EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0643

Cás C-643/22: Iarraidh ar réámhrialú ó Rechtbank Gelderland (an Ísiltír) a taisceadh an 12 Deireadh Fómhair 2022 – Stichting BPL Pensioen v Inspecteur van de Belastingdienst Utrecht

IO C 35, 30.1.2023, p. 27–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

30.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 35/27


Iarraidh ar réámhrialú ó Rechtbank Gelderland (an Ísiltír) a taisceadh an 12 Deireadh Fómhair 2022 – Stichting BPL Pensioen v Inspecteur van de Belastingdienst Utrecht

(Cás C-643/22)

(2023/C 35/32)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Rechtbank Gelderland

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Stichting BPL Pensioen

Cosantóir: Inspecteur van de Belastingdienst Utrecht

An cheist a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 135(1)(g) den Treoir maidir le CBL (1) a léiriú sa chaoi go bhféadfaí a mheas go bhfuil riosca infheistíochta i gceist do shealbhóirí i gciste pinsin amhail an ciste pinsin sna príomhimeachtaí, agus an gciallaíonn sé sin gurb ionann an ciste pinsin agus “ciste infheistíochta speisialta” de réir bhrí na forála sin? An mbaineann a leanas le hábhar:

cé acu an bhfuil riosca infheistíochta aonair i gceist do na sealbhóirí nó nach bhfuil nó an leor gur ar na sealbhóirí aonad go comhchoiteann agus ní ar aon duine eile na hiarmhairtí a bhaineann le torthaí na hinfheistíochta?

méid an riosca chomhchoitinn nó aonair?

a mhéid a bhaineann fachtóirí eile, amhail an líon blianta pinsin arna dhéanamh, an méid tuarastail agus an fachtóir lascaine, le méid an tsochair pinsin?


(1)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1).


Top