EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0658
Case C-658/22: Request for a preliminary ruling from the Sąd Najwyższy (Poland) lodged on 19 October 2022
Cás C-658/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Najwyższy (an Pholainn) a taisceadh an 19 Deireadh Fómhair 2022
Cás C-658/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Najwyższy (an Pholainn) a taisceadh an 19 Deireadh Fómhair 2022
IO C 35, 30.1.2023, p. 30–31
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
30.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 35/30 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Najwyższy (an Pholainn) a taisceadh an 19 Deireadh Fómhair 2022
(Cás C-658/22)
(2023/C 35/36)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Najwyższy
Na ceisteanna a tharchuirtear:
(1) |
Ar cheart Airteagal 2, Airteagail 6(1) agus (3), agus an dara fomhír d’Airteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (“CAE”), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) agus le hAirteagal 267 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”), a léirmhíniú ar chaoi a chiallaíonn, i gcás cúirt céime deiridh de chuid Ballstáit (Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach, an Pholainn)) a n-áirítear ina comhdhéanamh daoine a ceapadh chun an phoist mar bhreitheamh agus rialacha bunúsacha dlí an Bhallstáit atá infheidhme maidir le ceapacháin bhreithiúnacha chun na Cúirte Uachtaraí á sárú, nach ionann an chúirt sin agus cúirt neamhspleách, binse neamhchlaonta a bunaíodh roimhe ré le dlí agus a thugann cosaint dlí éifeachtach do dhaoine aonair i réimsí a chumhdaítear le dlí an Aontais, i gcás ina bhfuil an méid seo a leanas i gceist leis an sárú thuasluaite:
|
(2) |
Ar cheart Airteagal 2, Airteagail 6(1) agus (3), agus an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47 den Chairt agus le hAirteagal 267 CFAE, a léiriú ar chaoi go gcuirtear cosc leo ar chur i bhfeidhm dlíthe náisiúnta den sórt sin ar nós Airteagal 29(2) agus (3), Airteagal 26(3), agus Airteagail 72(1), (2) agus (3) den Ustawa z dnia 8 grudnia 2017 r. o Sądzie Najwyższym (Dlí an 8 Nollaig 2017 maidir leis an gCúirt Uachtarach, téacs comhdhlúite: Dz. U. de 2021, ítim 154) [“an Dlí maidir leis an gCúirt Uachtarach”], a mhéid a gcuirtear cosc leis na dlíthe sin ar bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí, faoi phionós araíonachta an dífhostaithe, cinneadh nó measúnú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht ceapacháin breithimh nó ar an údarás a bheidh aige nó aici mar thoradh air sin chun cúraimí breithiúnacha a chomhlíonadh chomh maith le measúnú a dhéanamh i dtéarmaí substainteacha ar thairiscintí chun breitheamh a eisiamh ar na forais sin, ag glacadh leis go mbeadh údar maith leis an toirmeasc sin toisc gur ghá don Aontas féiniúlacht bhunreachtúil na mBallstát a urramú? |
(3) |
Ar cheart Airteagal 2 agus Airteagail 4(2) agus (3) CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 19 CAE agus le hAirteagal 267 CFAE, a léirmhíniú ar chaoi a chiallaíonn nach féidir le breithiúnas ó chúirt bhunreachtúil de chuid Ballstáit (Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil, an Pholainn) ina ndearbhaítear nach bhfuil rialú ón gcúirt céime deiridh náisiúnta (an Chúirt Uachtarach) ag luí le Bunreacht Phoblacht na Polainne, a bheith ina chonstaic ar neamhspleáchas cúirte a mheasúnú agus ar chinneadh an binse í, arna bhunú le dlí de réir bhrí dhlí an Aontais Eorpaigh, cúirt, ós rud é, ina theannta sin, go raibh sé d’aidhm ag rialú na Cúirte Uachtaraí breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme ar chaoi nach dtabharfaí, le forálacha Bhunreacht Phoblacht na Polainne ná leis na dlíthe is infheidhme (dlíthe náisiúnta), an inniúlacht don Chúirt Bhunreachtúil athbhreithniú a dhéanamh ar rialuithe breithiúnacha, lena n-áirítear rúin lena réitítear neamhréireachtaí i léirmhíniú dlíthe arna nglacadh de bhun Airteagal 83 den [Dlí maidir leis an gCúirt Uachtarach] agus, ina theannta sin, ós rud é nach binse arna bhunú le dlí í, de réir bhrí Airteagal 6(1) den Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, an Chúirt Bhunreachtúil, de bharr an mhodha ina bhfuil sí comhdhéanta faoi láthair (U. de 1993, Uimh. 61, mír 284, arna leasú)? |