Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TA0033

Cás T-33/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meitheamh 2023 – Vallegre v EUIPO – Joseph Phelps Vineyards (PORTO INSÍGNIA) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Nós imeachta freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘PORTO INSÍGNIA’ – Focalmharc níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh ‘INSIGNIA’ – Foras coibhneasta le diúltú – Riosca mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001) anois))

IO C 261, 24.7.2023, p. 30–31 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

24.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 261/30


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meitheamh 2023 – Vallegre v EUIPO – Joseph Phelps Vineyards (PORTO INSÍGNIA)

(Cás T-33/22) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Nós imeachta freasúra - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘PORTO INSÍGNIA’ - Focalmharc níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh ‘INSIGNIA’ - Foras coibhneasta le diúltú - Riosca mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001) anois))

(2023/C 261/42)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Vallegre, Vinhos do Porto, SA (Sabrosa, an Phortaingéil) (ionadaithe: E. Armero Lavia, G. Marín Raigal agus J. Oria Sousa-Montes, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: E. Nicolás Gómez, M. Eberl agus V. Ruzek, Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Joseph Phelps Vineyards LLC (St. Helena, California, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaí: S. Reinhard, Dlíodóir)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 26 Deireadh Fómhair 2021 (Cás R 894/2021-5) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Vallegre, Vinhos do Porto, SA na costais a íoc.


(1)  IO C 119, 14.3.2022.


Top