EUR-Lex Rochtain ar dhlí an Aontais Eorpaigh

Fill ar leathanach baile EUR-Lex

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

Doiciméad 62022TA0036

Cás T-36/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Márta 2023 – Romedor Pharma v EUIPO – Perfect Care Distribution (PERFECT FARMA CERVIRON) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí cúlghairme – Marc Fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “PERFECT FARMA CERVIRON” – Marc náisiúnta neamhchláraithe níos luaithe “CERVIRON” – Foras coibhneasta le neamhbhailíocht – Airteagail 8(4) agus 53(1)(c) de Rialachán (CE) 207/2009 (dá ngairtear Airteagail 8(4) agus 60(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001))

IO C 134, 17.4.2023, lch. 12-12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

17.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 134/12


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Márta 2023 – Romedor Pharma v EUIPO – Perfect Care Distribution (PERFECT FARMA CERVIRON)

(Cás T-36/22) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí cúlghairme - Marc Fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “PERFECT FARMA CERVIRON” - Marc náisiúnta neamhchláraithe níos luaithe “CERVIRON” - Foras coibhneasta le neamhbhailíocht - Airteagail 8(4) agus 53(1)(c) de Rialachán (CE) 207/2009 (dá ngairtear Airteagail 8(4) agus 60(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001))

(2023/C 134/15)

Teanga an cháis: an Rómáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Romedor Pharma SRL (Focşani, an Rómáin) (ionadaí: E.-M. Dicu, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: R. Manea agus E. Markakis, Gníomhairí)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Perfect Care Distribution SRL (Búcairist, an Rómáin) (ionadaí: R. Pop, Dlíodóir)

Ábhar:

Lena chaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfear an Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 17 Samhain 2021 (Cás R 522/2021-2) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Romedor Pharma SRL a chostais féin a íoc agus na costais sin arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a íoc;

3)

Ordaítear do Perfect Care Distribution SRL a chostais féin a íoc.


(1)  IO C 138, 28.3.2022.


Barr