EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0608

Cás C-608/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 22 Meán Fómhair 2022 – AH

IO C 15, 16.1.2023, p. 23–24 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

16.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 15/23


Iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 22 Meán Fómhair 2022 – AH

(Cás C-608/22)

(2023/C 15/25)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir ar phointe dlí: AH

Údarás is freagróir: Bundesamt für Fremdenwesen und Asyl (BFA)

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear a mheas go bhfuil carnadh beart arna nglacadh, arna dtacú nó arna gcur suas leo i Stát ag gníomhaí rialtais de facto agus arb é atá iontu go háirithe, maidir le mná,

go ndiúltaítear dóibh a bheith rannpháirteach in oifig pholaitiúil agus i bpróisis chinnteoireachta polaitiúla,

nach gcuirtear aon mhodh dlíthiúil ar fáil dóibh chun cosaint a fháil ar fhoréigean inscnebhunaithe agus ar fhoréigean baile,

go bhfuil siad go ginearálta i mbaol póstaí éigeantais; cé go bhfuil siad toirmiscthe ag gníomhaí rialtais de facto, ní thugtar cosaint éifeachtach do mhná i gcoinne póstaí éigeantais agus uaireanta déantar póstaí den sórt sin le rannpháirtíocht gníomhaithe rialtais de facto ar an eolas gur pósadh éigeantais é,

nach bhfuil cead acu oibriú i bhfostaíocht shochrach nó nach gceadaítear dóibh déanamh amhlaidh ach go pointe teoranta, sa bhaile go príomha,

go bhfuil deacrachtaí acu rochtain a fháil ar saoráidí sláinte,

go ndiúltaítear rochtain dóibh ar oideachas (mar shampla trí oideachas bunscoile amháin a cheadú do chailíní) go hiomlán nó den chuid is mó,

nach bhfuil cead acu a bheith amuigh nó bogadh thart go poiblí gan fear a bheith in éineacht leo (a chaithfidh caidreamh teaghlaigh áirithe a bheith aige leo) nó, ar a mhéad, nach bhfuil cead acu é sin a dhéanamh ach achar áirithe ón mbaile,

go gcaithfidh siad a gcorp agus a n-aghaidheanna a chlúdach go hiomlán go poiblí,

nach féidir leo páirt a ghlacadh in aon spóirt,

i gcomhréir le hAirteagal 9(1)(b) de Threoir 2011/95/AE (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosanta coimhdí, agus inneachar na cosanta a thugtar (athmhúnlú), dian go leor chun go ndéanfaidh siad difear do bhean ar an gcaoi a leagtar síos in Airteagal 9(1)(a) den Treoir sin?

2.

An leor, chun stádas tearmainn a dheonú, go ndéanann na bearta sin sa tír thionscnaimh difear do bhean ar bhonn a hinscne amháin, nó an bhfuil sé riachtanach measúnú a dhéanamh ar a cás aonair d’fhonn a chinneadh an ndéanann na bearta sin – atá le cur san áireamh ina n-iomláine – difear de réir bhrí Airteagal 9(1)(b) de Threoir 2011/95/AE?


(1)  IO 2011 L 337, lch. 9.


Top