Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0649

    Cás C-649/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Superior de Justicia del País Vasco (an Spáinn) an 14 Deireadh Fómhair 2022 – XXX v Randstad Empleo SA, Serveo Servicios SA, Axa Seguros Generales SA de Seguros y Reaseguros

    IO C 112, 27.3.2023, p. 14–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    27.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 112/14


    Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Superior de Justicia del País Vasco (an Spáinn) an 14 Deireadh Fómhair 2022 – XXX v Randstad Empleo SA, Serveo Servicios SA, Axa Seguros Generales SA de Seguros y Reaseguros

    (Cás C-649/22)

    (2023/C 112/18)

    Teanga an cháis: an Spáinnis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Tribunal Superior de Justicia del País Vasco

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: XXX

    Cosantóirí: Randstad Empleo SA, Serveo Servicios SA, Axa Seguros Generales SA de Seguros y Reaseguros

    An cheist a tharchuirtear

    An gcaithfear Airteagail 20 agus 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagal 2 CAE agus Airteagail 3(f) agus 5 de Threoir 2008/104 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar léiriú ón gcásdlí ar reachtaíocht de chuid na Spáinne ar dá réir go n-eisiatar ón gcoincheap “bunchoinníollacha oibre agus fostaíochta” cúiteamh d’oibrí gníomhaireachta sealadach ar foirceannadh a chonradh nuair a dearbhaíodh go raibh buaneasláine ceirde iomlán air mar thoradh ar thionóisc ceirde a tharla ag an ngnóthas a bhí ag baint úsáid as a chuid seirbhísí?


    (1)  Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach (IO 2008 L 327, lch. 9).


    Top