Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0707

    Cás C-707/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Raad van State (an Ísiltír) a taisceadh an 17 Samhain 2022 – Minister van Infrastructuur en Waterstaat v AVROTROS

    IO C 189, 30.5.2023, p. 5–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    30.5.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 189/5


    Iarraidh ar réamhrialú ón Raad van State (an Ísiltír) a taisceadh an 17 Samhain 2022 – Minister van Infrastructuur en Waterstaat v AVROTROS

    (Cás C-707/22)

    (2023/C 189/06)

    Teanga an cháis: an Olainnis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Raad van State

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: Minister van Infrastructuur en Waterstaat

    Cosantóir: AVROTROS

    Páirtithe eile: Bestuur van de Luchtverkeersleiding Nederland, Royal Schiphol Group NV/Schiphol Nederland BV

    Na ceisteanna a tharchuirtear

    1.

    a.

    Céard atá le tuiscint i dtaobh “sonraí maidir le tarluithe” agus “rúndacht iomchuí” dá dtagraítear in Airteagal 15(1) den Rialachán um Thuairisciú Tarluithe (1) agus i bhfianaise an chirt chun saoirse nochtaithe tuairime agus faisnéise atá cumhdaithe in Airteagal 11 de Chairt AE agus Airteagal 10 ECHR?

    b.

    An dtagann faisnéis chomhiomlánaithe faoi “shonraí maidir le tarluithe” dá dtagraítear in Airteagal 15(1) den Rialachán um Thuairisciú Tarluithe?

    2.

    a.

    An gcaithfear Airteagal 15(1) den Rialachán um Thuairisciú Tarluithe, i bhfianaise an chirt chun saoirse nochtaithe tuairime agus faisnéise atá cumhdaithe in Airteagal 11 de Chairt AE agus Airteagal 10 ECHR, a léiriú sa chaoi go bhfuil sé i gcomhréir le riail náisiúnta, amhail an riail atá i gceist sna príomhimeachtaí, nach féidir faisnéis a fuarthas ó tharluithe tuairiscithe a nochtadh?

    b.

    An mbaineann sin freisin le sonraí comhiomlánaithe ar tharluithe tuairiscithe?

    3.

    Más diúltach atá na freagraí ar Cheisteanna 2a agus 2b: an gceadaítear don údarás inniúil náisiúnta riail náisiúnta ghinearálta a chur i bhfeidhm maidir le nochtadh, ar riail í nach nochtfar faisnéis dá mbeadh na leasanna a bhaineann, mar shampla, leis an gcaidreamh le Stáit eile agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, le cigireacht, rialú agus faireachán ag údaráis riaracháin, le meas ar phríobháideachas agus le daoine nádúrtha agus dlítheanacha a chosc óna bheith faoi bhuntáiste agus faoi mhíbhuntáiste díréireach níos tábhachtaí ná an nochtadh?


    (1)  Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún (IO 2014 L 122, lch. 18).


    Top