Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0722

    Cás C-722/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski gradski sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 24 Samhain 2022 – imeachtaí coiriúla

    IO C 45, 6.2.2023, p. 13–13 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    6.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 45/13


    Iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski gradski sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 24 Samhain 2022 – imeachtaí coiriúla

    (Cás C-722/22)

    (2023/C 45/21)

    Teanga an cháis: an Bhulgáiris

    An chúirt a rinne an tarchur

    Sofiyski gradski sad

    An cheist a tharchuirtear

    An bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagal 2 de Chinneadh Réime 2005/212, (1) arna léamh i gcomhar leis an tríú fleasc d’Airteagal 1 de, dlí náisiúnta a léiriú sa chaoi nár chóir feithicil earraí troma (aonad tarracóra agus leantóra) ar úsáid baill de ghrúpa coireachta eagraithe chun mórmhéideanna earraí máil (toitíní) a choimeád agus a iompar gan marcáil chánach a choigistiú mar ionstraimeacht?


    (1)  Cinneadh Réime 2005/212/CGB ón gComhairle an 24 Feabhra 2005 maidir le Fáltais, Ionstraimeachtaí agus Maoin a bhaineann le Coireacht a Choigistiú (IO 2005 L 68, lch. 49).


    Top