Aontaithe) (ionadaithe: C. Spintig agus S. Pietzcker, Dlíodóirí)

    Ábhar

    Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go neamhneofaí an Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 22 Samhain 2021 (Cás R 2432/2020-4).

    An chuid oibríochtúil

    (1)

    Diúltaítear don chaingean.

    (2)

    Ordaítear do Brooks England Ltd na costais a íoc.


    (1)  IO C 148, 4.4.2022.


    Top